Fearghas Mór
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 haois |
Bás | 501 |
Liosta Ríthe Dhál Riada | |
500 – 503 ← bunú – Domhanghart Réite → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Domhanghart Réite |
Athair | Erc Dhál Riada |
Siblín | Loarn mac Eirc |
- Gan bheith measctha leis an Rí seanscéalach, Fergus (fl. 330 BC), féach Fergus I (seanscéalach).
Rí seanscéalach Dhál Riada ba ea Fearghas Mór mac Eirc (Sean-Ghaeilge Fergus Mór mac Eirc). Earc Dhál Riada ba ea a athair.
Cé gur féidir a chuid staire a phlé, níl aon amhras ann faoina thábhacht i leith mhiotas bunaithe na hAlban. Maíonn rialtóirí na hAlban ó Cináed mac Ailpín go dtí an lá atá inniu ann gur de shliocht Fhearghais Mhóir iad.
Luath-fhoinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faightear sa taifead stairiúil, dá laghad é, ach iontráil amháin i nAnnála Tiarnaigh, don bhliain 501, a deir:
- Fergus Mor mac Earca cum gente Dal Riada partem Britaniae tenuit, et ibi mortuus est. (Ghlac Fearghas Mór mac Eirc, le muintir Dháil Riata, cuid den Bhreatain, agus fuair sé bás ann.)
Is ainmneacha níos deireanaí iad ámh, idir Fergus, Erc agus Dál Riata, scríofa síos tamall fada tar éis na 6ú haoise. Cé go molann na hannála go ndearna na Gaeil ó Éirinn ionsaí ar Albain (Earra-Ghàidheal), ní mheastar inniu gur fíor iad.[1]
Faightear ginealach Fearghasa i liostaí ríthe Dáil Riata agus na hAlban, mar shampla i Seanchas Fear Alban agus sa Duan Albanach. Deir an Seanchas gur glaodh Mac Nisse Mór ar Fhearghas. Téann na foinsí seo siar is dócha go dtí na 10ú agus 11ú haoiseanna faoi seach, tuairim is 20 nó 30 glúin i ndiaidh saol Fearghasa mar a bheadh.
Sa Seanchas agus sa Duan, deirtear gurbh é Etc mac Eochach Muinremuir athair Fhearghasa. Tugtar i liosta Meán-Ghaeilge ríthe na hAlban[2] ginealach fada Fearghasa :
- [Fergus] m. h-Eircc m. Echdach Muinremuir m. Óengusa Fir m. Feideilmid m. Óengusa m. Feideilmid m. Cormaicc, agus sé ghlúin is daichead sa bhreis.[3]
Cé go tugann na hannála úd fianaise a thacaíonn le tábhacht Fhearghasa sa mheánaois, ní hionann sin agus fianaise dá shaol stairiúil. Le fírinne, níl ach trácht ar rí amháin na hAlban ón 6ú haois as lua na linne, Ceretic of Alt Clut, agus breathnaíonn sin fiú ar ghluais níos deireanaí sa Litir chuig Coroticus le Naomh Pádraig. I measc na chéad ríthe Dáil Riada a bhfuiltear sáchchinnte gur stairiúil iad, tá garmhic Fhearghasa, Gabhrán agus Comhghall, mhic Dhomhanghairt, nó b'fhéidir a fhionnó, Aodhán mac Gabhráin.
Creideann roinnt daoine gur mhaígh Fearghas gur de shliocht Rí Artúir King é, ach molann an staraí John Morris ina ionad sin gur tugadh cead d'Fhearghas lonnú in Albain, mar cónaidhmeach Artúir, ina sciath chosanta in aghaidh na gCruithneach.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Gofraid mac Fergusa, pearsa a moltar gur mac Fearghasa é
- Clan Fergusson, Kilkerran House, Earra Gael, Alba
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Broun, Dauvit, "Dál Riata" in Michael Lynch (ed.), The Oxford Companion to Scottish History. Oxford UP, Oxford, 2001. ISBN 0-19-211696-7
- Campbell, Ewan, "Were the Scots Irish?" in Antiquity, 75 (2001), ll. 285–292.
- Foster, Sally M., Picts, Gaels, and Scots: Early Historic Scotland. Birlinn, Dún Éadain, 2014. ISBN 978-1-78027-191-0
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- CELT: Corpus of Electronic Texts ar Coláiste na hOllscoile, Corcaigh:
- George Buchanan, Rerum Scoticarum Historia; James Aikman (aistr.) ar Google Books
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "[S]tories of Dalriadic origins cannot be held to be worthy of acceptance as history", Sally Foster, Picts, Gaels and Scots, lch. 4, ag lua David Dumville. Féach freisin "Were the Scots Irish?" le hEwan Campbell.
- ↑ lua de dhíth
- ↑ Roinntear an leathchuid de ginideach Fearghasa le Seanán mac Gerrgenn, mar a insítear sa scéal Betha Shenáin meic Geirginn i Leabhar Leasa Mhóir; cf Rawlinson B 502 ¶1696 Genelach Ríg n-Alban agus Betha Shenáin, ag líne 1792 ff.
Réamhtheachtaí Loarn mac Eirc |
Ríthe Dáil Riada anaithnid |
Comharba Domangart mac Ferguso |