Fásra forchéime

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Coill Fagedà, sa Chatalóin, sampla de fhásra forchéime

Is é atá i gceist le fásra forchéime ainm luibheolaíochta ar an staid dheireanach de phlandaí ar leanúint gan suaitheadh. Nuair is í an aeráid is mó a chinneann an fásra, forchéim aeráide a tharlaíonn. In an-chuid réigiún ar Domhan, crainn a bhíonn ceannasach sa bhforchéim aeráide: foraoisí trópaiceacha báistí sna trópaicí taise, coillearnach duillsilteach i ndomhanleithid mheasartha. Ní ghlactar go hiomlán leis an gcoincheap seo, mar is féidir go dtagann fachtóirí eile san áireamh i gcomhar leis an aeráid, na hithreacha is na hairdí, mar shampla.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fásra forchéime". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 256.