Europa (gealach)
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. |
Europa | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
Cineál | gealach de chuid Iúpatair agus gnáthghealach | ||||||
Fionnachtaí | Galileo Galilei Simon Marius | ||||||
Dáta fionnachtana | 8 Eanáir 1610, Ollscoil Padua | ||||||
Eapainm | Europa | ||||||
Réad tuismitheora | Iúpatar | ||||||
Sonraí fithiseacha | |||||||
Apaipsis | 676,938 km | ||||||
Pearaipsis | 664,862 km | ||||||
Ais mhór a | 671,100 km | ||||||
Éalárnacht e | 0.009 | ||||||
Tréimhse fhithiseach P | 3.551 d | ||||||
Claonadh i | 0.47 ° ↔ Iúpatar | ||||||
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |||||||
Ga | 1,560.8 km | ||||||
Méid dhealraitheach (V) | 5.29 (banda V) | ||||||
Mais | 47.986 Yg[1] | ||||||
Meándlús | 3.013 g/cm³ | ||||||
Imtharraingt dromchla | 1.314 m/s² | ||||||
Ailbéideacht | 0.64 | ||||||
Teocht an dromchla |
| ||||||
Cuid de | Gealacha Galileo | ||||||
Le cuid |
Gealach de chuid Iúpatair í Europa, agus í ar an seachtú satailít is cóngaraí don phláinéad sin. Ceann de Ghealacha Galileo atá ann, is é sin, na gealacha a d'aithin Galileo Galilei roimh aon duine eile sa bhliain 1610. Is í Europa an ceann is lú den cheathrar seo.
Tá sé de chuma ar Europa nach bhfuil ann ach liathróid oighir, ach le fírinne, creideann na saineolaithe go bhfuil fórsaí imtharraingthe Iúpatair agus na ngealach eile ag coinneáil an uisce leáite faoi dhromchla na gealaí seo, ionas gur féidir go bhfuil farraige iomlán istigh ansin. Táthar ag déanamh, fiú, go bhféadfadh miocrorgánaigh a bheith beo san fharraige sin.
Fuair Europa a hainm ó Simon Marius, an réalteolaí Gearmánach a thug le fios gurbh eisean, seachas Galileo, ba thúisce a chonaic an ghealach. Ní raibh na réalteolaithe sásta na hainmneacha a thug Marius ar na gealacha a úsáid, agus ar feadh i bhfad, thugaidís "Iúpatar a Dó" ar Europa, agus iad ag baint úsáide as córas ainmnithe na ngealach a bhí céadcheaptha ag Galileo féin. Mar sin, níor éirigh "Europa" coitianta mar ainm ach san fhichiú haois.
Tá Europa ainmnithe as "Europa", iníon Agenor i miotaseolaíocht na Gréige. B'é rí na Tíre é, mar Agenor. Seanchathair Fhéiníceach í an Tír atá suite i Liobáin an lae inniu. Deirfiúir le Cadmus ab ea Europa freisin - b'é Cadmus a bhunaigh an Téib sa Ghréig.
Tá réigiún ar Europa atá ainmnithe as Conamara in Éirinn - Conamara Chaos. Is é is brí le chaos sa chomhthéacs seo ná réigiún a bhfuil cuma anordúil (chaotic) air.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ URL tagartha: https://ssd.jpl.nasa.gov/?sat_phys_par. Dáta rochtana: 5 Meán Fómhair 2020.
- ↑ URL tagartha: https://archive.org/details/encyclopediaofso0000unse_m0r6/page/432. ISBN-13: 978-0-12-226805-2.