Jump to content

Eoghan Rua Ó Súilleabháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Eoghan Ó Súilleabháin)
Infotaula de personaEoghan Rua Ó Súilleabháin
Beathaisnéis
Breithc. 1748
Na Mínteoga Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Meitheamh 1784
35/36 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

File as Ciarraí ab ea Eoghan Rua Ó Súilleabháin (174829 Meitheamh 1784).

Rugadh Eoghan Rua in aice le Cill Airne agus a fuair a chuid oideachais i scoil scairte. Bhí sé ina mhúinteoir i nGníomh go Leith, ach b'éigean dó imeacht leis mar gheall ar eachtra náireach éigin. Chaith sé tamall ar muir i gcabhlach na Breataine, tamall ina spailpín agus ina mhúinteoir do chlann Nagle i Mainistir Fhear Maí. Chaith sé tamall chomh maith mar shaighdiúir i Sasana. Bhunaigh sé scoil i gCnoc na Rí. Gortaíodh é tar éis dó aor a scríobh faoin gCornal Cronin agus fuair bás den bhfiabhras go gearr ina dhiaidh sin. Bhí an-cháil air lena linn féin mar fhile agus tugadh 'Eoghan an Bhéil Bhinn' air. Chleachtaigh sé an aisling i measc cineálacha eile filíochta.

Mhaigh Diarmaid Ó Súilleabháin gur fhoghlaim sé an-chuid Gaeilge as saothar Eoghain Ruaidhe.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Dubhghlas de hÍde, Amhráin Grádh Chúige Chonnacht (BÁC, 1903)
  • Patrick S. Dinneen, Amhráin Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin (BÁC, 1901)

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]