Eochaidh mac Connla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEochaidh mac Connla
Beathaisnéis
Bás553 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
AthairCondlae mac Cóelbad

Rí na nUladh den Dál nAraidi ba ea Eochaidh mac Connla (Sean-Ghaeilge Eochaid mac Condlai) (bás 553)[1][2] Rí Dhál Araidi ba ea a athair, Connla mac Caolbhadha, agus Ard-Rí agus Rí na nUlad, Caolbhadh mac Croinn Dhá Dhraoi a sheanathair.[3][4] Ba bhall é de rítheaghlach an Dáil Araidi darbh ainm Uí Chóelbad, bunaithe i Magh Line, taobh ó thoir de bhaile Aontroma.

Bhí an Dál Fiatach i gceannas san Ulaid ó dheireadh na 5ú haoise, agus ba é Eochaidh an chéad rí Ulad dá chlann ó aimsir a sheanathar. De réir na ríliostaí sa Leabhar Laighneach, tháinig sé i gcomharbacht ar a uncail Fíachna Lonn mac Cóelbad mar rí an Dáil Araidi; agus ar Chaireall mac Muireadaigh Muindhearg den Dál Fiatach mar rí na nUlad. Bhí sé i réim ó 532 go 553.[5]

B'fhéidir é gur rí an Dáil Araidi é a mhac Baotán Caoch, a bhí féin athair rí na nUlad, Fiachna mac Baotáin (bás 626).

De réir na hannála, sinsear chlann Uí Eachach ba ea Eochaidh. Ní fhaightear ámh fianaise a thugann tacaíocht don tuairim seo sa ghinealaigh i Rawlinson 502.[6] Is dócha go bhfuil an dreama úd síolraithe ó dheartháir Chaolbhadha (sheanathair Eochach), ar a glaodh Eochu.[7]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Annála Uladh, AU 553.1
  2. Annála Tiarnaigh, AT 552.1
  3. Byrne, Tábla 7; Charles-Edwards, aguisín XXII
  4. Mac Niocaill, lch. 87
  5. Sa Leabhar Laighneach agus Sioncronachtaí Laud, tá réimse 20 bliain aige
  6. Ireland's History in maps IHM
  7. Charles-Edwards, Aguisín XXII; Byrne, Tábla 7