Elly Schlein

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaElly Schlein

(2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(it) Elena Ethel Schlein
4 Bealtaine 1985
38 bliana d'aois
Lugano, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Rúnaí an Pháirtí Dhaonlathaigh
12 Márta 2023 –
← Enrico Letta
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: An Páirtí Daonlathach

1 Iúil 2014 – 1 Iúil 2019
Téarma parlaiminte: Ochtú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: North-East Italy (en) Aistrigh

Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachGiúdaigh Iodálacha
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Bhologna
Liceo Cantonale di Lugano (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Iodáilis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Strasbourg
An Bhruiséil Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, blagálaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaComhaontas Glas na hIodáile (2020–)
Possible (en) Aistrigh (2015–2019)
An Páirtí Daonlathach (2013–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis agus Béarla
Teaghlach
AthairMelvin Robert Schlein  agus Maria Paola Viviani Schlein
SiblínBenjamin Schlein agus Susanna Schlein

Suíomh gréasáinellyschlein.it Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm11732629 Rottentomatoes: celebrity/elly_schlein
Facebook: ellyschlein1 Twitter: ellyesse Instagram: ellyesse Youtube: UCEraBLSypzPADm7TdoOmIYw Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Iodálach í Elena Ethel "Elly" Schlein (rugadh 4 Bealtaine 1985) agus is rúnaí tofa í de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh (PD).(Partito Democratico) Tá sí ina ball de Theach na dTeachtaí (Camera dei deputati) san Iodáil agus roimhe seo bhí sí ina leasuachtarán ar Emilia-Romagna agus ina Feisire de Pharlaimint na hEorpa. Gan choinne, i mí Feabhra 2023, toghadh í mar rúnaí nua an PD.[1]

Luathshaol agus oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Elena Ethel Schlein ar an 4 Bealtaine 1985 i Sorengo, san Eilvéis.[2][3] Is eolaí acadúil agus polaitiúil de shliocht na nGiúdach Aisceanazaíoch é a hathair, Melvin Schlein.[3][4] Tá a máthair, Maria Paola Viviani, ina hollamh le dlí poiblí comparáideach in Ollscoil Insubria..[5] Ar dtús, ba é Schleyen sloinne a seanathar; tar éis dó Ellis Island a bhaint amach, d'athraigh sé é go Schlein ina dhiaidh sin.[3] Ba é an polaiteoir de chuid Pháirtí Sóisialach na hIodáile Agostino Viviani a seanathair ar thaobh a máthar.[6] Ba as Zhovkva a sinsear athartha, agus iad suite san Úcráin anois.[3]

Níos déanaí ina saol, bhog Schlein go Bologna.[7] Bhain sí céim amach sa Dlí in Ollscoil Bhologna sa bhliain 2011, ag plé tráchtas ar an Dhlí Bunreachtúil.[5]

Gairmréim pholaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtús, 2008–2013[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2008 agus 2012, rinne Schlein obair dheonach ar dhá fheachtas uachtaránachta Barack Obama sna Stáit Aontaithe.[7] In 2011, bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí an chumainn mac léinn ollscoile ar a dtugtar Progrè, cumann a dhéileáil le tuairimí an phobail a dhoimhniú agus a íogrú ar shaincheisteanna a bhain le beartais imirce agus réaltacht an phríosúin.[8]

I mí Aibreáin 2013, fuair Romano Prodi, iar-Phríomh-Aire na hIodáile agus uachtarán an Pháirtí Daonlathaigh (PD) (Partito Democratico, PD), tacaíocht níos lú ná 100 toghthóir comhrialtas lár-chlé agus d’éirigh sé as feachtas toghcháin uachtaránachta na hIodáile 2013. Mar fhreagra, thug Schlein saol don fheachtas slógtha ar a dtugtar #OccupyPD, a cháin iad siúd a bhí taobh thiar de chailliúint Phrodi agus a chuir i gcoinne ollchomhrialtais a chur ar bun, sé sin Comh-aireacht Letta .[9] Le linn thoghchán ceannaireachta PD 2013 ar an 8 Nollaig, thug Schlein a tacaíocht do Giuseppe Civati, a tháinig sa tríú háit.[10]


Feisire de Pharlaimint na hEorpa, 2014–2019

I mí Feabhra 2014, sheas Schlein leis an PD le haghaidh suíochán i bParlaimint na hEorpa i dtoghcheantar an Oirthuaiscirt. I dtoghchán Pharlaimint na hEorpa 2014 san Iodáil, toghadh chuig Parlaimint na hEorpa í.[11] D’fhreastal sí ar Choiste Forbartha Pharlaimint na hEorpa[12] .Chomh maith lena tascanna coiste, bhí sí mar chuid de thoscaireacht na parlaiminte ar Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh-na hAlbáine.[12]

I mí na Bealtaine 2015, d'fhógair Schlein trí theachtaireacht ar Facebook go raibh sí ag fágáil an PD, agus í i mbun easaontais dhomhain le seasamh nua polaitíochta an pháirtí curtha i bhfeidhm ag rúnaí an pháirtí agus príomh- aire na hIodáile Matteo Renzi, agus chuaigh sí isteach in Possibile, an páirtí a bhunaigh Civati.[13] I mí Aibreáin 2019, d'fhógair Schlein go raibh sé ar intinn aici gan seasamh i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa 2019 san Iodáil..[14]

Leas-Uachtarán Emilia-Romagna, 2020 -2022[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtoghchán réigiúnach Emilia - Romagna 2020 an 26 Eanáir, rith Schlein mar iarrthóir ar bhall de chomhairle réigiúnach Emilia-Romagna mar chuid de chomhghuaillíocht toghcháin den eite chlé darb ainm Emilia - Romagna Éiceolaí Misniúil agus Forásach.[15][16] Toghadh í trí níos mó ná 22,000 vóta a bhaint amach, agus í ar an gcomhairleoir is mó a vótáladh i stair réigiúnach, agus cheap Stefano Bonaccini í mar leasuachtarán ina dhiaidh sin.[17][18][19] I mí Feabhra 2020, thairg rúnaí an PD, Nicola Zingaretti, áit uachtaránachta an pháirtí do Schlein a d'fhág Paolo Gentiloni folamh..[7]

Olltoghchán 2022 agus ceannaireacht an Pháirtí Dhaonlathaigh ar siúl[cuir in eagar | athraigh foinse]

An 26 Meán Fómhair, bhí Schlein ina hiarrthóir in olltoghchán na hIodáile 2022, agus toghadh ina dhiaidh sin í chuig Teach na dTeachtaí (Camera dei deputati).[20][21] Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, tar éis do Letta éirí as a phost mar cheannaire an PD, d'fhógair Schlein go seasfadh sí i d toghchán ceannaireachta an PD 2023.[22] Gan choinne,[23] den chéad uair i dtoghcháin cheannaireachta an pháirtí, sháraigh Schlein an dara háit sa toghchán tosaigh dúnta,[24] tríd an toghchán tosaigh oscailte a bhaint amach an 26 Feabhra 2023,[25] when she was successfully elected ahead of Stefano Bonaccini,[26][27] nuair a toghadh í chun tosaigh ar Stefano Bonaccini, agus rinneadh an chéad cheannaire ban ar an PD di, chomh maith leis an duine is óige,[28] ó bhunaíodh an páirtí in 2007.[29] Le linn a dul chun cinn sa pháirtí, tá sí curtha i gcomparáid le hAlexandria Ocasio - Cortez, ó Theach na hIonadaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá .[30]

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Feabhra 2020, thug Schlein le fios go raibh sí dhéghnéasach.[31][32][33] Déanann sí cur síos uirthi féin mar bhean dhéghnéasach, fheimineach, agus fhorásach.[34] I mí na Nollag 2022, scrios coirloisceoirí carr a d'úsáid a deirfiúr, Susanna Schlein, taidhleoir gairme a bhí ag obair san Aithin, ag spreagadh phríomh-aire reatha na hIodáile Giorgia Meloni chun a “imní as cuimse” a chur in iúl.[35]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Chi è Elly Schlein, la nuova segretaria del PD” (it-IT). Il Post (2023-02-26). Dáta rochtana: 2023-02-27.
  2. Differenze e convergenze. Il confronto tra i sostenitori di Bonaccini e Schlein” (it). newsrimini (2023-02-23). Dáta rochtana: 2023-02-26.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Cazzullo (2023-02-18). “Elly Schlein: O il Pd cambia o è finita. Io non ho nulla da perdere e per questo vincerò” (it-IT). Corriere della Sera. Dáta rochtana: 2023-02-26.
  4. Sbaffi (12 February 2020). “Sapevi che Elly Schlein ha frequentato il DAMS? Tutto sulla giovane politica” (it-IT). Donna Glamour. Dáta rochtana: 4 October 2022.
  5. 5.0 5.1 Civati (17 May 2014). “L'isola di Elly” (it). ciwati. Dáta rochtana: 26 February 2023.
  6. Salati (4 February 2020). “Il dubbio: Agostino Viviani, l'avvocato che sfidò le toghe. E perse… – Elly Schlein” (it-IT). Elly Schlein. Dáta rochtana: 4 October 2022.
  7. 7.0 7.1 7.2 Sciorilli Borrelli (2020-02-13). “Meet the Italian left's rising star” (en-US). Politico. Dáta rochtana: 2023-02-26.
  8. Chi siamo” (it). progre (16 November 2012). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 May 2014. Dáta rochtana: 26 February 2023.
  9. #Occupypd, sedi di partito occupate dai giovani del Pd” (it). Corriere della Sera. Dáta rochtana: 2023-02-26.
  10. "Elly Schlein, Civati segretario per il cambiamento: 'Il PD ha sbagliato tutto dopo le primarie'" (it). BolognaToday (3 December 2013).
  11. Europee, parla la civatiana Elly Schlein: "Vince il Pd, ma serve riflessione sul governo"”. L'Espresso (22 May 2014). Dáta rochtana: 13 April 2019.
  12. 12.0 12.1 Elly Schlein”. European Parliament. Dáta rochtana: 26 February 2023.
  13. Capelli (9 May 2015). “Elly Schlein: "Volevo riportare Prodi nel Pd ma ora non sopporto più le troppe scelte di destra"”. La Repubblica. Dáta rochtana: 13 April 2019.
  14. Testa (12 April 2019). “Schlein: "Europarlamento addio, ecco perchè non mi ricandido"”. La Repubblica. Dáta rochtana: 13 April 2019.
  15. Fornasini (2019-12-27). “Regionali, maratona per il deposito delle liste” (it-IT). estense. Dáta rochtana: 2023-02-26.
  16. Inaugurato il comitato di 'Emilia Romagna Coraggiosa': "Al centro ambiente e lavoro"” (it). RavennaToday (28 November 2019). Dáta rochtana: 2023-02-26.
  17. Laino (2020-01-27). “Elly Schlein è la candidata più votata nella storia delle elezioni in Emilia-Romagna” (it-IT). Giornalettismo. Dáta rochtana: 2023-02-26.
  18. Gagliardi (2020-01-29). “Elly Schlein, l'outsider di sinistra più votata in Emilia Romagna” (it). Il Sole 24 ORE. Dáta rochtana: 2023-02-26.
  19. Emilia-Romagna, la nuova vicepresidente della Regione è Elly Schlein” (it). la Repubblica (2020-02-11). Dáta rochtana: 2023-02-26.
  20. Parlamentari eletti alle politiche in Emilia Romagna: chi sono” (it). il Resto del Carlino (2022-09-27). Dáta rochtana: 2023-02-26.
  21. XIX Legislatura - Deputati e Organi - Scheda deputato - SCHLEIN Elly” (it). Camera dei deputati. Dáta rochtana: 2023-02-26.
  22. Elly Schlein ha fatto capire che vuole candidarsi alla segreteria del PD” (it-IT). Il Post (2022-11-11). Dáta rochtana: 2023-02-26.
  23. In surprise result, Italy's left picks Elly Schlein to rebuild party”. Dáta rochtana: 27 February 2023.
  24. Stefano Bonaccini ed Elly Schlein sono i due candidati alla segreteria del PD” (it-IT). Il Post (2023-02-20). Dáta rochtana: 2023-02-27.
  25. Elly Schlein nuova segretaria, il Pd svolta a sinistra: «Saremo un problema per il governo»” (it). www.ilmattino.it (2023-02-26). Dáta rochtana: 2023-02-27.
  26. Nova (2023-02-26). “Elly Schlein è la nuova segretaria del Partito democratico” (it-IT). Agenzia Nova. Dáta rochtana: 2023-02-26.
  27. Chi è Elly Schlein, la nuova segretaria del PD” (it-IT). Il Post (2023-02-26). Dáta rochtana: 2023-02-26.
  28. Chi è Elly Schlein, la nuova segretaria del Pd e prima donna a guidare il partito” (it). Fanpage. Dáta rochtana: 2023-02-27.
  29. "Schlein first female leader of the Democratic Party, today the handover" (en-us). Italy 24 Press News (2023-02-27). Dáta rochtana: 2023-02-27.
  30. Giuffrida (2023-02-27). "Elly Schlein voted leader of Italy’s most important leftwing party in surprise win" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-02-27.
  31. Zincone (21 February 2020). “Elly Schlein, amori bisex e la politica per caso: «Ma io sognavo il cinema»” (it). Corriere della Sera. Dáta rochtana: 4 October 2022.
  32. Il coming out di Elly Schlein è perfetto perché non esiste un coming out perfetto” (it-IT). Gaypost.it (2020-02-14). Dáta rochtana: 2023-02-27.
  33. "Elly Schlein, una donna queer candidata alla segreteria PD - Gay.it" (it-IT). Gay.it. Dáta rochtana: 2023-02-27.
  34. Elly Schlein è la prima donna alla guida del Pd: "Bisessuale, femminista e progressista" - Luce” (it-IT) (2023-02-26). Dáta rochtana: 2023-02-27.
  35. Stamouli (2022-12-02). “Italian diplomat's car torched in Athens” (en-US). Politico. Dáta rochtana: 2023-02-26.

Léitheoireacht bhreise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]