Edith Cavell
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (en) Edith Louisa Cavell 4 Nollaig 1865 Swardeston, England |
| Bás | 12 Deireadh Fómhair 1915 49 bliana d'aois Schaerbeek, An Bheilg |
| Siocair bháis | Pionós an bháis (Tráma balaistíoch) |
| Áit adhlactha | Ard-Eaglais Norwich |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | Anglacánachas |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Norwich High School for Girls (en) |
| Teanga dhúchais | Béarla |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | altra, mátrún, máistreás |
| Fostóir | Ospidéal Ríoga Londan Ospidéal St. Leonard International Red Cross and Red Crescent Movement (en) |
| Teangacha | Béarla agus an Fhraincis |
| Gairm mhíleata | |
| Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda |
| Ardú | |
| Lá féile | 12 Deireadh Fómhair |
| Eile | |
| Ciontaíodh i | tréas (1915) |
| Suíomh gréasáin | edithcavell.org.uk |
Rugadh Edith Louisa Cavell an 4 Nollaig 1865 in Swardeston, Norfolk Shasana agus chuir scuad lámhaigh chun báis í an 12 Deireadh Fómhair 1915 sa Bhruiséil. Banaltra Shasanach a bhí inti, a chabhraigh le breis is 200 príosúnaigh cogaidh, ó Shasana, ón bhFrainc agus ón mBeilg, éalú go dtí an Ísiltír neodrach. Ghabh na Gearmánaigh an 5 Deireadh Fómhair 1915 í, agus dhaor chun báis í mar spíodóir agus as "coir a dhein dochar d'fhórsaí armtha na Gearmáine" ("Verbrechens zum Schaden für die deutschen Streitkräfte“).
Bhí tionchar ag a bás ar Éirinn: cáineadh na Gearmánaigh chomh mór sin i Sasana, as bean a chur chun báis, gur dheacair dóibh féin an Chúntaois Constance Markiewicz a chur chun báis as a páirt in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, sé mhí tar éis bhás Edith Cavell.