Eachtra Niemba, 1960

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtEachtra Niemba, 1960
Cineálcoinbhleacht Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deGéarchéim an Chongó Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana8 Samhain 1960 Cuir in eagar ar Wikidata


Saigdhdiúirí de chuid na NA i Niemba, 1961
Óglaigh Baluba sa bhliain 1962

Tharla Eachtra Niemba sa Chongó ar an 8 Samhain 1960 nuair a mharaigh baill den treibh Baluba naonúr d’Óglaigh na hÉireann,[1] a bhí ar dualgas síochána de chuid na Náisiún Aontaithe.  

Eachtra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Botún a bhí ann is cosúil, fiú "cás bréagaitheanta". Tugtar "luíochán" ar an eachtra go minic. Ach "timpiste" an focal atá níos fearr is cosúil. Tháinig na hÓglaigh gan cuireadh ná iarraidh ag droichead Luweyeye agus b'ionadh leis na Baluba iad a fheiceáil ann.

Ní raibh an chogaíocht réamhbheartaithe. Cheap na Baluba go raibh siad ag tabhairt aghaidh ar shaighdiúirí tuarastail Francacha is Beilgeacha, faoi stiúir ollchomhlachtmianadóireachta.[2]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí saighdiúirí Éireannacha ar dualgas sa Chongó, le hobair shíochána idirnáisiúnta do na Náisiún Aontaithe.[3][4] Bhí cogadh cathartha faoi lán seoil ann ag an am agus na hollchumhachtaí impiriúlacha ag iarraidh greim a choinneáil ar na mianraí luachmhara.[5] Ach fágadh gasúir óga Éireannacha ina n-aonar i lár cogadh cathartha faoi theas na hAfraice agus thréig údaráis na hÉireann agus na Náisiún Aontaithe iad.

carr armúrtha (1960-61) de chuid ONUC

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhan an Congó corraithe go mór is go dona anuas na blianta; tá baol cinedhíothach ann fós inniu.

searmanas comórtha, 2014 agus Cumann Sheansaighdiúirí Éireannacha na Náisiún Aontaithe

Chuaigh an eachtra Niemba chomh mór sin i bhfeidhm ar an bpobal in Éirinn gur neadaigh ainm na treibhe i gcaint na ndaoine mar nath ar ghrúpa buile.

Sa Mhúsaeam Óglaigh na hÉireann (Dún Uí Mhaoilíosa) inniu, tá tua le feiceáil a húsáideadh i luíochán Niemba (ciorraíodh coirp na saighdiúirí ina bpíosaí).[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Breandán M Mac Gearailt. "Léiriú a thuill bualadh bos gan choinne sa phictiúrlann…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-08.
  2. "CONGO: AN IRISH AFFAIR" (en). Irish Film Institute. Dáta rochtana: 2020-11-08.
  3. COGG. "Stór Staire". Dáta rochtana: 2020.
  4. "Congo - an Irish Affair" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-08.
  5. Somhairle Mag Uidhir. "Maith agus olc – The Siege of Jadotville" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-11-08.
  6. "Dún Uí Mhaoilíosa Museum" (en). www.military.ie. Dáta rochtana: 2020-11-08.