Dáithí Mac Cárthaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDáithí Mac Cárthaigh
Beathaisnéis
BreithInis Córthaidh Cuir in eagar ar Wikidata

Is abhcóide, feachtasóir agus iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge (2004-2008) é Dáithí Mac Cárthaigh,[1]

Óige agus Oiliúint[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Dáithí Mac Cárthaigh in Inis Córthaidh, Contae Loch Garman agus is ann a ndeachaigh sé ar scoil. Chuir sé suim sa Ghaeilge le linn a óige agus d’fhreastail ar Choláiste na bhFiann.

Tháinig sé go hOllscoil na hÉireann, Gaillimh i 1986 áit ar bhain sé amach B.A. sa Ghaeilge agus sa Dlí i 1989, M.A. i gCanúineolaíocht na Gaeilge i 1995 agus LL.B. sa Dlí i 1996.

Bhain sé oiliúint ghairmiúil dlí ó Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath agus glaodh chun an Bharra é sa bhliain 1998.

Saol mar Ionadaí Tofa Mac Léinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh é ina oifigeach oideachais ar Chomhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh i 1989 agus d’eagraigh sé feachtas chun go mbeadh polasaí dátheangachais ag an gComhaltais agus Oifigeach Gaeilge chun an polasaí sin a chur i bhfeidhm. Ghlac mic léinn an Choláiste seo le leasú chuige sin ar Bhunreacht an Chomhaltais le móramh 9:1 i reifreann.

Toghadh é ina Uachtarán ar Chomhaltas na Mac Léinn i 1990 agus leag sé amach nósmhaireacht chun an polasaí dátheangachais sin a chur i bhfeidhm:- Cuireadh gach ábhar scríofa de chuid an Chomhaltais amach go dátheangach ó chuntais na bliana go dtí T-léintí, postaeir agus clár imeachtaí Sheachtain na nGiobal. D’ath-eagraigh sé gnólachtaí an Chomhaltais agus mar chuid de sin ceapadh bord bainistíochta, cuireadh an polasaí dátheangachais i bhfeidhm ar earcaíocht agus tugadh feidhm do Oifig na Gaeilge Labhartha OÉ Gaillimh chuige sin. Arís ghlac na mic léinn leis na moltaí sin i reifreann.

Mar Uachtarán ar Chomhaltas na Mac Léinn chuir sé moltaí os comhair Choiste Rialaithe OÉ Gaillimh chun caighdeán agus réimse na seirbhísí trí Ghaeilge a fheabhsú agus a leithniú: réamhtheachta an Achta Teanga.

An Bhreatnais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar Charmanach bhí spéis aige riamh sa Bhreatnais agus i nGluaiseacht na Breatnaise. Chaith sé 6 mhí ina mhac linn in Ollscoil na Breatnaine Bige i 1992 idir Llanbedr Pont Steffan agus Aberystwyth ag foghlaim na teanga agus faoi ghluaiseacht na teanga thall. D’eagraigh sé roinnt turasanna do cheannairí na mac léinn, ceannairí Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) ach go háirithe, chun na Breataine Bige agus chruthaigh nasc le hAontas Mhic Léinn na Breataine Bige (UCMC) chun nósmhaireacht an dátheangachais i ngluaiseacht na mac léinn abhus a láidriú. Ghlac roinnt aontas áitiúil agus AMLÉ le polasaithe dátheangachais.

Obair ar son na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feachtas "Stádas"[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge bhí baint lárnach aige leis an bhfeachtas i dTeach Laighean agus sna meáin chun Bille na dTeangacha Oifigiúla a thabhairt chun cinn agus a láidriú agus san ollfheachtas chun stádas a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre den Aontas Eorpach. Bhí sé lárnach san ollfheachtas le linn 2003-2005 chun stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre an Aontais Eorpaigh a bhaint amach.

Príomhalt: Feachtas "Stádas"

Bronnadh Duais Hewlett-Packard don Ghaeilge air ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2004.

Ag Oireachtas na Gaeilge 1995 d’eagraigh sé comhdháil lae idirnáisiúnta dlí i gColáiste na Tríonóide ar stádas agus ar reachtaíocht teanga le cainteoirí as Éirinn, as Ceanada agus as an mBreatain Bhig. Foilsíodh na páipéir i bhfoirm leabhair i 1998: I dTreo Deilbhcháipéise d’Acht Teanga Éireannach[2].

Bréagchúirt Uí Dhálaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eagraíonn sé i gcomhair le Gael-Linn Bréagchúirt Uí Dhálaigh, comórtas bréagchúirte Gaeilge bliantúil do mhic léinn dlí tríú leibhéil i ndilchuimheamh an IarPhríomhbhreithimh agus an IarUachtaráin ar Éirinn: Cearbhall Ó Dálaigh. Tá an comórtas seo ag dul ó neart go neart ó 1997 i leith.

Conradh na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2008 agus Dáithí Mac Cárthaigh ina uachtarán, ghlac Conradh na Gaeilge le bunreacht nua a réitigh leis leagan amach neamhpholaitiúil roimh 1915 agus a d'fhág ar lár aon aon tagairt do shaoirse na hÉireann. Seo mar a fhoráiltear le Bunreacht an Chonartha: "Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann".

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig conspóid chun cinn um Cháisc, 2006 nuair a dhiúltaigh sé cuireadh teacht i láthair chun Fhorógra na Poblachta a léamh os comhair Ard-Oifig an Phoist, Baile Átha Cliath, toisc gur i mBéarla amháin a bhéas air é an léamh.

Obair mar Abhcóide[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comhordaitheoir Dlí agus Gaeilge Óstaí an Rí ó 2010. I gceannas ar chúrsaí iarchéime a chuireann oiliúint ar chéimithe ar mian leo bheith ina ndlítheangeolaithe Gaeilge agus ina n-aistritheoirí Gaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Mar abhcóide, déanann Dáithí go leor oibre dlí chun cearta teanga a chosaint.

An Ghaeilge sa Dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is téacsleabhar ceannródaíoch é An Ghaeilge sa Dlí[3] a bhaineann le stádas na Gaeilge in Éirinn agus in AE, faoi láthair agus go stairiúil. Tugtar moltaí sa leabhar i dtaobh leasuithe chun feabhais atá bunaithe ar an scothchleachtas idirnáisiúnta. Pléitear ann stádas na Gaeilge faoi Bhunreacht na hÉireann, an cásdlí agus dlí an Aontais Eorpaigh. Tá cúrsaí pleanála, cúrsaí oideachais, an phleanáil teanga, cúrsaí craolacháin, an tseirbhís phoiblí, an Ghaeltacht, Tithe an Oireachtais agus na Cúirteanna ar na nithe a chuimsítear ann.

Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Dáithí Mac Cárthaigh pósta agus tá triúr clainne aige. Tá sé ina chonaí i Ráth Chairn, Contae na Mí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. FUSIO. "Dáithí Mac Cárthaigh BL" (en). Law Library. Dáta rochtana: 2022-11-13.
  2. Mac Cárthaigh, Dáithí (2008). "I dTreo Deilbhcháipéise d’Acht Teanga Éireannach | Litríocht" (ga-IE). Dáta rochtana: 2022-11-13.
  3. Dáithí Mac Cárthaigh. "An Ghaeilge sa Dlí" (ga-IE). An Ceathrú Póilí. Dáta rochtana: 2022-11-13.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]