Durrës

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilDurrës
Durrësi (sq) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 41°18′48″N 19°26′45″E / 41.3133°N 19.4458°E / 41.3133; 19.4458
Stát ceannasachan Albáin
Contae de chuid na hAlbáineContae Durrës Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Contae Durrës
Kingdom of Albania (en) Aistrigh (1272–1368)
Durrës District (en) Aistrigh (–1993) Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán113,249 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,445.98 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla46.3 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde0 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síEpidamnos (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eachtra thábhachtach
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist2000 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód052 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáindurres.gov.al Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Durrës an dara cathair is mó i bPoblacht na hAlbáine, agus is é príomhchathair Chontae Durrës. Tá sé ar cheann de na cathracha is sine san Albáin; tá daoine ina gcónaí ann go leanúnach ar feadh 2500 bliain ar a laghad.[1] Tá an chathair suite ar mhachaire réidh cois Chósta Mhuir Aidriad idir béil na n-aibhneacha Erzen agus Ishëm ag cúinne oirdheisceartach Mhuir Aidriad. Imríonn aeráid shéasúrach na Meánmhara tionchar mór ar aeráid Durrës.

Bhunaigh coilínigh Ghréagacha as an gCoraint agus as Coircíora (Corfú sa lá atá inniu ann) an chathair timpeall an 7ú haois RC i gcomhar leis an treibh áitiúil Eilíriach, na Taulantii.[2][3] Thugtaí Epidamnos nó Dyrrachium ar an gcathair. D'fhás Durrës de réir mar a d'éirigh sé níos tábhachtaí in Impireacht na Róimhe agus ina comharba, an Impireacht Bhiosántach. Thosaigh an Via Egnatia sa chathair agus chuaigh sé soir trasna machairí, ísealchríocha, agus ardchríocha Leithinis na mBalcán go Cathair Chonstaintín.

Sna Meánaoiseanna, bhí na Bulgáraigh, na Veinéisigh, na hOtamánaigh, agus teaghlaigh uaisle de chuid na hAlbáine ag streachaint chun ceannas a fháil ar Durrës. I ndeireadh na dála, fuair na hOtamánaigh an lámh in uachtar, agus rialaigh siad an chathair ar feadh níos mó ná 400 bliain, ó 1501 go dtí 1912. Tar éis Forógra Saoirse na hAlbáine in 1912, ba é Durrës príomhchathair Phrionsacht na hAlbáine ar feadh tamaill ghearr. Ina dhiaidh sin, gabhadh an chathair isteach i Ríocht na hIodáile idir an dá chogadh domhanda, agus bhí sé faoi fhorghabháil na Naitsithe le linn an Dara Cogadh Domhanda. Tháinig borradh faoi dhaonra Durrës agus faoi ghníomhaíocht eacnamaíoch sa chathair faoin rialtas cumannach san Albáin idir 1946 agus 1991.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Sedlar 2013.
  2. Grote (2013). "A History of Greece: From the Time of Solon to 403 BC". Routledge. 
  3. Stallo 2007.