Doireann Ní Bhriain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDoireann Ní Bhriain
Beathaisnéis
Breith1952
71/72 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBaile Átha Cliath
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmláithreoir, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRaidió Teilifís Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla, an Ghaeilge agus an Fhraincis

IMDB: nm0639106 Cuir in eagar ar Wikidata

Is léiritheoir raidió neamhspleách í Doireann Ní Bhriain [ˈdˠərʲiːn nʲiː ˈvrʲiːənʲ] (rugadh 1952[1]). Thosaigh sí a slí beatha sna meáin ag léamh scéalta do pháistí ar chlár teilifíse. D'imigh sí ar aghaidh ansin le bheith ina pearsa raidió ar RTÉ ar feadh 20 bliain go dtí gur éirigh sí as sa bhliain 1993.

B'fhada ina tuairisceoir í ar an gclár raidío Women Today (Mná Inniu)[2][3][4], agus tháinig cáil uirthi de bharr an chláir sin. Bhí sí ina láithreoir ag an gComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1981.[5] Sa bhliain 1993 bhuaigh sí Jacob's Award dá saothar le Raidió Éireann.[6]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í Ní Bhriain an chéad pháiste idir triúr a rugadh i mBaile Dúill i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.[1] Neasa Ní hAnnracháin, aisteoir, ba ea a máthair, agus Seán Ó Briain, státseirbhíseach, ba ea a hathair. Rinne sí craoltóireacht den chéad uair in aois a hocht mbliana di i ndráma raidió lena máthair, a bhí ina ball de chompántas aisteoirí Raidió Éireann. Bhí Béarla agus Gaeilge ar a toil aici[7] agus suim aici riamh i dteangacha. Rinne sí staidéar i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus bhain céim amach sa Fhraincis agus sa Spáinnis.[7] Ina dhiaidh sin chaith sí cúpla bliain ag múineadh sa Nigéir. Shiúil sí an domhan d'ainneoin a raibh le déanamh aici.[7]

Gairmréim luath le RTÉ (1972-1981)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Ní Bhriain a gairmréim le RTÉ i 1972, mar láithreoir chláir do leanaí. Ansin bhí sí ina comhláithreoir ar an gclár irise Tangents, agus bhí sí ar dhuine de na chéad láithreoirí mná sa réimse cúrsaí reatha. Dúirt sí gur aithin daoine í, pé áit a ndeachaigh sí. Níorbh fhéidir léi cos a chur thar tairseach amach gan aird na ndaoine a tharraingt uirthi féin, rud a chuir isteach uirthi. D'fhág sí RTÉ agus chuaigh ag múineadh amuigh faoin tuath i gCéinia ar feadh bliana. Chuaigh sí ar ais go hÉirinn sa bhliain 1976.[1]

Sa bhliain 1979 thosaigh ag obair mar thuairisceoir don chlár cúrsaí reatha Women Today ar an raidió, a bhí á laithriú ag Marian Finucane ag an am. Dúirt sí níos déanaí nach bpléadh tuairisceoirí mná ach cúrsaí baile agus cúrsaí stíle, agus nár ghnách do mhná clár cúrsaí reatha a léiriú ag an am, rud a d'fhág gur mhór an rud é an clár áirithe seo a bheith ann."[1] I gceann tamaill thosaigh sí ag malartú obair an láithreora le Finucane.[1]

Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 1981[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lasmuigh d'Éirinn aithnítear Ní Bhriain mar láithreoir Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse i 1981. Mar ullmhú don ócáid rinne sí bunstaidéar ar theanga gach tíre a bhí páirteach sa chomórtas, cé nár labhair sí i rith an tseó ach Béarla, Gaeilge agus Fraincis. D'fhógair sí roimh ré go mbeadh na coistí in ann vótáil i dteanga ar bith.[7]

Ba é Richard Lewis a dhear an gúna a chaith sí; ba léi féin na bróga agus na seodra.

Ós rud é go dtaitníonn ceol traidisiúnta léi, ba mhór aici idirlinn darbh ainm Timedance a chum Planxty. Ba é an t-amhrán ab fhearr léi Ding-A-Dong, iarracht na hÍsiltíre sa bhliain 1975.[7]

Gairmréim ar fad le Raidió 1 (1981-1993)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis Eurovision 1981 d'fhág Ní Bhriain RTÉ arís chun tairbhe a bhaint as scoláireacht Phárasach Journalists in Europe. I rith na hochtóidí bhí sí ag obair i seomra nuachta RTÉ i mBéal Feirste (áit ar bhuail sí lena fear céile, Andy Pollak)[1] agus láithríodh sí an Book Programme ar Raidió 1. Rinne sí staidéar ar léiriúchán raidió i ndeireadh na n-ochtóidí, agus ina dhiaidh sin chabhraigh sí le Mike Murphy The Arts Show a léiriú. Chuaigh sí ar scor ó RTÉ sa bhliain 1993 chun féile L'imaginaire Irlandais a léiriú i bPáras, áit ar fhan sí do dtí an bhliain 1996.

Saol agus gairmréim is déanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi láthair tá Ní Bhriain ina cónaí i mBaile Átha Cliath agus ag obair mar bhainisteoir ealaíon. Déanann sí clár raidió a léiriú go neamhspleách.[8] Tá obair déanta aici ag RTÉ agus ag TG4 mar thraenálaí gutha agus láithreoireachta.

Bíonn Ní Bhriain agus a fear céile ag obair chun an Ghaeltacht a chothú, agus tá sí ar bhord Chultúr na hÉireann.

Tógadh mar Chaitliceach í ach stad sí den chreideamh a chleachtadh ina fichidí, agus chuaigh sí san Eaglais Úinitéireach sna nóchaidí. Tá cláir fhaisnéise déanta aici faoi reiligiúin mhionlaigh in Éirinn agus faoin laghdú a tháinig ar thionchar na Eaglaise Chaitlicí ar chreatlach shóisialta na hÉireann.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 Keeping the faith, In the mid-1970s, Ni Bhriain was one of RTÉ’s brightest faces.
  2. RTÉ Timeline of the 1970s - 1979 premiere of Women Today
  3. Description of Doireann Ní Bhriain's involvement with a Women Today debate
  4. grianghraf ó 1981
  5. Suíomh Eurovision le grianghrafanna[nasc briste go buan]
  6. The Irish Times, "Higgins warns of threat to service", November 15, 1993
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 RTÉ Guide Vol.4. Uimh.14 (3 Aibreán 1981)
  8. "Association of Independent Radio Producers profile". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-18. Dáta rochtana: 2008-09-24.