Dlí an chomhshuímh thairisigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa cheimic, deir Dlí an chomhshuímh thairisigh, ar a dtugtar Dlí Proust uaireanta, go mbíonn an comhshuíomh ceimiceach céanna, i gcóimheas seasta (de réir maise) i gcónaí ag aon chomhdhúil ar leith, cibé slí, áit nó am a dtáirgeadh nó a bhfuarthas í.

Is féidir a chinneadh le modhanna ceimeacha áirithe, na céatadáin de na dúile ar leith as a bhfuil an chomhdhúil comhshuite. Tugtar comhshuíomh ceimiceach na comhdhúile ar na céatadáin sin.

Mar shampla, tá 8/9 de mhais aon sampla d'uisce íon comhdhéanta de ocsaigin, agus an chuid eile de 1/9 comhdhéanta de hidrigin: Tá an mhais an dá dhúil i gcomhdhúil i gcónaí sa chóimheas céanna. Mar aon le Dlí na gcomhréir iolrach, is é Dlí an chomhshuímh thairisigh bunús na stócaiméadrachta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Zumdahl, S. S. “Chemistry” Heath, 1986: Lexington, MA. ISBN 0-669-04529-2.