Jump to content

Deimos

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochDeimos 
CineálSatailítí nádúrtha Mharsa
FionnachtaíAsaph Hall[1] Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta fionnachtana12 Lúnasa 1877[2]
EapainmDeimos
Réad tuismitheoraMars
Sonraí fithiseacha
Apaipsis23,470.9 km Cuir in eagar ar Wikidata
Pearaipsis23,455.5 km Cuir in eagar ar Wikidata
Ais mhór a23,458 km[3]
Éalárnacht e0.0002
Tréimhse fhithiseach P1.26244 d
Claonadh i27.58 °
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Trastomhas12.4 km Cuir in eagar ar Wikidata
Méid dhealraitheach (V)12.89 (banda V) Cuir in eagar ar Wikidata
Mais1.48 Eg[4] Cuir in eagar ar Wikidata
Meándlús1.471 g/cm³ Cuir in eagar ar Wikidata
Imtharraingt dromchla0.003 m/s² Cuir in eagar ar Wikidata
Ailbéideacht0.068 Cuir in eagar ar Wikidata

Deimos (/ˈdaɪməs/ nó /ˈdiːməs/; Δείμος as Ghréigis: "Scáth") a thugtar ar an gceann is faide amuigh den dá shatailít nádúrtha atá ag timpeallú Mharsa.[5] Tháinig an t-ainm ó na finscéalta Gréagacha.

B'é an réalteolaí SAM Asaph Hall a tháinig ar dhá ghealach Mharsa - Phobos agus Deimos. B'é Henry Madan, a bhí ina Mháistir Eolaíochta in Eton, a mhol na hainmneacha seo a bhaisteadh orthu. Is tagairt iad do Leabhar a Cúig Déag den Iliad, agus an dia Ares, arb ionann eisean i miotas na Sean-Ghréige agus Mars i reiligiún na Rómhánach, - agus an dia seo ag glao ar an dá chú atá aige, mar atá, Phobos agus Deimos - is é sin, an Scanradh agus an Sceimhle.

D'fhionn Hall Deimos ar an 12ú lá de Mhí Lúnasa, 1877, ag 07:48 de réir an Ama Uilígh. Is é an sonrúchán córasach atá air ná Mars II.

Is dócha gur astaróideach a bhí ann ar dtús, mar Deimos. Creidtear gur chuir Iúpatar óna sheanfhithis é ansin, ar dhóigh is gur cheap Mars é. Níl anseo ach teoiric, ar ndóigh, agus tá conspóid áirithe ag baint léi i gcónaí. Mar is gnách ag rinne neimhe ar cóimhéid leis, tá Deimos an-neamhsféarúil ina dhéanamh. Is iad na toisí atá aige ná 15×12×10 ciliméadar.

Tá Deimos comhdhéanta as carraig atá saibhir sa charbón. Ar an dóigh seo, tá sé an-chosúil le hastaróidigh den chatagóir "C", is é sin, na hastaróidigh as coindrít charbónúil. Thairis sin, tá oighear ann - leac oighir den ghnáthchineál, is é sin, uisce reoite. Tá Deimos criathraithe le cráitéir, ach má tá féin, tá a dhromchla níos míne ná dromchla Phobos, ós rud é go bhfuil na cráitéir scothlán le reigilít. Tá an dá chráitéar is mó atá ann, is é sin, Swift agus Voltaire, timpeall ar thrí chiliméadar ar trastomhas.

An breathnóir a gheobhadh é féin ar dhromchla Deimos, d'fheicfeadh sé Mars míle uair níos mó agus ceithre chéad oiread níos gile ná mar a fheictear an Ghealach ó dhromchla an Domhain, agus aon t-aonú cuid déag d'fhairsinge an leathsféir neamhaí clúdaithe ag an bpláinéad.

An té a bheadh ag breathnú ar Deimos ó dhromchla Mharsa, áfach, is dócha nach n-aithneodh sé thar na réaltaí é, ós rud é nach bhfuil sé ach 2.5' ar trastomhas uilleach. Dá mbeadh sé i mbarr a ghile, is é sin, ina "lán-ré", bheadh sé chomh geal le Véineas, agus dá mbeadh sé i mbéal ceathrún nó ar an gceathrú dheireanach, bheadh sé inchomórtais le Vega. Ag déanamh trasdul dó - is é sin, ag dul trasna aghaidh na Gréine - níl Deimos ach 2.5 uair níos leithne, ó thaobh an trastomhais uilligh de, i súile an bhreathnóra ar Mhars, ná Véineas agus í ag déanamh trasdul idir an Ghrian agus an breathnóir ar an Domhan. Dá mbeadh teileascóp beag ag an mbreathnóir ar Mhars, d'fhéadfadh sé súil a choinneáil ar chéimeanna Deimos. Thógfadh sé, ansin, 1.2648 lá ar Deimos dul ó lánré go lánré, is é sin, tréimhse (nó "mí") shionadach Deimos.

Tá Phobos ag timpeallú Mharsa níos luaithe ná mar atá Mars féin ag rothlú ar a ais. Mar sin, d'fheicfeadh an breathnóir ar dhroim Mharsa Phobos ag éirí san iarthar agus ag dul faoi san oirthear. Ní féidir leat an rud céanna a rá faoi Deimos. Críochnaíonn sé aon chúrsa amháin timpeall Mharsa in aghaidh 30.4 uair an chloig, agus an pláinéad féin ag dul timpeall a aise uair in aghaidh 24.7 uair an chloig. Is é an comhthoradh ná go dtógann sé 2.7 lá ar Deimos éirí, dul trasna agus dul faoi, má tá an breathnóir suite ag meánchiorcal Mharsa.

Tá Deimos an-chóngarach do Mhars, agus níl a fhithis róchlaonta i gcomparáid le meánchiorcal Mharsa. Mar sin, ní féidir é a fheiceáil ar aon nós, má tá an breathnóir suite ag Mars-leithead níos mó ná 82.7°.

Tréithe Fisiceacha: Achoimre

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Fithis an dá ghealach atá ag timpeallú Mharsa

Ga na fithise (ar meán): 23,460 km

Tréimhse imrothlaithe: 1.262 lá

Meánluas fithiseach: 0.22 km/s

Claonadh na fithise:

  • 0.93° i gcomparáid le meánchiorcal Mharsa
  • 1.793° i gcomparáid le plána áitiúil Laplace
  • 27.58° i gcomparáid leis an éiclipteach

Is é Mars an pláinéad atá Deimos a thimpeallú.

An Rinn Neimhe Féin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Trastomhas: 12.6 km ar meán. Tabhair faoi deara, áfach, nach bhfuil Deimos in aon chóngar do liathróid rialta. Tá sé i bhfad níos praiticiúla méid na rinne neimhe seo a thabhairt i dtéarmaí an fhaid, na hairde is an leithid: 15.0×12×10.4 km.

Mais: 2.244×1015 kg

Dlús (ar meán): 2.2 g/cm³

Imtharraingt ar an dromchla: 0.0039 m/s² (39 mm/s²)

Treoluas éalaithe: 0.0069 km/s (6.9 m/s)

Tréimhse rothlaithe: Tá Deimos á rothlú go sioncronach, is é sin, tá sé ag drannadh an taoibh chéanna le Mars an t-am ar fad.

Ailbéideacht: 0.07

Teocht ar an dromchla: thart ar 233 K, nó -40 C

Níl atmaisféar ag Deimos.

  1. Ráite i: A Short History of Astronomy. Údar: Arthur Berry. Foilsitheoir: John Murray. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla na Breataine. Dáta foilsithe: 1898.
  2. URL tagartha: https://iopscience.iop.org/article/10.1086/122784. DOI: 10.1086/122784.
  3. URL tagartha: http://ssd.jpl.nasa.gov/?sat_elem#mars. Dáta rochtana: 27 Meitheamh 2009.
  4. Dáta rochtana: 5 Meán Fómhair 2020. URL tagartha: https://ssd.jpl.nasa.gov/?sat_phys_par.
  5. “Deimos” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-01.