David Kelly (saineolaí arm)
David Kelly | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | Llwyn-y-pia, 14 Bealtaine 1944 |
Náisiúntacht | An Ríocht Aontaithe |
Bás | Oxfordshire, 17 Iúil 2003 |
Cúis bháis | féinmharú (easfhuiliú) |
Oideachas | |
Alma mater | Ollscoil Birmingham Pontypridd High School (en) ![]() Linacre College (en) ![]() |
Teangacha | an Béarla |
Gairm | |
Gairm | bitheolaí agus polaiteoir |
Duaiseanna | |
Cleamhnú | |
Reiligiúin | Baha'i |
Micribitheolaí is comhairleoir ar rialú arm a saolaíodh i nGleann an Rhondda sa Bhreatain Bheag ab ea David Christopher Kelly (14 Bealtaine 1944 – 17 Iúil 2003). Rinne sé taighde i bPorton Down, ionad taighde de chuid rialtas na Breataine ar chogaíocht cheimiceach is bhitheolaíoch. Comhairleoir sinsearach do na Náisiúin Aontaithe ar chogaíocht bhitheolaíoch san Iaráic (1994-1999). I 2003 bhí baint aige leis an easaontas idir rialtas na Breataine is an BBC roimh thús an chogaidh san Iaráic. Líomhain an rialtas go raibh airm ollscriosta ag an Iaráic, ach cheistigh an BBC cé chomh fírinneach is a bhí sé sin. Go luath tar éis dó teacht faoi iniúchadh na meán cumarsáide, chuir sé lámh ina bhás féin in Oxfordshire Shasana.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol a bhaineann leis an mBreatain Bheag é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |