Daonáireamh Phoblacht na hÉireann 2022
Cineál | daonáireamh |
---|---|
Dáta na bliana | 2022 |
Suíomh | Éire |
Tír | Éire |
Reáchtáladh Daonáireamh 2022 in Éirinn ar 3 Aibreán 2022.[3] Cuntas cuimsitheach faoi leith ar dhaonra an Stáit a bhí ann. Tá faisnéis ríthábhachtach ann a bhféadfar seirbhísí poiblí a bheartú dá réir.[4]
Sonraí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig ardú 7.6% ar dhaonra an Stáit i gcaitheamh na sé bliana idir 2016 agus 2022, de réir réamhthorthaí ó Dhaonáireamh 2022 a d'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh. Léiríonn na figiúirí go raibh 5,123,536 duine sa Stát ar an 3 Aibreán 2022, oíche an Daonáirimh, ar ardú 361,671 é ó 2016.[5]
Agus 1,903,100 ó thuaidh, bhí os cionn 7 milliún duine ina gcónaí in Éirinn sa bhliain 2021/2022.[1] [2] Seo an daonra is mó a taifeadadh ón mbliain 1841 agus is é an chéad uair ó 1851 a bhí os cionn seacht milliún duine ina gcónaí in Éirinn.
Sa Deisceart, baineannaigh ab ea 2,593,600 acu agus fireannaigh ab ea 2,529,936 acu, ardú 7.7% agus 7.5% faoi seach ó 2016.
D'ardaigh an daonra i ngach aon chontae idir 2016 agus 2022 agus ba sa Longfort an bhí an t-ardú ba mhó, mar a bhí, 14.4%. Ba i gCo na Mí a bhí an dara hardú ba mhó, mar a bhí, 12.9%.
Gaeilge agus teangacha eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig ardú ar an daonra i ngach contae Gaeltachta ó bhí 2016 ann, cé is moite de chontae na Mí, áit a raibh laghdú 0.75% i gceist.[6][7][8][9][10][11][12][13][14][15]
Bhain Ceist 13 leis an nGaeilge. "An bhfuil Gaeilge labhartha agat?" Má tá, fiafraítear an labhraíonn tú í go laethúil sa chóras oideachais; go laethúil lasmuigh den chóras oideachais; go seachtainiúil; ní chomh minic sin; nó ní labhraím riamh í.
I gCeist 14, fiafraíodh "an labhraíonn tú teanga seachas an Béarla nó an Ghaeilge sa bhaile?"
Tháinig laghdú don dara daonáireamh as a chéile ar líon na bhfoirmeacha a líonadh i nGaeilge; 7,557 foirm a líonadh i nGaeilge i nDaonáireamh 2022. B’ionann sin agus 0.39% de na foirmeacha ar fad a líonadh. 8,078 (0.44%) d’fhoirmeacha Dhaonáireamh 2016 a líonadh i nGaeilge, laghdú ó 2011 nuair a líonadh 8,676 (0.48%) foirm i nGaeilge.[16] Thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais 6.8% idir 2011-2016 agus thit líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht 12.6% sa tréimhse chéanna. 71,968 duine sa stát a thug le fios i mí Aibreáin 2022 go labhraíonn siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, laghdú 1,835 duine ar an 73,803 a dúirt amhlaidh in 2016.
Modhanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is gach cúig bliana a dhéantar an Daonáireamh go hiondúil ach cuireadh ar atráth é sa bhliain 2021 mar gheall ar an bpaindéim Covid-19.
Baineann figiúirí an Daonáirimh leis an daonra de facto a chiallaíonn go n-áirítear ann gach duine a bhí i láthair sa Stát oíche Dé Domhnaigh, 3 Aibreán 2022. Áirítear leis an daonra de facto iad siúd nach gcónaíonn sa Stát de ghnáth ach a bhí sa Stát oíche an Daonáirimh. Ní áirítear ann iad siúd a bhfuil cónaí orthu sa Stát de ghnáth ach a bhí as láthair go sealadach lasmuigh den Stát oíche an Daonáirimh. Áiríodh daoine a bhí i láthair sa Stát agus tuairiscítear iad ag an áit a chaith siad oíche an Daonáirimh.[17]
Bhí ceisteanna nua sa daonáireamh a bhain le foinsí fuinnimh in-athnuaite; cúram leanaí; aláraim dheataigh; caitheamh tobac; obair ón mbaile; obair dheonach; fáil ar an idirlíon; agus comaitéireacht.
"Taisceadán todhchaí". Den chéad uair, bhí spás bán ar an bhfoirm le gur féidir le daoine teachtaireacht phearsanta faoi rún a bhreacadh síos, más mian leo, nach bhfeicfidh aon duine arís go ceann 100 bliain.
2027
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá tús curtha leis na hullmhúcháin don chéad daonáireamh eile sa Phoblacht, a reáchtálfar sa bhliain 2027. Beidh rogha freagartha ar líne ar fáil aige den chéad uair riamh.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]An Imirce - Foras na Gaeilge (2017)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Bhí eolas maidir le daonra an Tuaiscirt ar fáil ó Dhaonáireamh 2021 a rinneadh sa gcuid sin den tír sa bhliain 2021.
- ↑ 2.0 2.1 NÓS. "7,026,636 duine in Éirinn – réamhthorthaí an Daonáirimh" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-07-12.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-05-30). "Ardú 387,274 duine – 8% – ar dhaonra an Stáit" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-03-03). "Daonáireamh 2022: "An bhfuil Gaeilge labhartha agat?"" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-06-23). "Daonáireamh 2022: ardú 7.6% ar dhaonra an Stáit ó 2016" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-05-30). "Daonáireamh 2022: 20,261 cainteoir laethúil Gaeilge sa Ghaeltacht" (as ga-IE).
- ↑ "Gaeilge ‘an-mhaith’ ag a thrí oiread daoine is a labhraíonn gach lá í – daonáireamh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-05-31). Dáta rochtana: 2023-05-31.
- ↑ "Laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i 16 den 26 Limistéar Pleanála Teanga" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-05-31). Dáta rochtana: 2023-05-31.
- ↑ "Daonáireamh 2022 agus an Ghaeilge – cad a dúirt siad?" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-05-31). Dáta rochtana: 2023-05-31.
- ↑ "Gaeilge ‘an-mhaith’ ag 10% de pháistí na Gaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-05-31). Dáta rochtana: 2023-05-31.
- ↑ "Laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gcúig cinn de na seacht gcontae Gaeltachta – daonáireamh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-05-30). Dáta rochtana: 2023-05-31.
- ↑ "TUAIRIM TUAIRISC: Deis é foilsiú figiúirí daonáirimh aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne faoin nGaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-05-30). Dáta rochtana: 2023-05-31.
- ↑ RnaG (2023-05-31). "Nuacht an Tuaiscirt: 31 Bealtaine" (as ga-IE).
- ↑ "Laghdú eile ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa stát agus sa Ghaeltacht – daonáireamh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-05-30). Dáta rochtana: 2023-05-31.
- ↑ Rnag (2023-05-31). "Nuacht an Deiscirt: 31 Bealtaine / Muscraí" (as ga-IE).
- ↑ tuairisc.ie (12 Meitheamh 2023). "Laghdú eile ar líon na bhfoirmeacha daonáirimh a líonadh i nGaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-12.
- ↑ NÓS. "7,026,636 duine in Éirinn – réamhthorthaí an Daonáirimh" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-07-12.