D.P. Moran

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
D.P. Moran
David Patrick Moran.png
Saol
Ainm iomlán David Patrick Moran
Eolas breithe Port Láirge, Márta 22, 1869
Náisiúntacht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Saorstát Éireann
Bás Na Sceirí, Eanáir 31, 1936
Oideachas
Alma mater Coláiste Chaisleán Cnucha
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm iriseoir

Iriseoir Éireannach, pobalóir agus náisiúnaí, a bhí i bhfad amach ar an eite dheis, ab ea Dáithí Pádraig Ó Móráin (Béarla: David Patrick Moran) nó D.P Moran, mar a tugtar air de ghnáth (22 Marta 1869 - 1 Feabhra 1936).[1] [2] [3]

Iriseoir, agus gníomhaí ab ea Moran a throid ar son chearta mhuintir na hÉireann i gcoinne riail na Breataine. Bhí baint aige le hathbheochan na Gaeilge agus d’fhoilsigh sé go leor alt ina nuachtán ‘The Leader’ faoi thábhacht na Gaeilge agus conas a bheith i do Ghaeilge. Scríobh sé leabhar freisin darb ainm ‘The Philosophy of Irish Ireland’ scríobh sé dhá alt cáiliúil freisin darb ainm ‘The battle of two civilizations’ agus 'Is the Irish Nation Dying' sna altanna seo labhraíonn sé faoi na dúshláin atá roimh Éirinn mar thoradh ar riail Shasana

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Moran i bPort Láirge ar 22 Marta, 1869. Tógálaí ab ea a athair James agus bhí comhlacht tógála ag a athair. Ba mhac é le Elizabeth Moran. Bhí beirt dearthaireacha aige, i gcúrsaí polaitiúla chomh maith. Ba é ceann de na deartháireacha ná Edward .P. Moran, dlíodóir a bhí ina chónaí i SAM, agus duine de na dlíodóirí Meiriceánacha a mionteagascadh chun Pádraig Ó Domhnaill (a crochadh ar 17 Nollaig 1883) a chosaint.[2]

D'eirigh an deartháir eile, Joseph, ina pholaiteoir i Londain. [2]

Cuireadh oideachas ar Moran i scoil na mBraithre Críostaí i Mount Sion i bPort Láirge agus ina dhiaidh sin i gColáiste Chaisleán Cnucha. i mBaile Átha Cliath.[2]

Obair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iriseoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1887 Chuaigh Moran go Sasana chun obair mar iriseoir. Thug an feisire T.P. O’Connor a chéad phost iriseora do Moran i Londain ina pháipéar, The Star. [2]

Ina chuid alt labhraíonn Moran faoin neamhshuim a léirigh Sasanaigh do dhaoine as Éirinn agus a n-easpa eolais ar stair agus foréigean an dá thír [2]. Moran mar gheall ar an easpa measa atá léirithe ag daoine ó Shasana go daoine Éireannach. Mar thoradh air seo shocraigh Moran Gaeilge a fhoghlaim i Londain. Bhí sé anseo a cuireadh síos go ndúirt sé ceann dá chuid tagairtí is cáiliúla ‘Damn them for Sasanachs, here is something we have that they don’t have anyway'. [4]

Bhí baint mhór ag Moran le Conradh na Gaeilge Londain agus toghadh é ina rúnaí i 1897 agus é sa ról seo thosaigh Moran ag cur spéise i bpolaitíocht na hÉireann agus in Éirinn anuas. [3] Thosaigh Moran ag cur spéise sa náisiúnachas agus daoine difriúla a raibh baint acu le cúrsaí poilitiúla na hÉireann ag an am

Labhraíonn Moran faoin éifeacht a bhí ag píosa Douglas Hyde ‘The neccesity for the De anglicisation of Ireland’ air i gceann dá chuid alt sa nuachtán ‘the Leader’. Labhraíonn Moran freisin faoin ngrá atá aige do Charles Stewart Parnell ina phíosaí. Dúirt Moran gur ainmnigh sé a nuachtán an Leader i ndiaidh tuairimí C.S. Parnells ar cheannaireacht. [5]

New Ireland Review/The Philosophy of Irish Ireland[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhill Moran ar ais go Baile Átha Cliath sa bhliain 1898. Nuair a d’fhill Moran scríobh sé don Healyite Daily Nation agus An Claidheamh Soluis. Bhí sé ag pleanáil freisin chun a nuachtán féin a dhéanamh.

Sa bhliain 1898 d’fhill Moran ar Éirinn tar éis dhá bhliain déag i Londain. Scríobh sé alt i 1898 darb ainm ‘The New Ireland Review’. San alt míníonn Moran a chuid ama i Sasana agus an teagmháil a bhíonn aige le Sasanaigh agus le muintir na Breataine [6]. Mar thoradh ar rath na n-alt scríobh Moran níos mó alt faoin ábhar agus rinneadh iad i leabhar darb ainm ‘The Philosophy of Irish Ireland. [7]

Scríobh sé ailt cáiliúil ‘Is the Irish Nation Dying’ agus b’shin an chéad chaibidil de ‘The Philosophy of Irish Ireland’. Sa phíosa seo ceistíonn Moran cé chomh Gaelach is a bhí muintir na hÉireann . Cháin Moran daoine a raibh fuath acu do na Sasanaigh ach a labhair Béarla.

Cuireadh i gcló i 1905 (The Philosophy of Irish Ireland) ag D.P. Moran. Sa phíosaí labharaíonn Moran ar an gcaoi a bhfuil Éire agus daoine na hÉireann difriúil le Sasana. Spreag sé na hÉireannaigh le dul i gcoinne na Sasanaigh agus gan a ghlac leo chomh maith. Dúirt sé ‘Thou shalt be Irish, thou shall not be English’ (Moran, 1905) [6]. Mhol Moran Conradh na Gaeilge as ár bhféiniúlacht a choinneáil beo agus dúirt sé ‘each civilzation has its own rights’ (Moran, 1905) [6]. Maidir le Moran bhí náisiúnaithe Caitliceacha agus aontachtaithe Protastúnacha sa dá shibhialtacht. Ba iad na hairm náisiúnaithe sa chogadh seo an Ghaeilge agus an reiligiún Caitliceach[7]. Thugann an píosa seo léargas suntasach sa chaoi ina bhfuil bhféiniúlacht agus dteanga fíor-thábhachtach. Sa phíosa deir sé 'Our nation cannot be resurrected merely by the weakness of England, but mainly by the strength and effort of Ireland herself’ [6]. Cheap Moran bhí siad ag rá gurbh Éireannaigh iad, ach, bhí siad ag déanamh aithrise ar Shasana ag an am chéanna.

'The Leader'[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1900 bhunaigh Moran an nuachtán The Leader.[8] Ba é polasaí an pháipéir buillí marfacha a bhualadh ar an Éireannach stáitse, an seoinín, agus an ‘West Briton’, ceolta na hÉireann a chur in áit amhráin hallaí ceoil Londan, agus cabhrú le déantúsaíocht na hÉireann.[9] Ba é príomhaidhm an nuachtáin ná a thaispeáint do dhaoine Éireannacha cad a bhí i gceist le bheith 'Gaelach' ag an am [10] Fuair Moran an-mholadh agus tacaíocht ón Conradh na Gaeilge agus ó pholaiteoirí poblachtach. [4] Scríobh Moran faoin bhfuath atá aige don Bhéarla agus na hagóideoirí a bhfuil cónaí orthu in éirinn. Is minic a thagair Moran do dhaoine neamh-Chaitliceach nár labhair Éireannaigh mar 'resident aliens' [5]

Thacaigh Moran le gluaiseacht ‘buy irish’ agus scríobh sé go minic faoin údarás um fhorbairt thionsclaíoch a bunaíodh i 1903 chun forbairt thionsclaíoch ghnólachtaí beaga Éireannacha a chur chun cinn i mbailte timpeall na hÉireann [11]. Cháin Moran cuideachtaí níos mó as gan cuidiú le cuideachtaí níos lú agus as a gcumhacht a úsáid chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Rinne an Leader poiblíocht ar go leor cuideachtaí Éireannacha agus d’fhógair sé a gcuid earraí.[12]

Scríobh Moran a chuid smaointí trí modhanna mí oiriúnacha, cartúin agus cursaí staire ina chuid obair [5][12]. Mhotaigh go leor de na páirtí eile go raibh obair aige claoanta agus neamh- firiciúil.

Bhí Moran ina bhall den Chumann Liteartha Éireannach. D’fhoghlaim sé a dhóthain den Ghaeilge chun go raibh ar a chumas í a léamh.[2] Ach ní raibh sé riamh in ann í a labhairt go líofa, agus ní raibh sé in ann í a scríobh. Ba bheag ab fhiú an Ghaeilge ar nuachtáin náisiúnta Bhéarla na hÉireann[13] Ach bhí Gaeilge le fáil sa Leader (scríobh Pádraig Ó Duinnín tuairim 1,100 alt sa Leader sa tréimhse 1906–29;[14] bhíodh Art Ó Cléirigh ag scríobh as Gaeilge sa Leader chomh maith, faoin ainm cleite ‘Chanel’).

Thug go leor daoine breithiúnas ar D.P Moran agus a chuid saol oibre. Braitheann daoine go raibh sé michothrom a bheith ag tábhairt amach faoi na hEireannaigh ag caint Béarla. Ach ní raibh an Ghaeilge ar eolas aige é féin. Cé gur throid Moran go láidir ar son Athbheochan na Gaeilge, rinne sé trí Béarla é.

Bhí an Móránach ina eagarthóir ar an Leader ar feadh sé bliana is tríocha go dtí go bhfuair sé bás sa bhliain 1936. Choinnigh a iníon, Nuala, an páipéar ag dul ina dhiaidh sin.[15] D'athraigh sí an dearcadh an páipéir agus labhair sí faoi chúrsaí reatha. Tháinig deireadh leis an bpáipéar sa bhliain 1971. [3]

Conradh na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lean Moran Conradh Na Gaeilge. Mhol sé an Conradh ina phíosaí agus a nuachtán, 'The Leader' freisin.

Bunaíodh Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1893 ar an 31 Iúil [11] [4]. Bunaíodh an Conradh ar chúis amháin, chun an Ghaeilge a choinneáil beo agus an teanga a chur chun cinn [16]. Choinnigh siad an teanga beo ar chúpla bealach éagsúla. Bealach amháin ná bhunaigh siad craobhacha sa bhliain 1897 chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus í a fhorbairt. Bhí 47 duine ann sa chéad craobh in 1897 ach sa bhliain 1906 bhí 904 baill i láthair [16]. Bhí ceann de na chéad bhrainsí seo lonnaithe i Londain.

Ag an am ní raibh múinteoirí ag múineadh Gaeilge sna scoileanna, ach a bhuíochas le Conradh tháinig múineadh an Ghaeilge éigeantach sa bhliain 1922 faoi acht saor-stáit na hÉireann [16]. Mhol Moran an ócáid shuntasach seo ina nuachtán. Throid D.P. Moran fá choinne an ceart seo le haghaidh go leor bhlianta agus scríobh sé go leor píosa maidir leis an ábhar seo ina nuachtán [17]

Bealach eile a cur Conradh na Gaeilge an teanga chun cinn ná bhunaigh siad féile chultúrtha darbh ainm “An tOireachtais”. Is ceiliúradh í an fhéile ar theanga na hÉireann trí mheáin dhrámaíocht, scríbhneoireacht agus na hamhráin. Thosaigh an tOireachtais i 1897 agus tá fós an-tóir air i measc daoine le spéis i nGaeilge nó chultúrtha cosúil le drámaíocht, damhsa srl [16]. Arís mhol Moran an ócáid agus thaitin sé go mór leis. Bhí sé ina bhall de Chumann Liteartha Éireannach. Shíl D.P. Moran gur chóir do gach duine Éireannach litríocht a léamh trí mheán na Gaeilge. Is minic a scríobh sé faoi thábhacht litríocht agus fhilíocht na hÉireann mar fhéiniúlacht d’Éirinn ina nuachtán. Cháin D.P. Moran go leor filí agus scríbhneoirí Éireannach ina nuachtán nár scríobh ach i mBéarla amháin. Chreid sé gur contrárthacht agus áiféis í litríocht na Gaeilge i mBéarla agus gurbh í an Ghaeilge an t-aon mheán loighciúil do litríocht na Gaeilge. Ar ocáid amháin thug Moran darb ainm W.B Yeats 'a crypto protestant conman'. [11]

Clann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Moran pósta le Teresa O ’Toole i 1901 bean as bPort Láirge. Bhí a Athair Captaen O Toole ina Ard-Mhéara ar Phort Láirge sna 1890idí. Bhí cúigear leanaí ag Moran agus O ’Toole le chéile.

Sa bhliain 1911 bhí conaí orthu ag 43 Bóthar Anglesea i mBaile Átha Cliath. Maidir le bhfoirm an Daonáirimh bhí seisear léanaí acu, cailín amháin agus cúigear buachaillí : Nuala (9); Ciarán O’Toole (7); Eoghan O’Shea (6); David (5) agus Thomas Séamas (3).[1] [2] [3] Maidir le bhfoirm chuir Moran go raibh sé daichead a dó bliain d'aois agus go raibh Teresa a bhean ceithre bliana is triocha d'aois agus go raibh Gaeilge ag beirt acu.[1] [2] [3]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 "Oifig an Chláraitheora Ghinearálta". Dáta rochtana: 21 Marta 2017.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 2.6 2.7 2.8 "MORAN, David Patrick (1869–1936)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-01-31.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 "D. P. Moran". waterfordireland.tripod.com. Dáta rochtana: 2021-02-13.
  4. 4.0 4.1 4.2 "D.P. Moran and the leader: writing an Irish Ireland through partition *. - Free Online Library". www.thefreelibrary.com. Dáta rochtana: 2021-02-13.
  5. 5.0 5.1 5.2 "Moran of The Leader," 113.
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 D.P. Moran, The Philosophy of Irish Ireland (Dublin: James Duffy & Co., n.d. [1905]), 37.
  7. 7.0 7.1 "Dictionary of Irish Biography - Cambridge University Press". dib.cambridge.org. Dáta rochtana: 2021-02-13.
  8. nuigalway.ie. "A Vigilant Nation". Dáta rochtana: 2021.
  9. mar a thuairiscítear in Seán Ó Lúing, ‘A Revolutionary Journal,’ The Leader (26/1/1952, 21-23): ‘It is the pioneer Organ of Irish-Ireland… It is Irish in all things, and is written and conducted solely with a view to Ireland’s interests. It concerns itself with all that concerns Ireland and with nothing else. Its writers include every thinker for Ireland in Ireland or out of Ireland. Its aim is to remake Ireland a reflecting Ireland, a Doing Ireland, a self-respecting Ireland, a prospering Ireland, a Free Ireland. Its motto is, Ireland for the Irish people.’
  10. Moran, Philosophy of Irish Ireland, 74-75.
  11. 11.0 11.1 11.2 "Dictionary of Irish Biography - Cambridge University Press". dib.cambridge.org. Dáta rochtana: 2021-01-31.
  12. 12.0 12.1 "D.P. Moran and the leader: writing an Irish Ireland through partition *. - Free Online Library". www.thefreelibrary.com. Dáta rochtana: 2021-02-13.
  13. Mac Congáil, Nollaig (nuigalway.ie) (2011). "'Saothrú na Gaeilge ar Nuachtáin Náisiúnta Bhéarla na hAoise seo Caite: Sop nó Solamar?". Dáta rochtana: 2021.
  14. "Ó DUINNÍN, Pádraig (1860–1934)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-01-31.
  15. Dorothy Ní Uigín. (1 Lúnasa 2009). "Tréimhseacháin agus Colúin Chonradh na Gaeilge sa Chéad Fhiche Bliain den Fhichiú hAois" (Feasta 62 (8), lch: 19-23). 
  16. 16.0 16.1 16.2 16.3 "Stair Chonradh na Gaeilge - Conradh na Gaeilge | Ar son phobal na Gaeilge". cnag.ie. Dáta rochtana: 2021-02-14.
  17. "'Irish Ireland' – D.P. Moran and The Leader" (en-US). The Burkean (2020-08-20). Dáta rochtana: 2021-02-14.