Cristiano Ronaldo
Is imreoir peile é Cristiano Ronaldo dos Santos Aveiro (a rugadh ar an 5 Feabhra, 1985 i Maidéara na Portaingéile)[1]. Is peileadóir gairmiúil é, a imríonn sna tosaithe do Al Nassr agus atá ina chaptaen ar fhoireann náisiúnta na Portaingéile. Is minic a mheastar gurb é an t-imreoir is fearr ar domhan é agus mar cheann de na himreoirí is mó riamh. Tá cúig Ballon d’Or[2] agus ceithre bhróg órga Eorpacha buaite ag Ronaldo. Tá 29 trófaithe buaite aige, lena n-áirítear sé theideal sraithe, cúig Shraith Seaimpíní UEFA, Craobh Eorpach UEFA amháin, agus Sraith Náisiún UEFA amháin. Is scórálaí cúl iontach é Ronaldo.[3]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Ronaldo tús lena ghairm sa bhliain 2001, ag imirt do Sporting CP. Shínigh sé le Manchester United i 2003, in aois 18 dó. Tar éis dó an Corn FA a bhuachan ina chéad séasúr, chuidigh sé le United trí theideal Premier League as a chéile a bhuachan, an UEFA Sraith na Seaimpíní, agus Corn Domhanda Club FIFA.
Bhuaigh sé a chéad Ballon d’Or nuair a bhí sé 23 bliain d'aois.
Sa bhliain 2009, síníodh é do Real Madrid agus íocadh € 94 milliún (£ 80 milliún). I Maidrid, bhuaigh Ronaldo 15 trófaithe, lena n-áirítear dhá theideal La Liga, dhá Copas del Rey, agus ceithre theideal Sraith Seaimpíní UEFA.
Ba é Ronaldo an chéad imreoir a bhuaigh Sraith na Seaimpíní cúig huaire.
In 2018, shínigh sé do Juventus; íocadh € 100 milliún (£ 88 milliún), an méid is airde a d’íoc club Iodálach. I dTorino, bhuaigh sé Serie A agus Supercoppa Italiana amháin.
Ainmníodh Ronaldo mar an t-imreoir Portaingéalach is fearr riamh sa bhliain 2015. D'imir sé a chéad chluiche don Phortaingéil i 2003 agus 18 bliain d’aois slánaithe aige. Tá os cionn 160 caipín tuillte aige ó shin
Scóráil sé a chéad sprioc idirnáisiúnta ag Euro 2004. Chuidigh sé leis an bPortaingéil cluiche ceannais an chomórtais a bhaint amach. D'éirigh sé ina chaptaen i mí Iúil 2008. Bhuaigh an Phortaingéil Euro 2016.[4]
D'ainmnigh ESPN mar an lúthchleasaí is cáiliúla ar domhan i 2016, 2017, 2018 agus 2019.
Clubanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sporting CP
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 7 Deireadh Fómhair 2002, d'imir Ronaldo a chéad chluiche sa Primeira Liga, i gcoinne Moreirense, agus scóráil sé dhá chúl.[5]
Manchester United
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Ronaldo an chéad imreoir Portaingéalach riamh de chuid Manchester United.] Ba é an déagóir is costasaí i stair peile Shasana ag an am (£ 12.24 milliún). Cé gur iarr sé uimhir 28, a uimhir le Sporting, fuair sé an léine uimhir 7.[6][7]
Thosaigh Ronaldo sa Premier League ar an 16 Lúnasa 2003 (4–0 vs Bolton Wanderers) . Scóráil Ronaldo a chéad cúl do Manchester United, le cic saor i bPortsmouth ar 1 Samhain.
Real Madrid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh Ronaldo go dtí Real Madrid i 2009 (méid ab airde íoctha riamh - £ 80 milliún nó € 94 milliún)[8]. Fuair Ronaldo an léine uimhir 9, a thug iarimreoir Maidrid Alfredo Di Stéfano dó.
Thosaigh Ronaldo ag imirt den chéad uair i La Liga an 29 Lúnasa 2009, i gcoinne Deportivo La Coruña.
Juventus
[cuir in eagar | athraigh foinse]An 10 Iúil 2018, shínigh Ronaldo conradh ceithre bliana leis an gclub Iodálach Juventus[9]. Ba é an t-aistriú an méid ab airde riamh d’imreoir os cionn 30 bliain d’aois (€ 100 milliún), agus an méid ab airde a d’íoc club Iodálach riamh.
An 16 Meán Fómhair, scóráil Ronaldo a chéad chúl do Juventus (2-1 vs Sassuolo).[10]
Manchester United
Ar an 27 Lúnasa 2021, d’fhógair Manchester United go raibh comhaontú bainte amach acu le Juventus chun Ronaldo a athshíniú ar £12.85 milliún.
Sa bhliain 2022, tar éis míshástacht mhéadaithe le treo Manchester United, an 22 Samhain, cuireadh deireadh le conradh Ronaldo.
Al Nassr
Ar 30ú Nollaig 2022 d'aistrigh Ronaldo go Al Nassr.
Urraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faigheann Ronaldo tacaíocht láidir i bhfoirm urraíochta, lena n-áirítear éadaí spóirt, buataisí peile (ó mhí na Samhna 2012 i leith, tá branda CR7 pearsantaithe le Nike),[11] deochanna, éadach, gluaisteáin, seirbhísí airgeadais, leictreonaic, agus cluichí ríomhaire. Bhí baint mhór aige le cur chun cinn an chluiche FIFA 18 de chuid EA Sports.
Saol Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foilsíodh a dhírbheathaisnéis, dar teideal Moments, i mí na Nollag 2007. Scaoileadh Cristiano Ronaldo: The World at His Feet, clár faisnéise, trí Vimeo i mí an Mheithimh 2014.
Tá ceathrar clainne ar Ronaldo. Rugadh Cristiano Jr., ar 17 Meitheamh 2010 sna Stáit Aontaithe[12]. I mí Eanáir 2015, d’fhógair Ronaldo gur bhris sé suas le Irina Shayk.[13]
Rugadh cúpla, Eva agus Mateo ar 8 Meitheamh 2017 sna Stáit Aontaithe. Máthair ionaid a shaolaigh na linbh.
Bhí sé i gcaidreamh ag an sin leis an mainicín Spáinneach Georgina Rodríguez, a thug breith dá iníon Alana Martina, ar an 12 Samhain 2017.
Fuair athair Ronaldo, José, bás, in aois 52 dó, i Meán Fómhair 2005 nuair a bhí Ronaldo fiche bliain d'aois.
Bhuail ailse chíche a mháthair, Dolores, i 2007 ach tháinig sí slán as.[14]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cristiano Ronaldo" (as en) (2020-03-31). Wikipedia.
- ↑ "Ballon d'Or" (as en) (2020-03-27). Wikipedia.
- ↑ "Cristiano Ronaldo" (as en) (2020-03-31). Wikipedia.
- ↑ "Cristiano Ronaldo" (as en) (2020-03-31). Wikipedia.
- ↑ "Boloni își amintește de debutul lui Ronaldo la Sporting: "Nu reușeam să îl opresc să facă driblinguri"" (ro). www.digisport.ro. Dáta rochtana: 2020-04-06.
- ↑ Sam Pilger. "'He Was There to Put on a Show': Ronaldo's Legendary Manchester United Audition" (en). Bleacher Report. Dáta rochtana: 2020-04-06.
- ↑ "Ronaldo vows to justify price tag" (en-GB) (2009-07-04). Dáta rochtana: 2020-04-06.
- ↑ "Ronaldo completes £80m Real move" (en-GB) (2009-07-01). Dáta rochtana: 2020-04-06.
- ↑ "Cristiano Ronaldo signs for Juventus!". Juventus.com. Dáta rochtana: 2020-04-06.
- ↑ "Ronaldo ends Juventus drought | Football Italia". www.football-italia.net. Dáta rochtana: 2020-04-06.
- ↑ "Nike's CR7 collection reflects attitude and irreverence of a global icon". Nike News. Dáta rochtana: 2020-04-06.
- ↑ Telegraph staff (2010-07-04). "Cristiano Ronaldo announces he is the father of a baby boy on Twitter" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-04-06.
- ↑ "Cristiano Ronaldo breaks up with girlfriend Irina Shayk" (en-US). USA TODAY. Dáta rochtana: 2020-04-06.
- ↑ Gerard Couzens (2016-03-20). "Cristiano Ronaldo wants some bodyguards... but not for himself". mirror. Dáta rochtana: 2020-04-06.