Cristiano Ronaldo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCristiano Ronaldo

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(pt) Cristiano Ronaldo dos Santos Aveiro
5 Feabhra 1985
39 bliana d'aois
Funchal (an Phortaingéil)
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteCR7
Míster Champions
D7OS
El Comandante
El Bicho Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síMount Gravatt State High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheFunchal
Torino
Liospóin
Manchain
Maidrid
Manchain
Teanga dhúchaisan Phortaingéilis
Meáchan85 kg
Airde189 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir sacair Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2002 –
TeangachaAn Phortaingéilis, an Spáinnis agus Béarla
Tír spóirtan Phortaingéil Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith spóirtSaudi Pro League (en) Aistrigh
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtWing half (en) Aistrigh agus ionsaitheoir
Uimhir spóirt7
UrraitheoirNike Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
2001–2001 Portugal national under-15 football team (en) Aistrigh 9(7)
2002–2003 Sporting Clube de Portugal 25(3)
2003–2009transfer (en) Aistrigh Manchester United Football Club 196(84)
2004–2004 Portugal Olympic football team (en) Aistrigh 3(2)
2009–2018transfer (en) Aistrigh Real Madrid Club de Fútbol 292(311)
2018–2021transfer (en) Aistrigh Juventus Football Club 98(81)
2021–2022transfer (en) Aistrigh Manchester United Football Club 40(19)
2023– Al-Nassr (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
  Foireann spóirt náisiúnta enllaç= enllaç=
2001–2002   Portugal national under-17 football team (en) Aistrigh 7(5)
2002–2003   Portugal national under-21 football team (en) Aistrigh 10(3)
2003–   Portugal national association football team (en) Aistrigh 191(117)
2003–2003   Portugal national under-20 football team (en) Aistrigh 5(1) Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
2022Corn FIFA an Domhain 2022
2021UEFA Euro 2020
2018Corn FIFA an Domhain 2018
2016UEFA Euro 2016
2014Corn FIFA an Domhain 2014
2012UEFA Euro 2012
2011Primera División de España
2010Corn FIFA an Domhain 2010
Meitheamh 2008UEFA Euro 2008
2006Corn FIFA an Domhain 2006
2004UEFA Euro 2004
2004Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2004 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
PáirtíIrina Shayk (2010–2015)
Georgina Rodríguez (2016–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAlana Martina dos Santos Aveiro
 ( Georgina Rodríguez)
Bella Esmeralda
 ( Georgina Rodríguez)
Cristiano Ronaldo Jr
 ( ) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJosé Dinis Aveiro  agus Maria Dolores dos Santos Aveiro
SiblínElma dos Santos Aveiro, Hugo Aveiro agus Kátia Aveiro
Duine muintearthaJosé Nunes de Viveiros (seanathair)
Matilde dos Santos da Viveiros (seanmháthair)
Humberto Cirilo Aveiro (seanathair)
Filomena da Aveiro (seanmháthair) Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh itax noncompliance (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáincristianoronaldo.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1860184 Allocine: 691477 Allmovie: vn6767510
Facebook: Cristiano Twitter: Cristiano Instagram: cristiano Youtube: CristianoRonaldo Musicbrainz: 7133168a-382b-4843-8be0-15f4c056e8ec Discogs: 2941188 FIFA: 201200 UEFA: 63706 ESPNFC: 22774 Cuir in eagar ar Wikidata

Is imreoir peile é Cristiano Ronaldo dos Santos Aveiro (a rugadh ar an 5 Feabhra, 1985 i Maidéara na Portaingéile)[1]. Is peileadóir gairmiúil é, a imríonn sna tosaithe do Al Nassr agus atá ina chaptaen ar fhoireann náisiúnta na Portaingéile. Is minic a mheastar gurb é an t-imreoir is fearr ar domhan é agus mar cheann de na himreoirí is mó riamh. Tá cúig Ballon d’Or[2] agus ceithre bhróg órga Eorpacha buaite ag Ronaldo. Tá 29 trófaithe buaite aige, lena n-áirítear sé theideal sraithe, cúig Shraith Seaimpíní UEFA, Craobh Eorpach UEFA amháin, agus Sraith Náisiún UEFA amháin. Is scórálaí cúl iontach é Ronaldo.[3]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Ronaldo tús lena ghairm sa bhliain 2001, ag imirt do Sporting CP. Shínigh sé le Manchester United i 2003, in aois 18 dó. Tar éis dó an Corn FA a bhuachan ina chéad séasúr, chuidigh sé le United trí theideal Premier League as a chéile a bhuachan, an UEFA Sraith na Seaimpíní, agus Corn Domhanda Club FIFA.

Bhuaigh sé a chéad Ballon d’Or nuair a bhí sé 23 bliain d'aois.

Sa bhliain 2009, síníodh é do Real Madrid agus íocadh € 94 milliún (£ 80 milliún). I Maidrid, bhuaigh Ronaldo 15 trófaithe, lena n-áirítear dhá theideal La Liga, dhá Copas del Rey, agus ceithre theideal Sraith Seaimpíní UEFA.

Ba é Ronaldo an chéad imreoir a bhuaigh Sraith na Seaimpíní cúig huaire.

In 2018, shínigh sé do Juventus; íocadh € 100 milliún (£ 88 milliún), an méid is airde a d’íoc club Iodálach. I dTorino, bhuaigh sé Serie A agus Supercoppa Italiana amháin.


Ainmníodh Ronaldo mar an t-imreoir Portaingéalach is fearr riamh sa bhliain 2015. D'imir sé a chéad chluiche don Phortaingéil i 2003 agus 18 bliain d’aois slánaithe aige. Tá os cionn 160 caipín tuillte aige ó shin

Scóráil sé a chéad sprioc idirnáisiúnta ag Euro 2004. Chuidigh sé leis an bPortaingéil cluiche ceannais an chomórtais a bhaint amach. D'éirigh sé ina chaptaen i mí Iúil 2008. Bhuaigh an Phortaingéil Euro 2016.[4]

D'ainmnigh ESPN mar an lúthchleasaí is cáiliúla ar domhan i 2016, 2017, 2018 agus 2019.

Cristiano Ronaldo - Manchester United

Clubanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sporting CP[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 7 Deireadh Fómhair 2002, d'imir Ronaldo a chéad chluiche sa Primeira Liga, i gcoinne Moreirense, agus scóráil sé dhá chúl.[5]

Manchester United[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Ronaldo an chéad imreoir Portaingéalach riamh de chuid Manchester United.] Ba é an déagóir is costasaí i stair peile Shasana ag an am (£ 12.24 milliún). Cé gur iarr sé uimhir 28, a uimhir le Sporting, fuair sé an léine uimhir 7.[6][7]

Thosaigh Ronaldo sa Premier League ar an 16 Lúnasa 2003 (4–0 vs Bolton Wanderers) . Scóráil Ronaldo a chéad cúl do Manchester United, le cic saor i bPortsmouth ar 1 Samhain.

Real Madrid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Ronaldo go dtí Real Madrid i 2009 (méid ab airde íoctha riamh - £ 80 milliún nó € 94 milliún)[8]. Fuair ​​Ronaldo an léine uimhir 9, a thug iarimreoir Maidrid Alfredo Di Stéfano dó.

Thosaigh Ronaldo ag imirt den chéad uair i La Liga an 29 Lúnasa 2009, i gcoinne Deportivo La Coruña.

Juventus[cuir in eagar | athraigh foinse]

An 10 Iúil 2018, shínigh Ronaldo conradh ceithre bliana leis an gclub Iodálach Juventus[9]. Ba é an t-aistriú an méid ab airde riamh d’imreoir os cionn 30 bliain d’aois (€ 100 milliún), agus an méid ab airde a d’íoc club Iodálach riamh.

An 16 Meán Fómhair, scóráil Ronaldo a chéad chúl do Juventus (2-1 vs Sassuolo).[10]

Manchester United

Ar an 27 Lúnasa 2021, d’fhógair Manchester United go raibh comhaontú bainte amach acu le Juventus chun Ronaldo a athshíniú ar £12.85 milliún.

Sa bhliain 2022, tar éis míshástacht mhéadaithe le treo Manchester United, an 22 Samhain, cuireadh deireadh le conradh Ronaldo.

Al Nassr

Ar 30ú Nollaig 2022 d'aistrigh Ronaldo go Al Nassr.

Urraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faigheann Ronaldo tacaíocht láidir i bhfoirm urraíochta, lena n-áirítear éadaí spóirt, buataisí peile (ó mhí na Samhna 2012 i leith, tá branda CR7 pearsantaithe le Nike),[11] deochanna, éadach, gluaisteáin, seirbhísí airgeadais, leictreonaic, agus cluichí ríomhaire. Bhí baint mhór aige le cur chun cinn an chluiche FIFA 18 de chuid EA Sports.

Saol Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh a dhírbheathaisnéis, dar teideal Moments, i mí na Nollag 2007. Scaoileadh Cristiano Ronaldo: The World at His Feet, clár faisnéise, trí Vimeo i mí an Mheithimh 2014.

Tá ceathrar clainne ar Ronaldo. Rugadh Cristiano Jr., ar 17 Meitheamh 2010 sna Stáit Aontaithe[12]. I mí Eanáir 2015, d’fhógair Ronaldo gur bhris sé suas le Irina Shayk.[13]

Rugadh cúpla, Eva agus Mateo ar 8 Meitheamh 2017 sna Stáit Aontaithe. Máthair ionaid a shaolaigh na linbh.

Bhí sé i gcaidreamh ag an sin leis an mainicín Spáinneach Georgina Rodríguez, a thug breith dá iníon Alana Martina, ar an 12 Samhain 2017.

Fuair ​​athair Ronaldo, José, bás, in aois 52 dó, i Meán Fómhair 2005 nuair a bhí Ronaldo fiche bliain d'aois.

Bhuail ailse chíche a mháthair, Dolores, i 2007 ach tháinig sí slán as.[14]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cristiano Ronaldo" (as en) (2020-03-31). Wikipedia. 
  2. "Ballon d'Or" (as en) (2020-03-27). Wikipedia. 
  3. "Cristiano Ronaldo" (as en) (2020-03-31). Wikipedia. 
  4. "Cristiano Ronaldo" (as en) (2020-03-31). Wikipedia. 
  5. "Boloni își amintește de debutul lui Ronaldo la Sporting: "Nu reușeam să îl opresc să facă driblinguri"" (ro). www.digisport.ro. Dáta rochtana: 2020-04-06.
  6. Sam Pilger. "'He Was There to Put on a Show': Ronaldo's Legendary Manchester United Audition" (en). Bleacher Report. Dáta rochtana: 2020-04-06.
  7. "Ronaldo vows to justify price tag" (en-GB) (2009-07-04). Dáta rochtana: 2020-04-06.
  8. "Ronaldo completes £80m Real move" (en-GB) (2009-07-01). Dáta rochtana: 2020-04-06.
  9. "Cristiano Ronaldo signs for Juventus!". Juventus.com. Dáta rochtana: 2020-04-06.
  10. "Ronaldo ends Juventus drought | Football Italia". www.football-italia.net. Dáta rochtana: 2020-04-06.
  11. "Nike's CR7 collection reflects attitude and irreverence of a global icon". Nike News. Dáta rochtana: 2020-04-06.
  12. Telegraph staff (2010-07-04). "Cristiano Ronaldo announces he is the father of a baby boy on Twitter" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-04-06.
  13. "Cristiano Ronaldo breaks up with girlfriend Irina Shayk" (en-US). USA TODAY. Dáta rochtana: 2020-04-06.
  14. Gerard Couzens (2016-03-20). "Cristiano Ronaldo wants some bodyguards... but not for himself". mirror. Dáta rochtana: 2020-04-06.