Creassa iníon Urchadha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCreassa iníon Urchadha
Teaghlach
CéileTadhg mac Cathail Cuir in eagar ar Wikidata
AthairUrchadh mac Murchadha

Banfhlaith Uí Bhriúin Seola agus banríon na gConnacht ba ea Creasa ní Urchadha (Meán-Ghaeilge Creassa iníon Urchadha) beo luath 10ú haois.

Maigh Sheola ba ea a hathair Urchadh mac Murchadha (i réim 891?-943). Phós sé le rí Tadhg mac Cathail na gConnacht (i réim 925-956). Bhí beirt mhac acu, Conchúir, Maolruanaidh Mór agus Tadhg.

Bhunófaí rítheaghlaigh tábhachtacha ag a triúr mac. Sinsear ríthe Mhagh Loirg is ea Maolruanaidh. D'éireodh shliochtaigh Thaidhg ina marascail agus ina ngardaí cosanta ríoga ar sin ríthe na gConnacht, mar shampla Fearghal Ó Taidhg an Teaghlaigh.

Is é Conchúr an té is suntasaí, sinsear Uí Chonchúir, a bheadh ina ríthe na gConnacht go dtí an 15ú haois. D'éireodh beirt acu, Toirdhealbhach (1088–1156) agus Ruairí (bás 1198), ina nArdríthe Éireann.

Rinneadh dea-chleamhnais fosta ag a deirfiúracha Béibhinn agus Caineach. Tháinig a deartháir Donnchadh mac Urchadha, sinsear Uí Fhlaithbheartaigh, i gcomharbacht ar a n-athair mar rí Mhaigh Sheola (943-959).

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • West or H-Iar Connaught Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, 1684 (foilsithe 1846, eag. James Hardiman).
  • Origin of the Surname O'Flaherty, Anthony Matthews, Baile Átha Cliath, 1968, lch. 40.
  • Early Irish Kingship and Succession, Bart Jaski, Four Courts Press, 2000.
  • Irish Kings and High-Kings, Francis John Byrne (2001), Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Leabhar na nGinealach, Dubhaltach Mac Firbhisigh: eag. Nollaig Ó Muraíle, cúig imleabhar. Baile Átha Cliath, DeBurca, 2004-2005. ISBN 0 946130 36 1.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]