Coróinvíreas 2 de ghéarshiondróm trom riospráide
Cineál | Orthocoronavirinae |
---|---|
Eapainm | Severe acute respiratory syndrome-related coronavirus |
Pataigineas | |
Éifeacht | ráig coróinvíris 2019–2020 agus COVID-19 |
Aicmiú | |
ICD-11 | XN109 |
Acmhainní seachtracha | |
MeSH | D000086402 |
UMLS CUI | C5203676 |
Is éard is coróinvíreas 2 de ghéarshiondróm trom riospráide ann ná an tréithchineál virís (SARS-CoV-2) gur cúis leis an ngalar tógálach, COVID-19 (Coróinvíreas), ionfhabhtú sa chonair riospráide. De ghnáth, tugtar an coróinvíreas nó an víreas corónach air, agus tagraíodh dó roimhe seo faoina ainm sealadach 2019 coróinvíreas nua (2019-nCoV). Is víreas ARN aon-shnáithe treodearfach é SARS-CoV-2. Tá sé tógálach i ndaoine, agus d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) an phaindéim leanúnach COVID-19, ina Éigeandáil Sláinte Poiblí a bhfuil ina ábhar imní idirnáisiúnta.
Go tacsanomaíoch, is éard atá is SARS-CoV-2 ná tréithchineál de ghéarshiondróm trom riospráide bainteach le coróinvíreas (SARSr-CoV). Creidtear go bhfuil bunús zónóiseach aige agus go bhfuil dlúthchosúlacht ghéiniteach aige le choróinvíris na n-ialtóg, rud a thugann le tuiscint gur tháinig sé as víreas ialtóg-iompartha. Aon fhianaise ann fós chun taisce idirmheánach ainmhithe, mar shampla pangailin, chun é a nascadh le hionfhabhtú daoine. Is beag éagsúlacht ghéiniteach atá sa víreas, rud a thugann le fios gur dóigh gur tharla an teagmhas iarmhartach a thug SARS-CoV-2 do dhaoine go déanach sa bhliain i 2019.
Measann staidéir eipidéimeolaíocha go mbíonn 1.4 go 3.9 níos mó daoine ionfhabhtaithe dá bharr nuair nach bhfuil aon bhall den phobal imdhíonach agus nach ndéantar son bearta coisctheacha. Scaiptear an víreas go príomha idir dhaoine trí dhlúth-theagmháil agus trí bhraoiníní riospráide (ionfhabhtú braoiníneach) a tháirgtear ó chasacht nó shraothartach. Téann sé isteach i gcealla daonna den chuid is mó trí cheangal leis an ghabhdóir einsím thiontaithe angaitheannaine 2 (ETA2).[1]
Téarmaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Víreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ionfhabhtú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Taiscumar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Géarshiondróm trom riospráide (SARS)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 311.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |