Conmhaicne Cineál Luacháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dream agus tuath ársa i gcúige Chonnacht ba ea Conmhaicne Luacháin, nó Cineál Luacháin (Cenél Lucháin). Bhí ann sa tuath ná paróistí Uachtar Achaidh agus Droim Oiríolaigh, sa bharúntacht Carraig Álainn, i ndeisceart Chontae Liatroma.

Bunús[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gaolta b'fhéidir leis na Laigin ba ea na Conmhaicne, a scaip ar fud na tíre, ag lonnú i gcúige Chonnacht agus an Longfort.[1][2][3]

Tar éis an séú haois, tháinig Conmhaicne Réin ó dheas as Loch Guth Ard Deas, agus lonnaigh roinnt clann i gCineál Luacháin, Cluain Chonmhaicne, Maigh Réin agus Maigh Nissi, ag cloí agus ag tógáil isteach na daoine dúchasacha, na Masraí.[4]

Luath dhreamanna agus ríochtaí in Éirinn, c. 800

Deir Hogan agus Leabar Fidhnacha go bhfuil an t-ainm fréamhaithe as géag de Conmhaicne Réin, de mhuintir Luacháin mhic Onchú, sa 4ú glúin ó Chumscradh.

San 8ú haois, nuair a ghabh Uí Bhriúin Bhréifne stráice mór talún i dtuaisceart Chonnacht, chuaigh roinnt Chineál Luacháin ar imirce go dtí Tethba.[4]

Críocha[cuir in eagar | athraigh foinse]

I lár a gcuid críoch, bhí paróiste Uachtar Achaidh parish, i mbarúntacht na Carraige Áille, i ndeisceart Chontae Liatroma. Bhí na críocha teoranta le coillte ar gach taobh.[5] Bhí Sliabh an Iarainn thiar agus ó thuaidh, Teallach Eathach ón oirthuaisceart, agus Conmhaicne Mhaigh Réin ó dheas.

Clanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo a leanas clanna Chonmhaicne Cineál Luacháin:

  • Uí Dhubháin
  • Mhic Maolfhabhaill
  • Uí Bhathbairr
  • Teallach Chléirigh
  • Bhraci
  • Teallach Maolfinnen
  • Uí Bhuidbhín
  • Uí Chailtí
  • Uí Chianacáin
  • Uí Chonbhuí
  • Uí Dhamhaigh
  • Ui Dimusaigh
  • Uí Dhubháin (suite ar Inis Dhoire Dubháin)
  • Uí Earailbh
  • Eturrai
  • Uí Ghabhadáin
  • Ui Maolphádraig
  • Uí Maolsutháin
  • Uí Muineacháin
  • Uí Threadmáin.
  • Teallach Tanaí.[6]

Taoiseach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhic Dhorchaidh a bhíodh ina príomhchlann. Deirtear gur thaoisigh iad Ó Cuagáin agus Ó Tormadháin sa bhliain 1159.[7]

Reachtaire Chineál Luacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cill pharóiste Dhroim Oiríolaigh (Druim Airbhealaigh, .i. (th)oir-bhealach) suite ar oileán i Loch Guth Ard Deas (nó Loch Fionnmhaí inniu). Tá fothracha na Cille le feiceáil fós. Tá baile fearainn den ainm céanna sa pharóiste.[8][9]

I bparóiste Uachtar Achaidh, bhíodh cill ar cnoc ard raibh ó thuaidh de Bhéal an Átha Móir. Tiomnaithe do Naomh Bríd a bhí ann chill agus tobar beannaithe taobh léi. Bhí teach spidéil tiomnaithe do Eoin Baiste ag Béal an Átha Móir thar an Abhainn Bhuí (Yellow River).[10]

Cuireadh an dá pharóiste le chéile chun Reachtaire Chineál Luacháin a chruthú. Feictear seo sna Annates don bhliain 1423 (lch. 230), a deir "rectoria parrochialium ecclesirum de Drumreilly et Oughteragh alias de Kenel Luchan vulgariter nuncupata".[9]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Annála na gCeithre Máistrí
  • MacKillop, James (2004). "Conmaicne. Oxford Reference.". A Dictionary of Celtic Mythology. Oxford University Press.
  • A Chorographical Description of West or H-Iar Connaught written A.D. 1684 by Roderic O'Flaherty ESQ with notes and Illustrations by, James Hardiman M.R.I.A., Irish Archaeological Society, 1846.
  • kelly, Liam (1995). "The face of Time". Lilliput Press. 
  • Seymour, John D (1935). "Drumreilly and Its Clergy A.D. 1401-1481". The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 5 No. 2 (31 Dec. 1935) (2): 245–253. JSTOR 25513789. 
  • "The medieval island church in Lough Garadice" (2015) BREIFNE JOURNAL OF CUMANN SEANCHAIS BHREIFNE: 439–469. [nasc briste go buan]
  • O'Duigeannain, Micheal (1934). "Notes on the history of the kingdom of Breifne". Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland V. LXV (Seventh Series): 113–140. 
  • Edmund, Hogan. "Onomasticon Goedelicum". Documents of Ireland Project.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. MacKillop 2004.
  2. AFM, p. 417.
  3. Walsh 1940, p. 6.
  4. 4.0 4.1 O'Duigeannain 1934, p. 113-140.
  5. Kelly 1995, pp. 1–12.
  6. "Droim Thanaí". Bunachar Logainmneacha na hÉireann. An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Dáta rochtana: 20ú Meán Fómhair 2019.
  7. O'Flaherty 1684, p. 71.
  8. Early and O'Seaneachain 2015, p. 439.
  9. 9.0 9.1 1935 & Seymour, p. 245.
  10. Early and O'Seaneachain 2015, p. 440.