Leabar Fidhnacha
| Cineál | lámhscríbhinn agus saothar liteartha |
|---|---|
| Bailiúchán | Acadamh Ríoga na hÉireann |

Lámhscríbhinn is ea Leabhar Fhíonacha (Leabar Fidhnacha) idir prós agus filíocht as Gaeilge Chlasaiceach le Muirgheas mac Páidín Ó Maolchonaire sa mhainistir ag Fíonach, Bréifne Thiar (Contae Liatroma an lae inniu).[1] Ba é Tadhg Ó Rodaighe, comharba na mainistreach, a spreag an leabhar. Bunaíodh é, a mheastar, ar Leabhar Chaillín, saothar anois caillte faoi Naomh Caillín, bunaitheoir na mainistreach.[1] Thosaigh Ó Maolchonaire á scríobh timpeall na bliana 1516.[1]
Ábhar
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Cuid | Foirm | Ábhar |
|---|---|---|
| 1A | Prós | Réamhrá agus ginealaigh naomh Chaillín |
| 1B | Filíocht | Ceithre dhán déag faoi Chaillín, Magh Réin and Clog Na Riogh, i nArdeaglais Naomh Mél anois[3]). |
| 1C | Prós | Réamhrá dosna dánta |
| 2A | Prós | Caillín agus Tadhg Ó Rodaí |
| 2B | Prós | Leabhar Chaillín á phlé ag Ó Maolchonaire |
| 3 | Filíocht | Faoi Uí Dhomhnaill agus cineáil eile |
| 4 | Prós | Ginealaigh Chonmhaicne, Uí Chreacháin (is dócha de Chonmhaicne Dhúin Mhóir[4]) agus Abb Fhíonacha |
| 5 | Filíocht | Sé dhán: cúig faoi Uí Néill agus cineáil eile, agus ceann amháin faoi Chaillín |
Feictear léirithe ar imeall an leabhar, scrios Gaeilge ag Tadhg Ó Rodaighe (beo 1700), ársaitheoir mór le rá, as Crossfield i bhFíonach.
Baineadh úsáid mar fhoinse as Leabhar Fíonacha ag Annála Chonnacht agus Annála na gCeithre Máistrí.[5]
Stair an leabhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Choinnigh chomharbaí Uí Rodaí an saothar go dtí Brian Ó Rodaí, sagart paróiste Chill Rónáin (Béal Átha Fearnáin) i lár na 19ú haoise. I ndiaidh a bháis, choinnigh a chomharbaí mar shagairt pharóiste an leabhar.[6] Níos deireanaí, tháinig George Michael Conroy, easpag Ardach agus Cluain Mhic Nóis, i seilbh air, chun é a choimeád slán. Dhíol a chomharba Bartholomew Woodlock é sa bhliain 1888 d'Acadamh Ríoga na hÉireann (ARÉ) le £10,[7] le comhairle ón Íosánach, Denis Murphy, a mhol go mbeidís in ann é a chaomhnú.[7][2] Faightear anois é faoin uimhir chatalóige MS 23 P 26: Cat. No. 479.[1]
Eagráin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne John O'Donovan scríbhinn mhacasamhail sa bhliain 1828, agus aistriúchán Béarla sa bhliain 1830.[5] Foilsíodh an chéad eagrán sa bhliain 1875, eagraithe ag William Maunsell Hennessy agus aistrithe le Denis H. Kelly as scríbhinn Uí Dhonnabháin.[5] D'foilsigh Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann imleabhar breise sa bhliain 1939.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ó Maolconaire, Muirgheas mac Pháidín. "The Book of Fenagh in Irish and English". Dáta rochtana: 19ú Bealtaine 2017. (leagan digiteach[nasc briste go buan] eile ón National Library of Scotland)
- "Book of Fenagh 500th anniversary". Acadamh Ríoga na hÉireann. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-01-14. Dáta rochtana: 19ú Bealtaine 2017.
- "The Book of Fenagh: supplementary volume" (1939). Irish Manuscripts Commission. Curtha i gcartlann 2021-05-27 ar an Wayback Machine
- O Rodaighe, Tadhg (1700). "Tadhg O Rodaighe to Edward Lhwyd". Baile Átha Cliath, Choláiste na Tríonóide (MS 1318): Rev. J. H. Todd, D. D., ‘Autograph Letter of Thady O’Roddy’, The Miscellany of the Irish Archaeological Society 1 (1846), 112–125. Curtha i gcartlann 2016-10-06 ar an Wayback Machine
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Book of Fenagh / Leabar Chaillín / Leabar Fidhnacha Curtha i gcartlann 2021-05-27 ar an Wayback Machine, Acadamh Ríoga na hÉireann
- W. M. Hennessy, D. H. Kelly Leabar Fidhnacha
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 "Book of Fenagh". Acadamh Ríoga na hÉireann. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-27. Dáta rochtana: 2021-05-27.
- 1 2 "Book of Fenagh history". Fenagh Visitors Centre. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-12. Dáta rochtana: 18ú Lúnasa 2016.
- ↑ "The Bell of Fenagh". Fenagh Visitors Centre. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-12. Dáta rochtana: 19ú Bealtaine 2017.
- ↑ Hennessy 1875, lch. 383, fn. 13
- 1 2 3 RIA 2016
- ↑ Hennessy 1875, lch. ix
- 1 2 Cunningham, Bernadette (15ú Meitheamh 2016). "Celebrating 500 years of the Book of Fenaghb". Acadamh Ríoga na hÉireann. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-06-02. Dáta rochtana: 19ú Bealtaine 2017.