Jump to content

Dlúthpháirtíocht (páirtí polaitíochta)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Comhaontas Frith-Ghéire)
Bosca Sonraí EagraíochtaDlúthpháirtíocht
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrSol Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaan sóisialachas Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaeite chlé Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2014
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttps://solidarity.nationbuilder.com/

Is comhghuaillíocht polaitiúil, nó páirtí polaitíochta, a bunaíodh sa bhliain 2014 í Dlúthpháirtíocht,[1] agus "Neart le Chéile" uaireanta (roimh 2017, an Chomhghuaillíocht Frith-Dhéine)[2]. Is feachtas i bhfad amach ar an eite chlé í Dlúthpháirtíocht.

2014

Is comhghuaillíocht iad Dlúthpháirtíocht, a d’eascair as feachtais éagsúla i gcoinne na déine, an feachtas i gcoinne na dtáillí uisce ina measc.[3] Cláraíodh í mar pháirtí polaitiúil roimh na toghcháin áitiúla i 2014. Sheas timpeall daichead iarrthóir ar son an pháirtí, gach comhairleoir de chuid an Pháirtí Sóisialach ina measc agus cáineadh an páirtí mar Fronta don Pháirtí Sóisialach mar thoradh ar son. Toghadh 14 comhairleoir.

Bhuaigh Paul Murphy, ball den Pháirtí Sóisialach, fothoghchán i mBaile Átha Cliath Thiar-Theas ar 10 Deireadh Fómhair 2014 agus é ag seasamh ar son na Comhghuaillíochta.

Seoladh clár Gaeilge an pháirtí Soildarity ag Oireachtas na Samhna 2019. Bhí an clár ‘Neart Le Chéile’ ag iarraidh “an eite chlé a thabhairt isteach i saol na Gaeilge agus saol na Gaeilge a thabhairt isteach san eite chlé”, a dúirt Maitiú de Hál, urlabhraí de chuid an pháirtí ag an am, agus an t-iarfheisire Eorpach agus iarTheachta Dála, Joe Higgins, i láthair.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Solidarity agus Solidarity Alliance go minic
  2. i mBéarla, Anti-Austerity AllianceAAA
  3. Sa bhliain 2009, d’fhógair Brian Lenihan Óg córas nua táillí uisce; ní raibh dream ar bith i bhfách leis agus rinneadh an polasaí a fhreaschur níos déanaí.
  4. "Clár nua Gaeilge ‘Solidarity’ le seoladh ag Oireachtas na Samhna inniu" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-11-01). Dáta rochtana: 2024-11-15.