Coláiste Naomh Antaine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Coláiste San Antoin)
Jump to navigation Jump to search
Geata Choláiste Naomh Antaine: 1607 an dáta air

Coláiste oiliúna do bhráithre Proinsiasacha Éireannacha a bhí i gColáiste Naomh Antaine i Lobháin (nó Coláiste na nGael) san Ísiltír Spáinneach, a bhí lárnach i bhfeachtas an fhrith-reifirméisin in Éirinn, agus i gcur chun cinn na litríochta clóite Gaeilge sa 17ú haois.

Bunú an Choláiste[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Coláiste Naomh Antaine san Ísiltír Spáinneach (An Bheilg) sa bhliain 1607 mar choláiste oiliúna do noibhéisigh agus do bhráithre Proinsiasacha as Éirinn. Ba é Flaithrí Ó Maolchonaire, bráthar Proinsiasach agus Easpag Thuama (1609), a bhunaigh an coláiste le cead Rí na Spáinne, Philip II. Ní raibh sa choláiste ar dtús ach foirgneamh beag a bhí ar chúl shéipéal Naomh Antaine. Ceal spáis b'éigean áit nua a lorg.

Bliain tar éis a bhunaithe tháinig Ó Néill, (Iarla Thír Eoghain) agus Ó Dónaill, Ruairí Ó Dónaill ar cuairt ar an gcoláiste ar an 9 Samhain 1607. Chaitheadar an geimhreadh sa choláiste sular thugadar aghaidh ó dheas ar an Róimh.

I 1617 tógadh an coláiste atá ann inniu.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

De ghnáth bhíodh idir tríocha agus dhá scór bráithre sa teach agus théadh roinnt acu go hÉireann agus go hAlban ina misinéirí. Bhí ardchlú ar an gColáiste mar ionad léinn agus is ann, leis, a forbraíodh an chlódóireacht Ghaeilge; is iomaí sin saothar creidimh, staire agus leabhar tagartha Gaeilge a cuireadh i gcló sa Choláiste. Bhí spiorad an Fhrith-Reifirméisin le sonrú go láidir sna saothair sin agus chuaigh siad i bhfeidhm go mór ar lucht creidimh in Éirinn, in Ultaibh go háirithe. Comhairleoirí leis na ceannairí Ultacha a bhí ag cur fúthu in Ísiltír na Spáinne a bhí sna Proinsiasaigh agus nuair a ceapadh Aodh Mac Aingil ina Ardshéiplíneach don Reisimint Ghaelach agus ina Bhardach ar an gColáiste araon neartaigh ar an tábhacht a bhí ag an gColáiste.

Bhí dlúthbhaint ag lucht an Choláiste le roinnt pleananna a beartaíodh maidir le hionradh a dhéanamh ar Éireann ar chostas na Spáinne, ionradh ina mbeadh reisimintí Gaelacha i Mór-Roinn na hEorpa ar thús cadhnaíochta. Tháinig meath ar líon na bProinsiasach tar éis ré Chromail agus is ionad cultúrtha Teach San Antoine anois ar a dtugtar The Louvain Institute for Ireland in Europe ('Insitiúid Lováin ar mhaithe le hÉirinn san Eoraip').

An Chlólann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba ghearr go raibh an coláiste i gcroílár fheachtas na bProinsiasach in aghaidh an reifirméisin in Éirinn. Chuir na Proinsiasaigh rompu clólann a bhunú chun ábhar spioradálta a leathadh in Éirinn. Chuir siad clólann agus cló Gaelach á ndéanamh i 1611, agus ba an i 1616 a clóbhualadh leabhar an athar Fhlaithrí féin, Desiderius, nó Sgathán an Chrábhaidh. I 1618 foilsíodh Scathán Shacramuinte na hAithrídhe le hAodh Mac Cathmhaoil (Aodh mac Aingil). Chomh maith leis na leabhair dhiaganta d'fhoilsigh na bráithre ábhar eile i nGaeilge.

B'as an gcoláiste a cuireadh Micheál Ó Cléirigh go hÉirinn chun ábhar a bhailiú do Annála na gCeithre Máistrí. D'fhoilsigh na Bráithre foclóir Gaeilge Uí Chléirigh sa bhliain 1643. Bhí an sagart Brian Mac Giolla Coinnigh ina ghairdian ar an gcoláiste ó na blianta 1637-1641, agus foilsíodh a Riaghuileacha Threas Uird S. Froinsias i Lobháin sa bhliain 1641.

Ba i gColáiste Naomh Antaine a chaith an captaen Somhairle Mac Domhnaill deireadh a shaoil. Ceaptar gur ag an gcoláiste a d'fhág sé Duanaire Finn, an leabhar laoithe fiannaíochta a chur sé á scríobh c.1630.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lobháin, Tomás Ó Cléirigh, An Gúm, 1935, 1985
  • Rialachas San Froinsias, Pádraig Ó Súilleabháin OFM, Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, 1953
  • Louvain, Henry, Gráinne, The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd, 2003

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]