Coimpeart Chonchúir
Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, réamhscéal don Táin Bó Cuailnge is ea Coimpeart[1] Chonchúir (Sean-Ghaeilge Compert Conchobuir) mhic Neasa. Caomhnaítear in dhá leagan é as Sean- agus Meán-Ghaeilge. Sa dá scéal, is iad Neasa a máthair agus Cathbhadh draoi a athair, ach ní hionann na scéalta ar dhóigh eile.
Aithnítear lorg láimhe de mhórán scríobhaithe sa leagan níos sine ó thaobh theanga de, caomhnaithe i Leabhar Bhaile an Mhóta agus i Leabhar Buí Leacáin.[2] Sa scéal seo, bhí Nessa laistigh d'Eamhain Mhacha i dteannta lena hionailtí. Tharla ansin gur tháinig Cathbad draoi chuici. D'fhiafraigh sí de, céard ba chuí ag an am úd. Ar Cathbhadh mar fhreagra, bheadh glóir go síoraí in Éirinn ag banríon a ghinfeadh rí. Óir nach raibh fear ar bith eile i láthair, thóg Neasa Cathbhadh gan leisce chun luí léi. Gineadh Conchúr ansin, lena raibh Neasa torrach le trí bliana agus trí mhí.
Faightear an dara leagan den scéal in áit eile i Leabhar Bhaile an Mhóta agus i Leabhar Buí Leacáin.[3] Insítear iontu scéal níos mionsonraithe. Taoiseach bhuíon na bhFiann ab ea Cathbhadh, i dteannta lenar mharaigh sé beirt athair altrama déag Asas, iníon an rí, Eochaidh Sálbhuí. Chun díoltas a bhaint amach, d'éirigh Asa (séimh) ina taoiseach buíne féin, agus thuill sí an leasainm Ní-Asa (ní-séimh) dá bharr. Chloígh Cathbhadh Neasa le chleas éalaithe, agus phós sí é chun a saol a shábháil. Ball beag ina dhiaidh sin, fuair sí uisce ón abhainn Chonchúir dá fear céile. Toisc go raibh dhá phéist san uisce, chuir Cathbhadh iachall ar Neasa an t-uisce a ól féin, agus d'éirigh sí torrach dá bharr. Thosaigh a pianta breithe ar turas lá, agus thug Cathbhadh tuar go n-éireoidh leanbh ina rí mór le rá, dá mb'fhéidir le Neasa moill a chur ar an mbreith go dtí an oíche sin, an oíche chéanna ar a dtabharfadh Íosa Críost ar an saol daonna. D'éirigh léi, agus in am trátha, d'éirigh le Conchúr, ainmnithe as an abhainn agus tugtha ar an saol le péist ina láimh aige, ina rí is cáiliúla na nUladh.
Eagráin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Kuno Meyer: Compert Conchobuir. In: Revue celtique 6, 1884, ll. 173–182 (le haistriúchán Béarla).
- In: Rudolf Thurneysen: Sagen aus dem alten Irland. Berlin 1901 (gearmáinis).
- Ch.-J. Guyonvarc’h: La Naissance de Conchobar. In: Ogam 11, 1959, ll. 56–65, 335–336 agus Ogam 12, 1960, ll. 235–240 (francis).
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Rudolf Thurneysen: Die irische Helden- und Königsage. Max Niemeyer, Halle 1921 (Nachdruck Olms, Hildesheim/New York 1980), ll. 273–276.
- Bernhard Maier: Compert Chonchobuir. In: Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur (Kröners Taschenausgabe. Band 466). Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5, ll. 83f.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ coimpeart ar teanglann.ie FGB, giniúint
- ↑ LBM 260 a 6; LBL 180 a 36; weitere Handschriften: Oxford, Rawlinson LS B. 512, fol. 100 v, b; Baile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, CnT LS H. 3.18, lch. 48 b. Fosta Thurneysen, Helden- und Königsage, lch. 273.
- ↑ LBL 179 b; LBM 259 b; mit kleinen Änderungen auch in British Museum, Egerton 1782, fól. 77 v. Fosta Thurneysen, Helden- und Königsage, lch. 274.