Clive Stafford Smith

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
2009

Is dlíodóir Sasanach é Clive Stafford Smith a rugadh ar an 9 Iúil 1960, agus feachtasóir ar son chearta an duine.[1] Bhunaigh sé an brúghrúpa "Reprieve" in aghaidh phionós an bháis.[2]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

2010

D'fhás Stafford Smith suas agus chuaigh sé ar scoil i Sasana. Tar éis dó freastal ar Ollscoil Carolina Thuaidh i Chapel Hill mar Scoláire Morehead, lean sé ar aghaidh chuig Scoil Dlí Columbia chun dul leis an dlíodóireacht.[3]

Bhí Stafford Smith ag dlíodóireacht in áiteanna éagsúla i ndeisceart SAM ar feadh níos mó ná fiche bliain, ag díriú ar achomhairc maidir le pionós an bháis. Tugadh an-aird dó sna meáin mar duine a bhí ar thús cadhnaíochta sa réimse sin agus mar gheall ar an ionadaíocht dhíograiseach dhiongbháilte a thug sé dá chuid cliant.

Sa bhliain 1999 bhunaigh Stafford Smith Reprieve, carthanacht a chuireann tacaíocht dlí agus fiosrúcháin saor in aisce, ar fud an domhain, do dhaoine atá i mbaol a mbásuithe nó atá buailte ag polasaithe frithsceimhlitheoireachta mar an ngéilleadh urghnách, an chéastóireacht, an phríosúnacht sheachbhreithiúnach agus an bású seachbhreithiúnach.

Chuidigh Stafford Smith chun Abdul Shaker a shaoradh

I 2004, d'aistrigh Stafford Smith go Londain chun bheith ag obair go lánaimseartha leis an eagraíocht Reprieve. As sin amach, tá iomrá ar leith sna meáin air, de bharr na hoibre atá á déanamh aige ar son daoine atá faoi ghlas sa Bahía de Guantánamo agus mar gheall ar a chuid iarrachtaí comhpháirteachas rialtais na hEorpa, rialtas na hÉireann san áireamh, i gcleachtas an ghéillte urghnách a thabhairt chun solais.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Clive Stafford Smith. "https://twitter.com/clivessmith" (en). Twitter. Dáta rochtana: 2020-07-09.
  2. "About" (en). Reprieve. Dáta rochtana: 2020-07-09.
  3. UCD School of Law (2020-07-09). "Clive Stafford Smith" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-07-09.