Cispheil in Éirinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cispheil in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cispheil

Dar le roinnt daoine go spóirt cineál nua í cispheil d'Éireann. Ba chluiche iompórtáilte againn óna Meiriceánaigh. Is í an fhírinne ná go raibh cispheil á imirt in Éirinn sna 1920aí. Chuir Sairsint Doogan an cluiche in iúl do shaighdiúirí san airm. Bhí cáil ar an gcluiche mar aclaíocht do dhornálaithe. I ndiaidh roinnt ama fuair sé stádas do féin agus bhí clú ar san airm ó shin amach.

Bunús Cispheil - Cruthaithe ag Dr. James Naismith i Springfield, Massachusetts, i 1881. Bhí sé ag iarraidh tecaht ar chluiche le scileanna choirp a bheadh siad in ann a imirt i rith an gheimhridh nuair a bhí sé go dona i New England. D'imir siad an chéad chluiche le liathróid sacar agus dhá ciseán torthaí. Inniu is feiniméan domhanda é cispheil a bhfuil na milliúin infheistithe ann, luchleasaithe éilíte agus cluichí gach uile lá don seachtain.

I 1925 bhí dhá craobhchomórtas eiseadh sa Churragh.

Stair Cispheil in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí fás tapaidh lasmuigh den airm maidir leis an gcispheil. I Márta 1945 bhí foirmíocht an chéad club i UCD. Bhí na chéad cluichí idir ollscoile i 1946. I 1945 bhí an foirmíocht do Chumann Amaitéarach na hÉireann (Amateur Basketball Association Ireland). I 1947 bhí comhcheangail ag FIBA (The International Basketball Federation) le cispheil na hÉireann agus ansin bhí aitheantas ar mar spóirt oifigiúil in Éirinn.[1]

Bliain níos déanaí cuir Éireann foireann cispheil isteach sna Cluichí Oilimpeacha i 1948. Bhí na cluichí ar iúl sa Bhreatain, iar an Dara Cogadh Domhanda. Ní raibh córas cáilithe i gceist. Sé seo an t-aon uair i stair na hÉireann bhíodar mar rannpháirtí i gcispheil sna Cluichí Oilimpeacha.[1]

Bhí sraith na bhfir cruthaithe i 1971/1972 agus sraith na mban cruthaithe i 1979/1980. Bhí tosú ar an ré nua-aimseartha nuair a thug Naomh Uinseann, Cill Airne na chéad imreoirí proifisiúnta óna Stáit Aontaithe Mheiriceá i 1979/1980. D'oscail Cispheill Éireann an Láthair Náisiúnta Chispheile i bPáirc Thig Mhotháin, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24, ar an 24ú Eanáir, 1993. D'athraigh an eagraíocht ó Chumann Amaitéarach Cispheil na hÉireann (Amateur Basketball Association Ireland) go dtí Cumann Cispheil na hÉireann (International Basketball Association) i 1980.[1]

I mí Lúnasa, 2001, don chéad uair i stair na heagraíochta bhí foireann na bhfir cáilithe don bhabhta leath cheannais don chomórtas Eorpach i 2003. I 2003 tháinig struchtúr nua ar Chumann Cispheil na hÉireann (International Basketball Association) agus bhí brandáil nua i gceist don eagraíocht, Cispheil Éireann (Basketball Ireland). Sé seo le haghaidh an feabhsú agus forbairt don spóirt in Éirinn.[1]

Is í Cispheil Éireann (Basketball Ireland) an coiste rialaithe idirnáisiúnta do chispheil in Éirinn. Tá freagracht ag an eagraíocht do chur chun cinn, forbairt, riaracháin do ghníomhaíochtaí in Éirinn agus Tuaisceart Éireann. Is é príomhaidhm Cispheil Éireann ná leibhéal rannpháirtíochta cispheil a ardú i measc na tíre agus cúrsaí, comórtaisí, sraitheanna agus seirbhísí atá ar chaighdeán proifisiúnta a chur ar fáil don phobal cispheil.[1]

Cispheil in Éirinn Inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Éire v Lucsamburg

Cosúil leis an Ghaeilge, tá athbheochan tagtha ar an gcispheil sa tír seo le blianta anuas. I 2017 bhí cluiche ceannais chorn na bhfear (Mens Super League) díolta amach idir Cill Easra agus Sord. Imrítear na cluiche ceannais seo sa Láthair Náisiúnta Chispheile i dTamhlacht.

Inniu bíonn na cluichí seo craolta ar TG4.

Níl na sluaite céanna nó suim céanna i gceist is a bhíodh i Staid Neptune sna 80aí, ach, tá feabhas mór le feiceáil, go háirithe 5 mbliana ó shin. Bhí foireann Fé 18 na hÉireann cáilithe don chluiche ceannais tábhachtach sa Fhrainc. Is léir nach raibh mórán muiníne iontu go mbeidh siad ag dul chn cinn sa chomórtas. Bhí an bád abhaile ag fágáil ag an am céanna leis an gcluiche a bhí le himirt acu.

Idir 2010 agus 2016 ní raibh foireann idirnáisiúnta ag fir na hÉireann. D'éirigh le réalt agus laoch ó am na h80aí, suim, uaillmhian agus bród a chuir isteach in imreoirí Éireannach nuair a bhí sé ceaptha ina bhainisteoir. B'é Strickland duine de na chéad Mheireacceánaigh a tháinig go hÉirinn chun imirt. Príomh aidhm agus dualgas aige anois ná an fhoireann náisiúnta a chur bhóthar leasa arís.[2]

Imreóirí le Cáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá beirt Éireannaigh, Jordan Blount agus Seán Flood a bhuaigh an tsraith Mens Super League le Teach Mealóg ag imirt le coláistí i Meiriceá. Beidh ról lárnach acu i athbheochan cispheil na bhfear.

Rugadh Blount i Geneva, Ohio (SAM) ar an 5ú Eanáir, 1997. Tá oidhreacht Éireannach aige a ligeann do imirt ar son na hÉireann. Seasann sé ag 6' 8" (203cm) agus meachán 200lbs (91kg). Imríonn sé mar SG (Garda Caithimh) do na Illnois - Chicago Flames. Beidh Blount cáilithe don NBA Draft i 2020.[3]

Kieran Donaghy. Imreoir Peil Ghaelach, Ciarraí agus Imreoir Cispheile, Trá Lí

Rugadh Flood i mBaile Átha Cliath ar 10ú Meán Fómhair, 1996. Bhí treimhsí imeartha ag Flood in Éirinn agus sa Ghearmáin. Seasann sé ag 6' 1" (185cm) agus meachán 155lbs (70kg) aige. Imríonn sé ar son Santa Fe CC (JUCO) agus beidh sé cáilithe don NBA Draft i mbliana (2018).[4]

Cispheil i measc Pheileadóirí Ghaelacha in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le blianta beaga anuas is treocht ann go bhfuil imreoirí Peil Ghaelacha (Cumann Lúthchleas Gael) ag imirt cispheile as séasúr chun a gcuid scileanna lámha a fhorbairt agus a gcuid cleacthadh aeróbach a choinneáil ag ráta ard.

I mbliana tá iarimreoir na mbliana ó Bhaile Átha Cliath, Michael Daragh MacAuley i ndiaidh teacht ar bhord le hÉanna a bhíonn ag imirt san Ard-Sraith don tír.[5] Anuas ar sin tá sarimreoir Ciarraí, Kieran Donaghy ag imirt lena Tralee Tigers agus foireann na hÉireann.[6] Tá na himreoirí seo mar lár na hathbheochana ag tacú na foireann agus ag cur an cluiche i mbéal an phobail arís.

Le filleadh ar ais na réaltaí seo tá sé i ndiaidh suim agus díograis an phobail a ghinúint. Tá sluaite na cluichí méadaithe agus proifíl an cluiche sa tír ardaithe de bharr seo. Tá scéal ann gur chuir Mick O'Dwyer, Eoin 'Bomber' Liston ag imirt cispheile i rith an Gheimhridh agus é ina bhainisteoir ar Chiarraí.[7]

Cispheil i measc mná in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maidir le feabhas agus forbairt cispheil in Éirinn, d'éirigh le Foireann na mBan craobh faoi 18 na hEorpa i mBaile Átha Cliath a bhaint amach an samhradh seo caite (2017). Ligfidh sé seo dóibh áit a bhaint amach i gcraobh A na hEorpa, rud nach ndearna aon fhoireann faoi aois ón tír seo riamh.[8]

I gcás cispheil, is í an cluiche a bhfuil an méid is mó éilimh ar do chailíní fé 16. Freisin, tá scoilt cothrom, 50/50 i measc fir agus mná atá ag imirt an cluiche.[9]

Feabhas agus Forbairt ar Chispheil in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhaile ta an cluiche ag dul ó neart go neart. Tá foirne cosúil le Mhaigh Cuilinn ag glacadh páirt ag an gcaighdeán is airde de chispheil na fir, Super League. Anuas ar sin tá foirne as Dún na nGall agus Sligeach ag imirt i Roinn 1 den tsraith chomh maith.[10]

An Ard-Sraith[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'é an Ard-Sraith an príomh comórtas do chispheil i measc na bhfir in Éirinn. Tá an tsraith déanta suas do 12 foirne (11 ó Phoblacht na hÉireann agus ceann amháin ó Thuaisceart na hÉireann). Tá an tsraith mar bhall do Chispheil Éireann, aitheanta ag FIBA freisin.

Tá Neptune, ó Chorcaigh, mar an fhoireann leis an méid is mó bua, ag buachaint an comórtas 11 uair as a chéile. Bhí an tsraith bunaithe i 1973 le dhá roinn le haghaidh na bhfir. Chuir clubanna Baile Átha Cliath sa phríomh shraith le Cill Easra, Naomh Uinseann agus Marian ag dul in iomaíocht le haghaidh ardcheannas in aghaidh clubanna Corcaigh Blue Demons agus Neptune.[11]

Tuisligh an tsraith tríd na céad cúpla séasúr roimh gur tháinig imreoir Cill Airne, Paudie O'Connor, chun cinn. Bhí sé ar an tuairm go raibh sé in am do shraith le ardchaighdeán a bheith ar fáil don lucht féachana. Geimhreadh 1979, d'éirigh le O'Connor beirt imreoirí Mheiriceanaigh a mhealladh go Cill Airne, Cornel Bedford agus Greg Huguley.[12] Ní raibh sé ar an eolas ag an am, ach, d'athraigh sé an cluiche Éireannach go deo[13].

I ndiaidh seo thug Eagraíocht Cispheil na hÉireann isteach rialúchán nua, ag cur an teorainn d'imreoirí thar sáil ach do bheirt a bheith ar gach foireann. Chuir sé seo cosc ar an tsraith ag dul i dtreo an cluiche a bheith proifisiúnta, mar a tharla sa Bhreatain.[14]

D'imigh O'Connor ar ais go dtí na Stáit Aontaithe i 1981 agus rinne sé earcú ar Arnold Vesey agus fathach Tony Andre atá 6' 8" - céad réalt cispheil in Éirinn.[12] Cabhraigh an bheirt acu an céad bua sraith do Chill Airne a bhaint amach i 1981-82. I ndiaidh seo bhí clubanna Corcaigh, Blue Demons agus Neptune ag earcú imreoirí Meiriceánaigh. D'éirigh le Neptune teacht ar Terry Strickland, ceann do na iompórtáil is fearr riamh a tháinig go dtí an tsraith.

Bhí tionchar mór ag Strickland i bhfoireann Neptune nuair a d'éirigh leo 4 sraith i ndiaidh a chéile a bhuachaint idir 1984-85 agus 1987-88. Bhí iomaíocht idir Neptune agus Blue Demons i rith na 1980aí. Príomh fáth rath no foirne seo ná Terry Strickland do Neptune agus Jasper McElroy ó Blue Demons. Bhí na himreoirí Éireannacha ar fad amaitéarach ach bhí ar na hiomportáil Meiriceánach a bheith cláraithe mar phroifisiúnaithe.

Chun a bheith in ann íoc as na himreoirí seo bhí géar gá le hurraíocht. Bhí scéim curtha i bhfeidhm ag Eagraíocht Cispheil na hÉireann. Chuir infheisteoirí airgead sna clubanna agus bhí na himreoirí seo mar chlár fógraí a bhíonn ag siúl thart timpeall dóibh.[14] In ainneoin seo bhí amannta ann bhí clubanna ag streachailt toisc nach raibh siad in ann urrú móra a fháil chun cuidiú leo i dtéarmaí íoc as imreoirí a bhí ag teacht ó thar sáile. Bhí UCD Marian mar shampla do seo. Seaimpíní i 1978 agus ísliú céime 4 bliana níos déanaí toisc nach an airgead acu chun tallann thar sáile a urrú.[14]

I 1986 agus 1987, bhí plean curtha i bhfeidhm chun laghdú a dhéanamh ar na méid iomportáíl a bhíonn ag foireann. D'aontaigh le 80% de na clubanna le seo agus laghdaigh an uimhir ó bheirt go dtí duine amháin a bheith ar fhoireann. Le tacaíocht Eagraíocht Cispheil na hÉireann, tháinig an rialúchán seo chun cinn san séasúr 1988-89. Bhí tuairimí diúltacha i measc clubanna Corcaigh faoi na hathruithe. Dar leo nach raibh siad rathúil agus go raibh pionós á chuir orthu de bharr seo. Fáth eile le na hathruithe na rialacha ná go raibh sé chun níos mó deiseanna a chuir ar fáil d'imreoirí áitiúla Éireannacha agus chun laghdú dhéanamh ar chostaisí, toisc go raibh an iomarca brú airgeadais ar chlubanna íoc as bheirt iomportáíl. Toradh de seo ná go raibh laghdú i suim cispheil in Éirinn agus ní raibh an méid céanna suime i measc an phobail ach an oiread sa spóirt i rith na 1990aí.[15]

I 2013, d'athraigh Cispheil Éireann ainm an comórtas ón Ard-Sraith go dtí an Príomhshraith.[16] Le hiomportáíl Lehmon Colbert agus imreoir/bainisteoir Colin O'Reilly, bhuaigh Blue Demons corn i 2013-14 agus 2015-16. I 2015 tharraing Neptune as an bpríomhshraith i ndiaidh báis ceann dá himreoirí. Bheartaigh siad imeacht síos céime mar thoradh de seo.[17] San séasúr céanna, chuir Cispheill Éireann isteach foirann san corn Eorpach FIBA. Ainmnítear an fhoireann Hibernia agus bhí sé cruthaithe ionas go mbeidh siad in ann imirt i gcomórtaisí Eorpach. Tá an fhoireann déanta suas de na himreoirí ó chlubanna sa phríomhshraith.[18] I 2016 bheartaigh ar Chispheil Éireann ainm an comórtas a athrú ar ais go dtí an Ard-Shraith le haghaidh an séasúr 2016-17.[19]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 http://www.basketballireland.ie/history/ Curtha i gcartlann 2016-05-29 ar an Wayback Machine, Basketball Ireland, Suíomh na hEagraíochta (Béarla)
  2. https://tuairisc.ie/na-cluichi-mora-aar-tg4-aris-agus-borradh-ag-teacht-faoi-chispheil-in-eirinn-athuair/, Tuairisc.ie, Suíomh Nuachta, (Gaeilge)
  3. https://basketball.realgm.com/player/Jordan-Blount/Summary/107097, Real GM, Suíomh Spóirt (Béarla)
  4. http://www.santafesaints.com/sports/mbkb/2016-17/bios/flood_sean_dimb,Santa Fe Saints, Suíomh Coláiste (Béarla)
  5. http://www.the42.ie/michael-darragh-macauley-dublin-fitness-2787194-May2016/, The42.ie, Suíomh Nuachta (Béarla)
  6. http://www.the42.ie/kieran-donaghy-ireland-basketball-squad-3274814-Mar2017/, The 42.ie, Suíomh Nuachta (Béarla)
  7. https://www.irishtimes.com/sport/gaelic-football-and-basketball-make-for-intriguing-combination-1.2953900, The Irish Times, Suíomh Nuachta (Béarla)
  8. https://tuairisc.ie/na-cluichi-mora-aar-tg4-aris-agus-borradh-ag-teacht-faoi-chispheil-in-eirinn-athuair/, Tuairisc.ie, Suíomh Nuachta (Gaeilge)
  9. http://www.basketballireland.ie/history/ Curtha i gcartlann 2016-05-29 ar an Wayback Machine, Basketball Ireland, Suíomh na hEagraíochta (Béarla)
  10. https://tuairisc.ie/na-cluichi-mora-aar-tg4-aris-agus-borradh-ag-teacht-faoi-chispheil-in-eirinn-athuair/, Tuairisc.ie, Suíomh Nuachta (Gaeilge)
  11. https://web.archive.org/web/20150428104842/http://www.basketballireland.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=1388, Basketball Ireland, Suíomh na hEagraíochta (Béarla)
  12. 12.0 12.1 http://www.terracetalk.com/articles/366/Paudie-O-Connor-and-the-first-Black-basketball-players-in-Killarney, Terrace Talk, Suíomh Nuachta Spóirt (Béarla)
  13. http://www.terracetalk.com/articles/366/Paudie-O-Connor-and-the-first-Black-basketball-players-in-Killarney, The Southern Star, Suíomh Nuachtáin (Béarla)
  14. 14.0 14.1 14.2 http://www.ucdmarian.com/index.php/history-of-the-club Curtha i gcartlann 2018-04-10 ar an Wayback Machine, UCD Marian Basketball Club, Suíomh an Chlub (Béarla)
  15. https://vimeo.com/62940106, Vimeo, Físeán (Béarla)
  16. https://www.irishexaminer.com/sport/other-sports/a-whole-new-ball-game-as-premier-league-begins-241472.html, Irish Examiner, Suíomh Nuachtáin (Béarla)
  17. https://www.irishexaminer.com/sport/other-sports/neptune-exit-basketball-premier-league-344741.html, Irish Examiner, Suíomh Nuachtáin (Béarla)
  18. https://www.irishexaminer.com/sport/other-sports/neptune-exit-basketball-premier-league-344741.html, Sports News Ireland, Suíomh Nuachta Spóirt (Béarla)
  19. http://www.basketballireland.ie/news-detail/10011240/ Curtha i gcartlann 2018-03-23 ar an Wayback Machine, Basketball Ireland, Suíomh na hEagraíochta (Béarla)