Charles Francis Richter
Jump to navigation
Jump to search
Seismeolaí Meiriceánach a rugadh i Hamilton, Ohio ab ea Charles Francis Richter (26 Aibreán 1900 – 30 Meán Fómhair 1985). Le Beno Gutenberg, chum sé scála Richter chun neart crith talún a thomhas (1927–1935). I gcomhar le Gutenberg d'fhoilsigh sé Seismicity of the Earth (Seismeacht an Domhain, 1954). Scríobh sé Elementary Seismology (Uraiceacht na Seismeolaíochta, 1959) freisin. Fuair sé bás in Pasadena, California.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |