Caomhnú an chomhshaoil
Is éard atá i gceist le caomhnú an chomhshaoil (nó cosaint na timpeallachta) ná cosaint is leasú acmhainní an domhain (plandaí, ainmhithe, aer, uisce, talamh, mianraí is fuinneamh) don am le teacht. (Chlúdódh sainmhíniú níos leithne dearadh na timpeallachta nó fiú cosaint dhaonnúil agus chaomhnú oidhreachta[1]).
Leis an gcomhshaol is mó a luaitear an téarma. Mar shampla, sa Straitéis Caomhnaithe Dhomhanda (1980) fógraíodh go raibh gá le caomhnú na n-acmhainní beo is na héagsúlachta géinití ar mhaithe le próisis riachtanacha eacnamaíochta agus inbhuanaitheacht speiceas is éiceachóras.
Is gá go leanfaidh stoc inmharthana speicis ainmhithe is plandaí, aer glan is uisce íon inólta, agus ithir thorthúil.
Is gá go gcaomhnófar áilleacht an nádúir is an chomhshaoil i gcoitinne freisin, mar bhunús spioradálta an duine anois agus sna glúine le teacht.
Ar an 6 Samhain gach bliain, ceiliúrtar an Lá Idirnáisiúnta um Chosc Dhúshaothrú an Chomhshaoil sa Chogaíocht agus sa Choinbhleacht.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Comhshaolachas
- Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
- Bainistíocht acmhainní an chomhshaoil
- Timpeallacht
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ mar shampla, lámhdhéantúsán stairiúil, leabhair, péintéireacht, dealbhóireacht, séadchomharthaí, foirgnimh, ceol is teangacha, srl
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Caomhnú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 114.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |