Jump to content

Cabála

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sephiroth

Is éard atá i gceist leis an gCabála ná disciplín nó scoil smaointeoireachta a chuireann béim ar leith ar thaobh misteach an Ghiúdachais Raibínigh, is é sin, ar an teagasc misteach a fhaightear i scríbhinní áirithe diamhra nach nglactar leo mar chuid de chanóin an Ghiúdachais cé go bhfuil baint acu leis an traidisiún Giúdach. Ní féidir a rá gur sainchreideamh nó sainaicme chreidimh é an Cabála, nó bíonn dreamanna éagsúla creidimh ag tarraingt ar an litríocht Chabálach, agus difríochtaí móra idir na cineálacha éagsúla Giúdachais ó thaobh an Chabála de. Is iad na Giúdaigh Hasadacha - saindream misteach creidimh a tháinig ar an bhfód san ochtú haois déag faoi cheannas an raibí Úcránaigh Baal Shem Tov - is mó a dhéanann staidéar ar na téacsaí Cabálacha, agus scríobh smaointeoirí Hasadacha a lán ábhair nua den chineál seo.

Iad siúd a bhíonn ag plé leis an gCabála, deir siad gurb í an eochair a mhíneoidh fíor-theachtaireacht an tSean-Tiomna. Cuireann siad béim ar chomh furasta agus atá sé an chiall mhícheart a bhaint as an gCabála, agus go traidisiúnta, ní raibh cead ach ag daoine meánaosta agus níos sine staidéar a dhéanamh ar an ábhar Cabálach. Chaithfidís bheith eolach ar na téacsaí Giúdacha eile, cosúil leis an Sean-Tiomna agus an Talmúd, sula gcromfaidís ar an gCabála.

Inniu, áfach, glactar leis gurb í an popamhránaí Madonna an duine is cáiliúla a bhíonn ag plé leis an gCabála. Fuair sise agus a lán daoine cáiliúla eile i gCalifornia an chéad aithne ar an gCabála tríd an Kabbalah Centre, ionad teagaisc i Los Angeles. Ba iad an raibí Philip Berg agus a bhean chéile Karen a bhunaigh an t-ionad seo, agus iad barúlach nár chóir an Cabála a choinneáil ceilte ar aon duine, smaoineamh nach dtaitníonn le húdaráis sheanbhunaithe an reiligiúin Ghiúdaigh.

Is iad seo a leanas roinnt de na príomhthéacsanna a bhaineann leis an gCabála:

  • “Leabhar an Mhúnlaithe" nó "Leabhar na Cruthaitheachta”, Soifear Yéitsoireá, an téacs Cabálach is sine dá bhfuil ann, agus a luaitear leis an bPatrarc Abrahám.
  • “Leabhar na Léire”, Soifear Há Báihir, téacs casta a chéadtáinig ar an bhfód sa 12ú haois i Languedoc na Fraince.
  • “Leabhar na Galántachta”, Soifear Há Zohár, an príomhleabhar de chuid an Chabála, a scríobh Maois de Leon sa Spáinn sa 13ú haois agus a chuirtear i leith an raibí Síomón bar Yóhaí go traidisiúnta.
  • “Litríocht na bPálás” nó “Scríbhinní an Charbad Neimhe”, bailiúchán de théacsanna misteacha, scríofa in Eabhrais agus in Aramais, a scríobhadh i dtír Iosrael idir an 4ú agus an 8ú haois, agus ina gcuirtear síos ar fhíseanna eacstaiseacha i dtaobh an Charbad Neimhe (Méarcáva), na bhFlaitheas, na nAingeal agus Ríchathaoir Dé.

Tá easaontas i measc na staraithe maidir le bunús ceart an Chabála. De réir fhoinsí an Chabála féin, thosaigh sé le hÁdhamh agus sanntar “Leabhar an Aingeal Raiziél” dó. Ansin, cuirtear i leith Abrahám go traidisiúnta an chéad leabhar eile de réir na croineolaíochta, sé sin “Leabhar an Mhúnlaithe”, Soifear Yéitsoireá, nó sin a thuairiscíonn Éilias bein Sleómó Zálman Creimear (Ginias Vilnias). I ndáiríre, scríobhadh é sa tréimhse Thalmúdach, is dóigh thart ar idir 600 agus 800 IC.