Cáit Feiritéar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCáit Feiritéar
Beathaisnéis
Breith1 Nollaig 1916
Baile na hAbha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Meitheamh 2005
88 bliana d'aois
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Scéalaí Éireannach ab ea Cáit FeiritéarAn Bhab (1 Nollaig 1916 – 8 Meitheamh 2005).

Rugadh Cáit Feiritéar (née Ní Ghuithín) ar 1 Nollaig 1916 i mBaile na hAbha, Dún Chaoin i gContae Chiarraí. Fuair a máthair Eibhlín Ní Shé bás go gairid i ndiaidh a breithe. Ba é a hathair Seán Ó Guithín a thóg í. Scéalaí ab ea athair Sheáin, Mícheál Ó Guithín, agus d’fhoghlaim Feiritéar an scéalaíocht uaidh nuair a bhí sí óg. Nós teaghlaigh a bhí ann, mar bhí a huncail Tadhg, a seanmháthair Cáit, Bean Uí Shé (1861–1941), agus a seanaintín Máire Ruiséal, Bean Uí Lúing (1856-1946) ina scéalaithe.

D’fhreastail Feiritéar ar Scoil Naomh Gobnait sa cheantar áitiúil ó 1923 go 1931.[1][2][3][4]

Phós sí Séamus Feiritéar i 1942 agus bhí seachtar clainne acu, Breandán, Pádraig, Seán, Micheál, Séamus, Máirín agus Treasa. Bhí Breandán ina láithreoir raidió agus ina údar. Bhí Séamus ina phríomhoide ar scoil náisiúnta Choláiste Mhuire i mBaile Átha Cliath (Gaelscoil).

D’inis Feiritéar scéalta ar Raidió na Gaeltachta agus do pháistí scoile a bhí ag freastal ar cheardlanna scéalaíochta. Rinne eagraíochtaí éagsúla taifeadadh ar a cuid scéalaíochta; ina measc, Roinn Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Roinn na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh, agus Raidió na Gaeltachta. I 1988 bhuaigh Feiritéar an comórtas scéalaíochta ag Oireachtas na Gaeilge i dTrá Lí. D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta leabhar dá cuid scéalta faoin teideal Ó Bhéal an Bhab in 2002. Bhí tionchar aici ar roinnt scríbhneoirí Gaeilge, ina measc Seán Ó Ríordáin, Seán Ó Tuama, Máire Mhac an tSaoi agus Nuala Ní Dhomhnaill.

Fuair sí bás ar 8 Meitheamh 2005 in ospidéal an Daingin.[1][2][5][3][6][7][8][9]

Is é a dúirt Bo Almqvist agus Roibeard Ó Cathasaigh fúithi sa réamhrá don leabhar Ó Bhéal an Bhab Is máistir í chomh maith ar an gcomhrá fileata, sa tslí is gur féidir a hinsintí a scríobh síos focal ar fhocal agus gur litríocht fhoirfe ar phár í.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 FEIRITÉAR, Cáit (1916–2005)” (ga). ainm.ie (2017-11-08). Dáta rochtana: 2019-11-13.
  2. 2.0 2.1 Renowned scealai with storytelling in her blood”. The Irish Times (2013-03-21). Dáta rochtana: 2019-11-13.
  3. 3.0 3.1 'Queen of learning' passes on”. Independent.ie (2005-06-16). Dáta rochtana: 2019-11-13.
  4. Handout”.
  5. Humor and gender in 'The Woman's Excuse' as told by Bab Feiritéar”. NUIG.
  6. Mulligan (2019). "Geofeminism in Irish and Diasporic Culture: Intimate Cartographies". Springer International Publishing. ISBN 978-3-030-19215-0. Dáta rochtana: 2019-11-13. 
  7. Hayes-McCoy (2012). "The House on an Irish Hillside: When you know where you've come from, you can see where you're going". Hodder & Stoughton. ISBN 978-1-4447-3033-3. Dáta rochtana: 2019-11-13. 
  8. Coiglímis an Tine - Foilseacháin” (ga). Publications Oidhreachta Dhuibne. Dáta rochtana: 2019-11-13.
  9. Cáit Feiritéar, Niolás Tóibín, Áine Ní Ghallchóir / RTÉ - Siúlach Scéalach” (ga). Nuacht1.com (2015-04-20). Dáta rochtana: 2019-11-13.