Bunreacht na Beilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Armas na Beilge

Is ó 1831 Bunreacht na Beilge (Ollainnis: Belgische Grondwet, Fraincis: Constitution belge, Gearmáinis: Verfassung Belgiens). Ó shin i leith, tá an Bheilg ina monarcacht pharlaiminteach lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabail na freagrachta airí as beartas an rialtais agus scaradh na gcumhachtaí. Leis an mBunreacht, bunaíodh an Bheilg mar stát aonadach láraithe. Ó 1970, áfach, trí athchóirithe stáit comhleanúnacha, d'éirigh an Bheilg chun bheith ina stát feidearálach.

Rinneadh an t-athrú radacach deireanach ar an mBunreacht in 1993 agus foilsíodh é ina dhiaidh sin i leagan athnuaite d'Iris Oifigiúil na Beilge. Ceann de na hathruithe is tábhachtaí a rinneadh ná tabhairt isteach na Cúirte Eadrána ar méadaíodh a n-inniúlachtaí le dlí speisialta ó 2003 chun Teideal II (Airteagail 8 go 32), agus Airteagail 170, 172 agus 191 den Bhunreacht a chumhdach. Ar an gcaoi sin, forbraíodh an Chúirt chun bheith ina cúirt bhunreachtúil agus i mBealtaine 2007 athainmníodh í mar "Chúirt Bhunreachtúil". Tá an t-údarás ag an gCúirt a scrúdú an bhfuil dlí nó foraithne ag comhlíonadh Theideal II agus Airteagail 170, 172 agus 191.

Gnéithe stairiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunús[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Bunreacht léirithe mar na Táibléid Cloiche ar bhonn Beilgeach, agus iad cosanta ag an leon Beilgeach

Cruthaíodh Bunreacht 1831 na Beilge tar éis don Bheilg scaradh leis an Ísiltír Aontaithe mar chuid de Réabhlóid na Beilge. Tar éis chéad rath na réabhlóide, tionóladh Comhdháil Náisiúnta thofa i Samhain 1830 chun córas polaitiúil a cheapadh don stát nua. Le baill na Comhdhála Náisiúnta, léiríodh éagsúlacht na n-idéal polaitiúil, ach thacaigh an chuid is mó díobh le "hAontas na bhFreasúraí" a tháinig chun cinn roimh an réabhlóid. Leis sin, tugadh liobrálaigh mheasartha le chéile le Caitlicigh a raibh claonadh níos liobrálaí acu.

Is é a bhí i mbunreacht 1831 [...] comhréiteach idir na húinéirí talún agus an chléir ar an taobh amháin agus an mheánaicme liobrálach ar an taobh eile. Bhí na fórsaí coimeádacha toilteanach chun dul in oiriúint leis na hathruithe dosheachanta sa tsochaí ach bhí an toilteanas sin dírithe ar an nasc orgánach leis an am a bhí thart a choimeád agus ar athrú radacach a chosc. Choinnigh an mheánaicme liobrálach, in ainneoin an fhoinn a bhí acu athbhreithniú córasach radacach a dhéanamh d'fhonn é a mhéadú, guaim uirthi féin, gnáth-fhreagairt an liobrálachais luaith.

An toradh a bhí ann ná "comhréiteach a bhí cothromaithe go cáiréiseach" agus a chuir gnéithe liobrálacha radacacha le chéile le héiteas a bhí coimeádach go daingean. Na fasaigh i mbunreachtaí 1791, 1814 agus 1830 na Fraince, i mbunreacht 1814 na hÍsiltíre agus i bprionsabail bhunreachtúla Shasanacha is bun le Bunreacht na Beilge. Bunaíodh an Bheilg mar mhonarcacht bhunreachtúil le córas an dá sheomra. Roinneadh na cumhachtaí idir an feidhmeannas, an reachtas agus na breithiúna. Sa Bhunreacht, tugadh ráthaíocht don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, don tsaoirse oideachas a fháil, don tsaoirse creidimh agus do shaoirse an phreasa, cé go raibh an ceart vótála teorannaithe go géar trí bhíthin cáilíocht maidir le cáin mhaoine. Cé go raibh an Bunreacht liobrálach ar go leor bealaí, tugadh pribhléid don Eaglais Chaitliceach sa Bhunreacht. Cé gur foráladh sa Bhunreacht nach mór an Eaglais a scaradh ón Stát, tugadh stádas tosaíochta don Eaglais agus bhí sí in ann a neamhspleáchas a choinneáil. Cuireadh an dréachtdoiciméad i gcrích an 7 Feabhra 1831.

Bhí Bunreacht 1831 ina shiombail náisiúnta fheiceálach de náisiúnachas Beilgeach i rith an 19ú haois. Tháinig A.V. Dicey, teoiricí dlí Briotanach, ar an gconclúid go raibh an doiciméad Beilgeach "gan dabht sách gar d'atáirgeadh i scríbhinn den bhunreacht Sasanach". Chomh maith leis sin, Bunreacht na Beilge is bun le gluaiseachtaí liobrálacha de chuid na tréimhse sin i dtíortha Eorpacha eile, lena n-áirítear an Danmhairg a ghlac bunreacht in 1849 a bhí bunaithe go soiléir ar an bhfasach Beilgeach. Scríobh an staraí J.A. Hawgood:

Cuireadh bunreacht 1831 na Beilge go gasta in ionad bhunreacht 1812 na Spáinne - seachas in iargúil na hEorpa Laidiní agus Mheiriceá Laidineach - mar eiseamláir do na liobrálaigh agus radacaigh nach raibh i bhfad amach ar an eite chlé [...] ionas gur theastaigh uathu na monarcachtaí ar fad a chur as cumhacht agus poblachtaí a chur ina n-ionad. Áit ar bith a raibh monarcacht bhunreachtúil a bhí teorannaithe go géar mar idéal - ardeiseamláir ba ea í Beilg Rí Leopold. Bunreacht a raibh "gach aon ní" ann a bhí aici - tugadh aitheantas soiléir do cheannasacht na ndaoine, bhí stádas ag an monarcacht agus ríshliocht a bhuíochas le móid a ghlacadh an bunreacht a chomhlíonadh, córas an dá sheomra, ar thogh na daoine an dá sheomra go hiomlán, neamhspleáchas na mbreithiúna, cléir a íocadh ag an stát ach a bhí neamhspleách air, agus dearbhú um chearta na saoránach a bhí bunaithe go daingean ar phrionsabail 1776 agus 1789 ach, mar sin féin, a bhí níos fearr ná iad ó thaobh roinnt gnéithe.

Dul chun cinn ina dhiaidh sin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le Bunreacht 1831, bunaíodh an Bheilg ó thús mar stát aonadach a bhí eagraithe ag trí leibhéal: an leibhéal náisiúnta, cúigí agus bardais. Le hathchóiriú stáit sa Bheilg, athleagadh amach córas polaitiúil na Beilge mar chóras feidearálach. Bhí leasuithe suntasacha ar an mbundoiciméad ag teastáil mar gheall air sin.

Scríobhadh leagan oifigiúil Bhunreacht 1831 i bhFraincis agus ní raibh sé intuigthe ach do chuid den daonra náisiúnta. Níor glacadh leagan oifigiúil in Ollainnis ach go dtí 1967. Go dtí sin, ní raibh sa téacs Ollainnise ach aistriúchán gan aon stádas dlí. Ó 1991 ar aghaidh, is ann do leagan oifigiúil Gearmáinise den Bhunreacht.

Gnéithe dlíthiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Bheilg fheidearálach, a comhdhéanamh agus a críoch[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is Stát feidearálach an Bheilg atá comhdhéanta de Chomhphobail agus de Réigiúin.

– Airteagal 1 de Bhunreacht na Beilge

Ó 1993 ar aghaidh, forláiltear le hAirteagal 1 den Bhunreacht gur stát feidearálach é an Bheilg atá comhdhéanta de Chomhphobail agus Réigiúin. Ciallaíonn sé sin gurb ann do dhá chineál eintiteas dhéabhlóidithe ag an leibhéal céanna agus nach nglacann aon cheann acu tosaíocht ar an gceann eile.

Le hAirteagal 2, roinntear an Bheilg ina trí chomhphobal: an Comhphobal Pléimeannach, Comhphobal na Fraincise agus Comhphobal na Gearmáinise, agus le hAirteagal 3, roinntear an Bheilg ina trí réigiún: Réigiún Fhlóndras, Réigiún na Vallúine agus Réigiún na Bruiséile. Le hAirteagal 4, roinntear an Bheilg ina ceithre limistéar teanga: limistéar teanga na hOllainnise, limistéar teanga na Fraincise, limistéar dátheangach na Bruiséile (Fraincis agus Ollainnis) agus limistéar teanga na Gearmáinise. Is cuid de cheann amháin de na ceithre limistéar teanga, agus ceann díobh amháin, gach bardas sa Ríocht. Ní féidir teorainneacha na limistéar teanga a athrú nó a cheartú ach le dlí arna thacú le tromlaigh shonracha de gach grúpa teanga de gach Seomra.

Le hAirteagal 5, roinntear Réigiún Fhlóndras agus Réigiún na Vallúine ina chúig chúige agus foráiltear ann go bhféadfaí críoch na Beilge a athroinnt ar an leibhéal cúigeach as seo amach. Le hAirteagal 6, cinntear nach féidir na cúigí a fhoroinnt ach leis an dlí. Ní féidir teorainneacha an Stáit, na gcúigí agus na mbardas a athrú ach leis an dlí (Airteagal 7).

Cuspóirí ginearálta beartais[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2007, cuireadh Teideal 1bis isteach i mBunreacht na Beilge dar teideal "Cuspóirí ginearálta beartais na Beilge feidearálaí, na gcomhphobal agus na réigiún". Go dtí seo, níl ann ach Airteagal amháin: Airteagal 7bis. Foráiltear an méid seo a leanas san Airteagal sin: "Agus a n-inniúlachtaí faoi seach á bhfeidhmiú acu, caithfidh an Stát feidearálach, na comhphobail agus na réigiúin gach iarracht a dhéanamh cuspóirí na forbartha inbhuanaithe a bhaint amach ó thaobh na ngnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus timpeallachta, agus an dlúthpháirtíocht idir na glúnta á cur san áireamh acu." Foilsíodh an gníomh lenar cuireadh an tAirteagal sin isteach in Iris Oifigiúil na Beilge an 26 Aibreán 2007.

Na Beilgigh agus a gcearta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na Beilgigh agus a gcearta an teideal ar Theideal II de Bhunreacht na Beilge. Sa Teideal sin, áirítear roinnt ceart agus saoirsí. Cé go gcuireann an Bunreacht síos ar chearta na mBeilgeach, i bprionsabal tá feidhm acu maidir le gach duine ar chríoch na Beilge. I dteannta na gceart a áirítear i dTeideal II den Bhunreacht, teachtann na Beilgigh na cearta a áirítear sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

Le hAirteagail 8 agus 9, cinntear conas is féidir an náisiúntacht Bheilgeach a fháil. Sonraítear in Airteagal 8 freisin gur féidir leis an dlí an ceart vótála i dtoghcháin a dheonú do shaoránaigh den Aontas Eorpach nach bhfuil an náisiúntacht Bheilgeach acu, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta agus fornáisiúnta na Beilge, agus do shaoránaigh nach saoránaigh AE iad. Sonraítear in Airteagal 9 nach féidir ach leis an gcumhacht reachtach fheidearálach eadóirseacht a dheonú. Mar sin féin, in Airteagal 74 den Bhunreacht, sonraítear gurb é Teach na nIonadaithe amháin ar féidir leis eadóirseacht a dheonú, agus ní an Seanad.

Níl ann d'idirdhealú aicmí sa Stát.
Is comhionann gach Beilgeach os comhair an dlí; is iadsan amháin
atá ceadaithe chun bheith in oifigí sibhialta agus mileata,
ach amháin sna cásanna is féidir a bhunú leis an dlí
le haghaidh cásanna speisialta.
Ráthaítear an comhionannas idir fir agus mná.

– Airteagal 10 de Bhunreacht na Beilge

In Airteagal 10, cinntear gur comhionann gach Beilgeach os comhair an dlí. In Airteagal 11, cinntear nach mór na cearta agus na saoirsí ar fad a ráthú gan idirdhealú. Le hAirteagal 12, ráthaítear saoirse an duine agus sonraítear ann nach féidir aon duine a ionchúiseamh seachas sna cásanna a chinntear leis an dlí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhunaítear leis an dlí. In Airteagal 13, cinntear go bhfuil an ceart ag gach duine dul faoi bhráid na cúirte. Le hAirteagal 14, ráthaítear go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal nulla poena sine lege (Laidinis: "pionós ar bith gan dlí"). Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 14bis, a cuireadh isteach i mBunreacht na Beilge in 2005: "Cuirtear pionós an bháis ar ceal".

In Airteagal 15 den Bhunreacht, tugtar cosaint in aghaidh cuardaigh mhíréasúnta. Cinntear ann gur áit dhosháraithe an sainchónaí agus nach féidir cuardaigh a dhéanamh ach sna cásanna agus ar an mbealach a fhorordaítear leis an dlí. In Airteagal 16, sonraítear nach féidir a mhaoin ná a maoin a bhaint d'aon duine ach amháin más chun leas an phobail é, sna cásanna agus ar an mbealach a fhorordaítear leis an dlí, agus nach mór an duine lena mbaineann cúiteamh cothrom a fháil roimh ré.

In Airteagal 17 den Bhunreacht, sonraítear nach féidir sócmhainní (ar fad) a fhorghéilleadh mar phionós. In Airteagal 18, sonraítear tuilleadh go gcuirtear pionós an bháis shibhialta ar ceal agus nach féidir é a thabhairt ar ais i bhfeidhm. Pionós sa Bheilg faoi Ancien réigme a bhí i bpionós an bháis shibhialta.

Léiríonn na ceithre dhealbh shuite ar sheastán Cholún na Comhdhála na ceithre shaoirse bhunúsacha a chumhdaítear i mBunreacht 1831 na Beilge: an tsaoirse creidimh, an tsaoirse comhlachais, an tsaoirse oideachais agus saoirse an phreasa.

In Airteagail 19 go 21, ráthaítear an tsaoirse creidimh. Le hAirteagal 19, tugtar cosaint don tsaoirse creidimh agus don cheart é a fheidhmiú go poiblí. Ráthaítear ann freisin an tsaoirse cainte trína shonrú go bhfuil ag gach duine an ceart chun a thuairim nó a tuairim a nochtadh gan srian. Mar sin féin, cinntear in Airteagal 19 gur féidir pionós a chur ar aon duine a bhaineann mí-úsáid as na saoirsí sin, prionsabal a chuirtear i bhfeidhm go conspóideach faoin dlí Beilgeach maidir le séanadh an Uileloiscthe. Leis an dlí sin, is cion é "an cinedhíothú a rinne réimeas Sóisialach Náisiúnta na Gearmáine le linn an Dara Cogadh Domhanda a shéanadh, beagní a dhéanamh de, údar a thabhairt leis nó aontú leis."

In Airteagal 22, cinntear go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus a shaol nó a saol teaghlaigh a urramú. Ní féidir eisceachtaí a bhunú ach faoin dlí. In Airteagal 22bis, sonraítear go bhfuil ag gach páiste an ceart go ndéanfar "a iomláine nó a hiomláine mhorálta, choirp, mheabhrach agus ghnéasach" a urramú.

Le hAirteagal 23, tugtar cosaint don cheart saol a bheith ag gach duine atá i gcomhréir le dínit an duine. Cuimsítear go sonrach sa cheart sin na cearta seo a leanas:

  • an ceart chun obair a dhéanamh agus fostaíocht a roghnú ar bhealach saor, faoi chreat beartas fostaíochta atá dírithe ar leibhéal cobhsaíocht ard fostaíochta a áirithiú, chun dálaí córa oibre agus luach saothair cóir a fháil, mar aon leis an gceart chun faisnéis a fháil, an ceart go rachfar i gcomhairle leis an duine agus an ceart chun cómhargántaíochta;
  • an ceart chun slándáil shóisialach, cúram sláinte agus cúnamh sóisialta, leighis agus dlí a fháil;
  • an ceart chun tithíocht mhaith a bheith ag an duine;
  • an ceart go ndéanfar timpeallacht fholláin a chosaint; agus
  • an ceart chun forbairt chultúrtha agus shóisialta.

Le hAirteagal 24, tugtar cosaint don tsaoirse oideachais agus do cheart na dtuismitheoirí rogha a dhéanamh ina leith. Sonraítear ann freisin nach mór don Chomhphobal oideachas neodrach a chur ar fáil, agus go gcuimsítear leis an neodracht sin, i measc nithe eile, an urraim do thuairimí fealsúnacha, idé-eolaíocha agus reiligiúnacha na dtuismitheoirí agus na ndaltaí. Sa tríú mír den Airteagal sin, cinntear go bhfuil ag gach duine an ceart oideachas a fháil, agus urraim á tabhairt do na cearta agus saoirsí bunúsacha, agus go mbeidh an t-oideachas sin saor in aisce ag na céimeanna éigeantacha. (Sa Bheilg, tá oideachas éigeantach go dtí 18 mbliana d'aois).

In Airteagal 25 den Bhunreacht, ráthaítear saoirse an phreasa agus sonraítear ann nach féidir cinsireacht a bhunú. Le hAirteagal 26, tugtar cosaint don tsaoirse comhthionóil trína chinneadh go bhfuil ag gach duine an ceart teacht le chéile go síochánta gan airm. In Airteagal 27, ráthaítear an tsaoirse comhlachais. Le hAirteagal 28, áirithítear an ceart chun achainí a dhéanamh chuig na húdaráis phoiblí. In Airteagal 29, cinntear nach féidir rúndacht na litreacha a shárú.

In Airteagal 30, sonraítear gurb ann do rogha shaor na teangacha a labhraítear sa Bheilg a úsáid. Sonraítear tuilleadh ann nach féidir úsáid teanga sonraí a fhorchur leis an dlí ach amháin maidir le himeachtaí agus gníomhaíochtaí na n-údarás poiblí agus maidir le himeachtaí dlí. In Airteagal 31 den Bhunreacht, cinntear nach gá údarú roimh ré a fháil chun státseirbhísigh a ionchúiseamh mar gheall ar ghníomhaíochtaí a riaracháin. In Airteagal 32, sonraítear go bhfuil ag gach duine an ceart chun aon doiciméad riarachán a cheadú agus cóip de a fháil, ach amháin mar a fhoráiltear le dlí nó le foraithne.

Ó 2003 ar aghaidh, is féidir le Cúirt Eadrána na Beilge, ar a dtugtar anois "an Chúirt Bhunreachtúil", scrúdú a dhéanamh an bhfuil dlíthe, foraitheanta nó reachtanna ag comhlíonadh Theideal II agus Airteagail 170, 172 agus 191 (maidir le comhionannas Beilgeach agus eachtrannach agus maidir leis an toirmeasc ar idirdhealú cáineach) den Bhunreacht. Agus na cearta a áirítear i dTeideal II den Bhunreacht á léirmhíniú aici, cuireann an Chúirt Bhunreachtúil an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine i bhfeidhm freisin chun léirmhínithe éagsúla ar na prionsabail chéanna a chosc.

Na cumhachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann gach cumhacht as an Náisiún.
Feidhmítear iad ar an modh a bhunaítear leis an mBunreacht.

– Airteagal 33 de Bhunreacht na Beilge

Na Cumhachtaí an teideal atá ar Theideal III de Bhunreacht na Beilge. Is é atá ann Airteagail 33 go 166 agus tá sé foroinnte ina ocht gcaibidil, a ndéantar ceithre chinn a fhoroinnt tuilleadh i roinnt ranna. Is é an teideal is mó den Bhunreacht é go héasca. Sa Teideal sin, tugtar achoimre ar chóras rialtais na Beilge, i gcomhréir le prionsabal scaradh na gcumhachtaí

In Airteagal 34 den Bhunreacht, sonraítear go sainráite gur féidir feidhmiú cumhachtaí nó freagrachtaí áirithe a leagan ar institiúidí poiblí idirnáisiúnta le conradh nó leis an dlí. Leis an méid sin, tagraítear, i measc nithe eile, do bhallraíocht na Beilge san Aontas Eorpach.

In Airteagal 36, tugtar cumhacht reachtach fheidearálach don Rí, do Theach na nIonadaithe agus don Seanad. Cé go ndeirtear ann nach mór do na trí chomhpháirt an chumhacht reachtach fheidearálach a fheidhmiú go comhpháirteach, i gcleachtas is í an Pharlaimint Fheidearálach amháin, arb é atá inti Teach na nIonadaithe agus an Seanad, a fheidhmíonn an chumhacht reachtach fheidearálach. Mar sin féin, bíonn síniú an Rí fós ag teastáil i gcás dlíthe.

Le hAirteagal 37, déantar an chumhacht reachtach fheidearálach a dhílsiú don Rí, ach i gcleachtas is é an Rialtas Feidearálach a fheidhmíonn í.

In Airteagail 38 agus 39, sainítear inniúlachtaí agus freagrachtaí na gComhphobal agus na Réigiún. Le hAirteagal 38, foráiltear go bhfuil ag gach Comhphobal na hinniúlachtaí a thugtar dó faoin mBunreacht nó faoi na dlíthe a ghlactar de bhun an Bhunreachta. Le hAirteagal 39, foráiltear gur féidir le dlí a ghlactar trí thromlach cáilithe inniúlachtaí a shannadh do na comhlachtaí réigiúnacha a bhunaítear leis.

Le hAirteagal 40, déantar an chumhacht bhreithiúnach a dhílsiú do na cúirteanna agus binsí agus foráiltear ann go ndéantar a gcuid rialuithe agus breitheanna a chur i gcrích in ainm an Rí.

An Brainse Reachtach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin: Parlaimint Fheidearálach na Beilge

Parlaimint Fheidearálach na Beilge in Áras an Náisiúin sa Bhruiséil

Le Caibidil I, a bhfuil Na Seomraí Feidearálacha mar theideal uirthi,bunaítear comhdhéanamh, modh toghcháin agus eagrú na Parlaiminte Feidearálaí agus cáilíochtaí bhaill na Parlaiminte. Tá dá sheomra ag an bParlaimint Fheidearálach: Seomra na nIonadaithe agus an Seanad. Tá sí roinnte ina trí chuid: sa chéad chuid, is ann d'fhorálacha is coiteann don dá Sheomra, cé gurb ann d'fhorálacha nach bhfuil feidhm ach ach maidir le ceann amháin den dá Sheomra sa dá chuid eile, Cuid I, a bhfuil Seomra na nIonadaithe mar theideal uirthi, agus Roinn II, a bhfuil An Seanad mar theideal uirthi.

Is iad saoránaigh Bheilgeacha ar fad nach bhfuil níos óige ná 18 mbliana d'aois agus nach dtagann faoi aon cheann de na catagóirí eisiaimh a chinntear leis an dlí a thoghann baill Sheomra na nIonadaithe agus baill dhírthofa an tSeanaid. In Airteagal 61, sonraítear tuilleadh nach bhfuil ag gach vótálaí ach vóta amháin. I bprionsabal, tarlaíonn toghchán feidearálach gach 4 bliana, ach d'fhéadfadh sé go ndéanfaí an Pharlaimint Fheidearálach a lánscor níos luaithe agus, mar sin, go gcomórfaí toghcháin luatha. Chun bheith incháilithe bheith tofa, ní mór an náisiúntacht Bheilgeach a bheith agat, lánchearta sibhialta agus polaitíochta a bheith agat, a bheith 21 bhliain ar a laghad agus a bheith i do chónaí sa Bheilg. Ní féidir coinníoll cáilitheachta eile a fhorchur.

I gCaibidil II, a bhfuil An Chumhacht Reachtach Fheidearálach mar theideal uirthi, tugtar tuairisc ar an mbrainse reachtach. In Airteagal 74, cinntear na cásanna nuair nach bhfeidhmíonn ach an Rí agus Seomra na nIonadaithe, d'eisiamh an tSeanaid, an chumhacht reachtach fheidearálach. In Airteagal 75, sonraítear go bhfuil ag gach brainse den chumhacht reachtach fheidearálacht an ceart tionscnaimh. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an ceart ag baill Sheomra na nIonadaithe nó an tSeanaid agus an Rí, le fírinne an Rialtas Feidearálach, billí a mholadh. In Airteagal 77, cinntear na hábhair a bhfuil inniúlacht chothrom ag Seomra na nIonadaithe agus an Seanad in leith. In Airteagail 78 go 83, tugtar achoimre tuilleadh ar nósanna imeachta parlaiminteacha agus an caidreamh idir an dá chuid den Pharlaimint Fheidearálach.


An Monarc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le hAirteagal 85 de Bhunreacht na Beilge, dílsítear cumhachtaí bunreachtúla an Rí i gclanna Leopold I.

Is é atá i gCaibidil III, a bhfuil An Rí agus an Rialtas Feidearálach mar theideal uirthi, Airteagail 85 go 114. Tá sí roinnte ina trí roinn. Le Roinn I, a bhfuil An Rí mar theideal uirthi, bunaítear an mhonarcacht agus modh an chomharbais agus tá forálacha inti maidir leis an leasríocht. Le Roinn II, a bhfuil An Rialtas Feidearálach mar theideal uirthi, bunaítear an Rialtas Feidearálach agus an modh ina gceaptar baill an rialtais. Le Roinn III, a bhfuil Na hInniúlachtaí mar theideal uirthi, sainítear cumhachtaí bunreachtúla an Rí, ar cumhachtaí iad a fheidhmítear, i gcleachtas, ag an Rialtas Feidearálach.

Le hAirteagal 85, foráiltear go bhfaightear cumhachtaí bunreachtúla an Rí le hoidhreacht má shíolraítear an comharba go díreach, go nádúrtha agus go dlisteanach ó Rí Leopold I, de réir ord na céad-ghinteachta. Mar sin féin, tá clásal i dTeideal IX, a bhfuil forálacha idirthréimhseacha áirithe ann, ina sonraítear go mbeidh Airteagal 85 sa bhealach ina bhfuil sé dréachtaithe faoi láthair infheidhme ar shliochtaigh Rí Albert II, rud a chiallaíonn go bhfuil clanna baineanna Rí Albert II agus monarcaí ina dhiaidh sin sa líne chomharbais agus is féidir leo teacht i gcoróin na Beilge, cé gur eisiadh clanna baineanna gach rí Bheilgigh eile roimhe sin ó theacht i gcoróin. Cuireadh an clásal idirthréimhseach sin isteach chun an tréimhse roimh an athrú ón Dlí Saileach a rialú, ar dlí é a chuir bac ar mhná agus a sliochtaigh teacht i gcoróin agus bhí sin i bhfeidhm go dtí 1991.

In Airteagal 85, foráiltear tuilleadh go mbaintear an ceart teacht i gcoróin d'aon sliocht Leopold I a phósann gan toiliú an Rí a fháil, nó gan toiliú an té a fheidhmíonn cumhachtaí an Rí a fháil sna cásanna dá bhforáiltear sa Bhunreacht. Sonraítear ann freisin gur féidir iad siúd a chailleann a gcearta teacht i gcoróin ar an dóigh sin a chur ar ais sa líne chomharbais le toiliú ón dá Sheomra den Pharlaimint Fheidearálach. Arís, cuireadh foráil idirthréimhseach isteach i dTeideal IX lena sonraítear go bhfuil toiliú den sórt sin faighte maidir le pósadh Bhanphrionsa Astrid na Beilge agus Ard-Diúc Lorenz na hOstaire-Este. Cuireadh an fhoráil sin isteach toisc nach raibh toiliú an Rí ag teastáil ag an am i leith a bpósta toisc gur phós siad in 1984 sular cuireadh mná isteach sa líne chomharbais.

Foráilter le hAirteagal 86 gur féidir leis an Rí, i gcás nach ann do shliochtaigh Rí Leopold I, comharba a ainmniú le toiliú ón dá Seomra den Pharlaimint Fheidearálach. Ní féidir an toiliú sin a thabhairt mura mbaintear amach córam de dhá thrian ar a laghad dá baill agus mura dearfach dhá thrian ar a laghad de na vótaí a caitheadh. I gcás nach féidir comharba a cheapadh ar an dóigh sin, fanann an ríchathaoir folamh. In Airteagal 95, sonraítear go dtagann na Seomraí Aontaithe le chéile, i gcás go bhfuil an ríchathaoir folamh, chun foráil a dhéanamh go sealadach maidir le leasríocht. Ina dhiaidh sin, caithfear toghchán feidearálach a eagrú agus caithfidh an Pharlaimint Fheidearálach nuathofa teacht le chéile laistigh de dhá mhí chun an folúntas a líonadh go buan.

Caithfidh na Seomraí Aontaithe foráil a dhéanamh don leasríocht in dhá chás eile, i gcomhréir le hAirteagail 92 agus 93: i gcás gur mionaoiseach an comharba nó i gcás nach bhfuil an Rí in ann bheith i réim. Sa dá chás, ní mór do na Seomraí Aontaithe forálacha a dhéanamh maidir leis an gcaomhnóireacht. In Airteagal 94, sonraítear nach féidir an leasríocht a bhronnadh ach ar dhuine amháin agus nach féidir leis an Leasrí dul in oifig ach tar éis dó nó di an mhóid bhunreachtúil chéanna a ghlacadh nach mór don Rí a ghlacadh sular féidir leis teacht i gcoróin. Sonraítear freisin in Airteagal 94 nach mór do na hairí an neamhábaltacht bheith i réim a bhunú agus nach mór dóibh, ina dhiaidh sin, Seomraí na Parlaimintí Feidearálaí a thionól.

Le hAirteagal 90, foráiltear nach mór don Pharlaimint Fheidearálach, ar bhás an mhonarc teacht le chéile gan tionól tráth nach déanaí ná deich lá tar éis don mhonarc bás a fháil. I gcás gur lánscoireadh na Seonraí agus gur foráladh le gníomh an lánscoir go dtionólfaí na Seomraí nua ag dáta níos déanaí ná an deichiú lá tar éis bhás an mhonarc, feidhmíonn na sean-Seomraí arís go dtí go dtiocfaidh na Seomraí nua le chéile. Foráiltear leis freisin go bhfeidhmíonn Comhairle na nAirí cumhachtaí bunreachtúla an Rí in ainm na mBeilgeach idir bás an mhonarc agus glacadh na móide ag comharba an mhonarc nó ag an Leasrí.

Airteagail 90 agus 93, a bhaineann leis an neamhábaltacht bheith i réim, cuireadh i bhfeidhm iad ar bhealach conspóideach in 1990 i rith Cheist an Ghinmhillte, mar a thugtar air, ceist a tharla chun cinn nuair a dhiúltaigh Rí Baudouin I, ar chúiseanna creidimh, bille a shíniú lena léirscaoiltear dlíthe na Beilge maidir leis an nginmhilleadh. Ina dhiaidh sin, dhearbhaigh Rialtas na Beilge nach raibh sé ábalta a bheith i réim an 4 Aibreán 1990 agus ansin shínigh agus d'fhógair siad an bille. An lá ina dhiaidh sin, chuir na Seomraí Aontaithe Rí Baudouin I ar ais ar an gcoróin.

I gcomhréir le hAirteagal 87 den Bhunreacht, ní féidir leis an Rí a bheith mar cheann stáit ar thír eile ag an am céanna gan toiliú dhá Sheomra na Parlaiminte Feidearálaí a fháil. Ní féidir aontas pearsanta a bheith ann ach le formheas dhá thrian de na vótaí a chaitear sa dá Seomra, agus ní mór córam dhá thrian de bhaill an tSeomra a bheith i láthair ionas go mbeadh an formheas bailí. Níor baineadh úsáid as an Airteagal sin ach uair amháin, in 1885, nuair a d'éirigh Rí Leopold II na Beilge chun bheith ina rí ar Shaorstát Chongó.

An Brainse Feidhmeannais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin: Rialtas Feidearálach na Beilge

Baineann an dara roinn de Chaibidil III le comhdhéanamh agus feidhmiú an Rialtais Fheidearálaigh. Le hAirteagal 96, foráiltear go ndéanann an Rí a airí a cheapadh agus a dhíbirt. Foráiltear leis tuilleadh nach mór don Rialtas Feidearálach tairiscint a chur faoi bhráid an Rí éirí as oifig nuair a ghlacann Seomra na nIonadaithe, trí thromlach glan a bhaill, rún mímhuiníne inchiallaithe lena gcuirtear comharba ar an bPríomh-Aire i láthair don Rí lena cheapadh nó lena ceapadh, nó ina gcuirtear comharba ar an bPríomh-Aire i láthair don Rí lena cheapadh nó lena ceapadh laistigh de thrí lá tar éis don rún mímhuiníne a bheith diúltaithe. Ansin, ceapann an Rí an comharba molta chun bheith ina Phríomh-Aire nó ina Príomh-Aire. Sa chás sin, tagann an Príomh-Aire nua i gcúram a oifige nó a hoifige tráth a ghlacann an Rialtas Feidearálach nua an mhóid.

Níl ag an Rí ach na cumhachtaí a thugtar dó go sainráite
leis an mBunreacht agus leis na dlíthe sonracha
a ghlactar de bhun an Bhunreachta féin.

– Airteagal 105 de Bhunreacht na Beilge

In Airteagail 97 go 99, is ann d'fhorálacha a bhaineann le ballraíocht an Rialtais Fheidearálaigh. In Airteagal 97, sonraítear nach féidir ach le náisiúnaigh Bheilgeacha a bheith ina n-airí agus foráiltear le hAirteagal 98 nach féidir le ball theaghlach ríoga na Beilge a bheith ina aire nó ina haire. Le hAirteagal 99, foráiltear nach féidir níos mó ná 15 mball a bheith i gComhairle na nAirí agus nach mór an líon céanna ball a bhfuil Ollainnis acu leis an líon céanna ball a bhfuil Fraincis acu a bheith ar Chomhairle na nAirí, taobh amuigh den Phríomh-Aire, b'fhéidir.

Baineann Roinn III le hinniúlachtaí agus cumhachtaí an Rí, ar inniúlachtaí agus cumhachtaí iad a fheidhmíonn an Rialtas Feidearálach dáiríre. In Airteagal 105, cinntear go sainráite nach bhfuil ag an Rí ach na chumhachtaí a thugtar go sainráite dó faoin mBunreacht agus faoi na dlíthe a ghlactar de bhun an Bhunreachta. Leis an Airteagal sin, bunaítear an prionsabal nach bhfuil ag an gcumhacht feidhmeannais fheidearálach ach na cumhachtaí agus inniúlachtaí a thugtar go sonrach di ag an gcumhacht reachtach fheidearálach.

In Airteagal 106, cinntear nach bhfuil aon fheidhm ag gníomh ar bith de chuid an Rí ach amháin má chomhshíníonn aire é agus, nuair a dhéanann an t-aire amhlaidh, glacann sé nó sí air nó uirthi féin freagracht as an ngníomh sin. Ciallaíonn sé sin nach é an Rí atá freagrach as na gníomhartha sin ach is é an t-aire. Is é sin toradh díreach ar dhosháraitheacht phearsa an Rí, a bhunaítear le hAirteagal 88, agus ar phrionsabal na freagrachtaí airí, a bhunaítear le hAirteagal 1010.

Comhphobail agus Réigiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin: Comhphobail, réigiúin agus limistéir teanga na Beilge

I gCaibidil IV, a bhfuil Na Comhphobail agus Na Réigiúin mar theideal uirthi, tá Airteagail 115 go 140. Tá sí roinnte ina dhá roinn, agus tá an dá roinn sin foroinnte ina dhá fhoroinn. Tá Na Comhlachtaí mar theideal ar Roinn I agus bunaítear léi comhlachtaí na gComhphobal agus na Réigiún agus an bealach ina bhfeidhmíonn siad. Tá sí foroinnte ina dhá fhoroinn a bhaineann leis an gComhphobal agus na Parlaimintí Réigiúnacha agus an Comhphobal agus na Rialtais Réigiúnacha, faoi seach. Tá Na hInniúlachtaí mar theideal ar Roinn II agus sainítear léi tuilleadh inniúlachtaí agus freagrachtaí na gComhphobal agus na Réigiún. Tá sí foroinnte ina trí fhoroinn a bhaineann le hinniúlachtaí na gComhphobal, inniúlachtaí na Réigiún agus forálacha speisialta maidir leis na hinniúlachtaí sin, faoi seach.

Le hAirteagal 115 de Roinn I, bunaítear Parlaimint an Chomhphobail Phléimeannaigh, ar a dtugtar an Pharlaimint Phléimeannach, Parlaimint Chomhphobal na Fraincise agus Parlaimint Chomhphobal na Gearmáinise. Foráiltear leis tuilleadh go mbeidh ag gach Réigiún parlaimint, as ar tháinig Parlaimint na Vallúine agus Parlaimint na Bruiséile. Feidhmíonn Parlaimint Fhlóndras inniúlachtaí Pharlaimint an Chomhphobail Phléimeannaigh agus Pharlaimint Réigiún Fhlóndras araon. In Airteagal 116, sonraítear go bhfuil na parlaimintí comhphobail agus réigiúnacha comhdhéanta de bhaill thofa. Ní mór baill de pharlaimint chomhphobail a bheith tofa go díreach chuig an bparlaimint chomhphobail sin nó chuig parlaimint réigiúnach, arb amhlaidh atá i gcás Pharlaimint Chomhphobal na Fraince, agus baineann an rud céanna leis na parlaimintí réigiúnacha.

Toghtar baill na bparlaimintí comhphobail agus réigiúnacha ar feadh tréimhse oifige 5 bliana agus, i gcomhréir le hAirteagal 117 den Bhunreacht, ní mór na toghcháin sin a chomóradh tráth a chomórtar na toghcháin chuig Parlaimint na hEorpa, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí speisialta. Le hAirteagal 119, foráiltear nach féidir le ball de pharlaimint chomhphobail nó réigiúnach a bheith ina bhall nó ball den Pharlaimint Fheidearálach ag an am céanna. Is é an t-aon eisceacht a ghabhann leis an riail sin ná na Seanadóirí Comhphobail a dhéanann ionadaíocht do pharlaimint a gComhphobail nó a Réigiúin sa Seanad. Le hAirteagal 120, tugtar an díolúine pharlaiminteach chéanna do na baill de pharlaimintí comhphobail agus réigiúnacha leis an díolúine atá ag baill na Parlaiminte Feidearálaí.

Le hAirteagal 121, bunaítear Rialtas Fhlóndras, Rialtas Chomhphobal na Fraincise agus Rialtas Chomhphobal na Gearmáinise agus foráiltear leis go mbeidh ag gach réigiún rialtas freisin. Is é atá i Rialtas Fhlóndras an rialtas ar an gComhphobal Pléimeannach agus ar Réigiún Fhlóndras araon. Toghtar baill gach rialtais comhphobail nó réigiúnaigh gach a bparlaimintí faoi seach.

I Roinn II, cinntear inniúlachtaí agus freagrachtaí na gComhphobal agus na Réigiún. Le hAirteagal 127 d'Fhoroinn I, foráiltear go bhfuil Parlaimint Fhlóndras agus Parlaimint Chomhphobal na Fraincise freagrach as cúrsaí cultúrtha agus as oideachas ach, mar sin féin, níl na Comhphobail, a mhéid a bhaineann leis an oideachas, freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir leis an aois ag a dtosaíonn agus ag a gcríochnaíonn oideachas éigeantach, na híoscheanglais le haghaidh céimeanna a bhronnadh agus pinsin. In Airteagal 128, sonraítear go bhfuil Parlaimint Fhlóndras agus Parlaimint Chomhphobal na Fraincise freagrach as ábhair a bhaineann leis an duine aonair. De bhreis air sin, tá Parlaimint Fhlóndras agus Parlaimint Chomhphobal na Fraincise freagrach freisin as an gcomhar idir na comhphobail agus tá an chumhacht acu conarthaí a dhéanamh i dtaca lena n-inniúlachtaí.

I gcomhréir le hAirteagal 129, tá Parlaimint Fhlóndras agus Parlaimint Chomhphobal na Fraincise freagrach freisin as reachtaíocht a bhaineann le húsáid na dteangacha i riarachán agus i seoladh gnó oifigiúil, san oideachas agus i gcaidreamh idir fostóirí agus a bpearsanra, laistigh de theorainneacha áirithe. Ní féidir leo reachtaíocht a rith maidir le húsáid na dteangacha i dtaca le cásanna ina bhfuil an fhreagracht ag an bParlaimint Fheidearálach, bardais a bhfuil cumais teanga acu , seirbhísí áirithe agus institiúidí feidearálacha agus idirnáisiúnta.

Le hAirteagal 130, bunaítear inniúlachtaí Pharlaimint Chomhphobal na Gearmáinise. Sonraítear ann go bhfuil Parlaimint Chomhphobal na Gearmáinise freagrach as cúrsaí cultúrtha, ábhair a bhaineann leis an duine aonair, oideachas, laistigh de na teorainneacha céanna leis na parlaimintí comhphobail eile, an comhar idir na comhphobail agus comhar idirnáisiúnta, lena n-áirítear an chumhacht chun conarthaí a dhéanamh i dtaca lena n-inniúlachta, agus úsáid na dteangacha san oideachas. Murab ionann is na comhphobail eile, ní bhíonn tromlach speisialta sa Pharlaimint Fheidearálach ag teastáil i leith na ndlíthe maidir le hinniúlachtaí Chomhphobal na Gearmáinise.

Na Breithiúna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúirteanna Dlí na Bruiséile

I gCaibidil V, a bhfuil An Chúirt Bhunreachtúil, coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach mar theideal uirthi, tá Airteagail 141 go 143. Tá sí roinnte ina trí roinn, agus níl ach airteagal amháin i ngach roinn: Roinn I maidir le coinhleachtaí inniúlachtaí a chosc, Roinn II maidir leis an gCúirt Bhunreachtúil agus Roinn III maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a réiteach. In Airteagal 143, cinntear nach mór don Stát feidearálach, do na Comhphobail, do na Réigiúin agus don Choimisiún Comhphobail Comhpháirteach, agus a n-inniúlachtaí faoi seach á bhfeidhmiú acu, dílseacht fheidearálach a choinneáil.

I gCaibidil VI, a bhfuil An Chumhacht Bhreithiúnach mar theideal uirthi, tugtar tuairisc ar eagrú chóras chúirteanna na Beilge. Tá Airteagail 144 go 159 inti. Le hAirteagal 147, bunaítear Cúirt Cassation. Le hAirteagal 150, bunaítear an giúiré le haghaidh gach feileonachta agus gach ciona pholaitiúil agus ciona a bhaineann leis an bpreas. In 1999, leasaíodh an tAirteagal sin chun foráil a chur isteach nach dtriailtear le giúiré "cionta a bhaineann leis an bpreas agus atá bunaithe ar chiníochas nó seineafóibe. Le hAirteagal 151, bunaítear an Ard-Chomhairle Bhreithiúnais agus an modh ina gceaptar breitheanna. Le hAirteagal 156, bunaítear cúig chúirt achomhairc: ceann sa Bhruiséil, in Ghent, in Antuairp, in Liège agus in Mons. In Airteagal 157, sonraítear gur féidir cúirteanna míleata a chruthú in aimsir chogaidh. Sonraítear ann freisin gurb ann do Chúirteanna Tráchtála, Cúirteanna Oibreachais agus Binsí Cur i bhFeidhm Pionós, mar a thugtar orthu.

I gCaibidil VII, a bhfuil An Chomhairle Stáit agus dlínsí riaracháin mar theideal uirthi, tá Airteagail 160 agus 161 agus bunaítear an Chomhairle Stáit. Foráiltear leis freisin nach féidir dlínse riaracháin a bhunú ach leis an dlí.

Rialtas áitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Institiúidí cúigeacha agus bardasacha mar theideal ar Chaibidil VIII, caibidil dheireanach Theideal III den Bhunreacht. Mar a thugann a teideal le tuiscint, tugtar tuairisc sa Chaibidil sin ar eagrú institiúidí chúigí agus bhardais na Beilge. Tá Airteagail 162 go 166 inti. Le hAirteagal 162, bunaítear na prionsabail a bhaineann le heagrú na n-institiúidí cúigeacha agus bardasacha, amhail toghadh díreach bhaill na gcomhairlí cúigeacha agus bardasacha. In Airteagal 163, sonraítear go bhfeidhmíonn institiúidí an Chomhphobail Phléimeannaigh, Chomhphobal na Fraincise, an Choimisiúin Comhphobail Chomhpháirtigh agus an Réigiúin feidhmeanna na gcomhlachtaí cúigeacha i Réigiún na Bruiséile, ar réigiún lasmuigh de na cúigí atá ann. Le hAirteagal 165, foráiltear gur féidir le dlí ceirtleáin agus cónaidhmeanna de bhardais a chruthú. Tugtar tuairisc ann freisin ar fheidhmiú na gceirtleán agus na gcónaidhmeanna sin. In Airteagal 166, tugtar tuairisc ar conas atá feidhm ag an airteagal roimh sin maidir le bardais Réigiún na Bruiséile.

Leasuithe bunreachtúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir leis an gcumhacht reachtach fheidearálach, arb é atá inti an Rí (le fírinne, an Rialtas Feidearálach) agus an Pharlaimint Fheidearálach, Bunreacht na Beilge a leasú. Tá próiseas na leasuithe rialaithe ag forálacha Theideal VIII den Bhunreacht, a bhfuil An Bunreacht a leasú mar theideal air. Chun an Bunreacht a leasú, ní mór don chumhacht reachtach fheidearálach dearbhú a dhéanamh gurb ann do chúiseanna an Bunreacht a leasú, i gcomhréir le hAirteagal 195 den Bhunreacht. Déantar sin trí bhíthin Dearbhuithe Leasú an Bhunreachta, mar a thugtar orthu, ceann amháin a ghlactar ag Seomra na nIonadaithe agus an Seanad, agus ceann amháin sínithe ag an Rí agus ag an Rialtas Feidearálach.

Tar éis an dearbhaithe sin, déantar an Pharlaimint Fheidearálach a lánscor go huathoibríoch agus ní mór toghchán feidearálach nua a chomóradh. Mar sin, ní féidir an Bunreacht a leasú mura gcomórtar toghchán. Tar éis an toghcháin, is féidir leis an bParlaimint Fheidearálach nua na hairteagail sin a dearbhaíodh go raibh siad inleasaithe a leasú. Ní féidir le haon cheann de na Seomraí leasuithe a bhreithniú ach amháin má tá dhá thrian dá bhall i láthair agus ní féidir an Bunreacht a leasú ach amháin má tá dhá thrian ar a laghad de na vótaí a chaitear ar son an leasaithe.

Is ann do thuilleadh srianta ar chumhacht na Parlaiminte Feidearálaí an Bunreacht a leasú. Le hAirteagal 196 den Bhunreacht, foráiltear nach féidir tús a chur leis an bpróiseas chun an Bunreacht a leasú, ná leanúint den phróiseas sin, in aimsir chogaidh nó i gcás nach bhfuil an Pharlaimint Fheidearálach in ann teacht le chéile go neamhshrianta sa Bheilg. Le hAirteagal 197, foráiltear freisin nach féidir na forálacha a bhaineann le cumhachtaí bunreachtúla an Rí a leasú le linn leasríochta.

Tá sé de chumhacht ag an gcumhacht reachtach fheidearálach freisin uimhreacha agus forannta airteagail an Bhunreachta, foroinn an Bhunreachta ina theidil, ina chaibidlí agus ina ranna a mhodhnú. Tá sé de chumhacht aici freisin téarmaíocht na n-airteagal nár dearbhaíodh go raibh siad inleasaithe a mhodhnú chun í a thabhairt i gcomhréir leis an téarmaíocht a úsáidtear i bhforálacha nua agus chun téacsanna Ollainnise, Fraincise agus Gearmáinise an Bhunreachta a chomhchuibhiú, i gcomhréir le hAirteagal 198. Ní féidir le haon cheann de na Seomraí díospóireacht a dhéanamh faoi mhodhnuithe den sórt sin ach amháin má tá dhá thrian ar a laghad dá bhaill i láthair agus ní féidir an Bunreacht a mhodhnú ar an mbealach sin ach amháin má tá dhá thrian ar a laghad de na vótaí a chaitear dearfach.

"Comhordú" a thugtar ar an nós imeachta chun struchtúr Bhunreacht na Beilge agus a fhorannta agus a airteagal a athrú agus a chomhdhlúthú. Níor baineadh úsáid as ach uair amháin le linn stair na Beilge, in 1993, nuair a cinneadh leagan comhdhlúite den Bhunreacht ar fad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil na Beilge. Mhol an Rialtas Feidearálach leagan comhordaithe chuig an bParlaimint Fheidearálach an 25 Meitheamh 1993, ghlac Seomra na nIonadaithe é an 20 Eanáir 1994 agus ghlac an Seanad é an 3 Feabhra 1994. Foilsíodh an téacs comhordaithe sin de Bhunreacht na Beilge in Iris Oifigiúil na Beilge an 17 Feabhra 1994.

Leasaíodh Bunreacht na Beilge 29 n-uaire ó foilsíodh an téacs comhordaithe an 17 Feabhra 1994 in Iris Oifigiúil na Beilge: uair amháin in 1996, trí huaire in 1997, ceithre huaire in 1998, faoi dhó in 1999 agus in 2000, uair amháin in 2001, faoi dhó in 2002 agus in 2004, agus trí huaire in 2005 agus in 2007, uair amháin in 2008 agus cúig uaire in 2012. Is é an t-athrú is déanaí a rinneadh ar an mBunreacht ná an t-athrú a rinneadh ar Airteagal 12 an 24 Deireadh Fómhair 2017.