Briosca
Cuma
Bunús | |
---|---|
Tír dhúchais | an Bhreatain Mhór |
Dáta cruthaithe | 1784 |
Sonraí | |
Cineál | briosca agus sneaic |
Modh ullmhúcháin | báicéireacht |
Príomh-chomhábhair | plúr cruithneachta, siúcra, uisce, bainne, salann agus púdar bácála |
Is císte beag crua é briosca a dhéantar trí thaos milis a fhuineadh go dtí go bhfuil sé briosc. Is breá le daoine iad a ithe agus iad ag ól tae nó caife nó deochanna eile. Itear mar scroid iad de ghnáth.
Is féidir iad a cheannach i mbosca, i mbeartán nó i mála. Bíonn siad ar fáil i gcruthanna éagsúla ar nós cearnóga, dronuilleoga, triantáin, ciorcail agus cruthanna eile nach iad.
Is iomaí cineál briosca atá ann. Tá cinn neamhmhilis agus cinn milis. Bíonn siúcra, seacláid, torthaí, subha, uachtar agus ábhair eile mar chomhábhair iontu nó mar mhaisiúcháin ar bhrioscaí.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin bhia é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |