Brian Hutton, Barún Hutton

Príomh Bhreitheamh Thuaisceart Éireann agus Sasana ba ea Brian Hutton, Barún Hutton, PC (29 Meitheamh 1932 – 14 Iúil 2020). Bhí Hutton ina bhreitheamh Diplock[1] agus ina Thiarna Príomh-Bhreitheamh ar Thuaisceart Éireann le linn na dTrioblóidí.
Coiméadach cruthanta ba ea é.[2][3] Tháinig Robert Carswell i gcomharbas air sa bhliain 1997

Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Céimí de chuid Choláiste Balliol, Ollscoil Oxford (1953) ba ea é, Glaodh Hutton chun Bharra Thuaisceart Éireann sa bhliain 1954 agus chun an Bharra Laistigh sa bhliain 1970.[4]
Bhí An Ridire Brian Hutton (an teideal a bhí aige ag an am) ina bhreitheamh den Ard-Chúirt ó 1979 go 1988 and ina Thiarna Príomh-Bhreitheamh ar Thuaisceart Éireann ó 1988 go 1997.
Bhain sé amach an chéim deiridh dá shaol oibre mar bhreitheamh agus é ina Thiarna Dlí idir 2004 agus 2009, leis an teideal 'Barún Hutton, as Bresagh'[5] (Baile na bPreasach) i gContae an Dúin.[4]
Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc daoine seachas lucht an dlí, is dócha gur fearr aithne air i Sasana mar gheall ar an bhfiosrúchán a rinne sé maidir le bás An Dochtúra Dhaithí Uí Cheallaigh, agus conspóid fhíochmhar ar siúl i dtaobh polasaí rialtas na Breataine maidir le airm ollscriosta (mar a bhí á mhaíomh) san Iaráic.[4]
Is dócha gur fearr aithne ar Hutton in Éirinn mar gheall ar Fhiosrúchán Widgery (1972) agus an t-ionsaí poiblí a rinne sé ar Major Hubert O'Neil sa bhliain 1973, an cróinéir[6] (dúirt Widgery go raibh na saighdiúirí neamhchiontach le linn Domhnach na Fola 1972 agus tharraing an tuarascáil go leor conspóide ar feadh na mblianta). An cróinéir ba ea Hubert O'Neil, a d'inis an fhírinne agus abhcóide an Rialtais ba ea Hutton.
Sa bhliain 1999, d'eisigh na Tiarnaí Dlí i Sasana barántas eiseachadta don deachtóir Augusto Pinochet. Ach níos déanaí, fuair Hutton agus a chomhghleacaithe i dTeach na dTiarnaí locht sa chinneadh sin.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Diplock court" (as en) (2021-01-31). Wikipedia.
- ↑ "Brian Hutton , 'fearlessly independent' former Lord Chief Justice dies aged 88" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2021-06-29.
- ↑ Dúirt Danny Morrisson, 'Although in the Belfast high court Hutton occasionally acquitted republicans and dismissed the appeals of soldiers, nationalists generally considered him a hanging judge and the guardian angel of soldiers and police officers.' Cf. Allison Morris (2020-07-16). "Death of former law lord Hutton, who topped IRA's most wanted list" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2021-06-30.
- 1 2 3 Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Tiarna Hutton". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Bresagh" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-06-29.
- ↑ The Age (Melbourne), leathanach 10 (23 Lúnas 1973). "'Sheer murder, coroner accuses troops'" (en). Newspapers.com. Dáta rochtana: 2021-06-30.