Príomh-Bhreitheamh Thuaisceart Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de càrrec políticPríomh-Bhreitheamh Thuaisceart Éireann
SealbhóirSiobhan Keegan
ó 2 Meán Fómhair 2021
DlínseTuaisceart Éireann
Stáitan Ríocht Aontaithe
Cruthú1922

Is breitheamh é Príomh-Bhreitheamh Thuaisceart Éireann atá mar uachtarán Cúirteanna Thuaisceart Éireann agus mar cheannaire breithiúna Tuaisceart Éireann.[1][2][3] Is í Siobhan Keegan an Príomh-Bhreitheamh faoi láthair.[4] Cruthaíodh an post le cruthú Thuaisceart Éireann in 1922.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Príomh-Bhreitheamh Thuaisceart Éireann uachtarán cúirteanna Thuaisceart Éireann agus ceannaire breithiúna Thuaisceart Éireann.[5]

Tá an Príomh-Bhreitheamh freagrach as tuairimí breithiúna Thuaisceart Éireann a chur in iúl don rialtas, agus as socruithe cuí a choinneáil ar bun maidir le leas, oiliúint agus treoir bhreithiúna Thuaisceart Éireann, agus as socruithe cuí a chothabháil maidir le himscaradh bhreithiúna Thuaisceart Éireann agus leithdháileadh oibre laistigh de chúirteanna.[6]

Tá an Príomh-Bhreitheamh mar uachtaráin ar an Chúirt Achomhairc, an Ard-Chúirt, Cúirt na Corónach, na cúirteanna contae agus na cúirteanna giúistís.[7] Tá an Príomh-Bhreitheamh i dteideal suí in aon cheann de na cúirteanna seo, ach suíonn sé/sí go rialta ar an gCúirt Achomhairc.[8]

Príomh-Bhreithimh Thuaisceart Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Denis Henry (1922–1925)
  • William Moore (1925–1937)
  • James Andrews (1937–1951)
  • John MacDermott (1951–1971)
  • Robert Lynd Erskine Lowry (1971–1989)
  • Brian Hutton (1989–1997)
  • Robert Carswell (1997–2004)
  • Brian Kerr (2004–2009)
  • Declan Morgan (2009–2021)
  • Siobhán Keegan (2021-)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. https://www.legislation.gov.uk/ukpga/2002/26/section/12
  2. https://www.legislation.gov.uk/ukpga/2002/26/section/2
  3. http://www.legislation.gov.uk/ukpga/2005/4/part/2/crossheading/judiciary-and-courts-in-northern-ireland Judiciary and courts in Northern Ireland
  4. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-11-18. Dáta rochtana: 2022-11-18.
  5. Justice (Northern Ireland) Act, 2002, alt 12
  6. Justice (Northern Ireland) Act, 2002, alt 12
  7. Justice (Northern Ireland) Act, 2002
  8. Justice (Northern Ireland) Act, 2002, alt 12