Borróg
Cuma
Bunús | |
---|---|
Tír dhúchais | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Sonraí | |
Cineál | císte |
Príomh-chomhábhair | im, ubh, siúcra, plúr agus oibreán éiritheach |
Is císte beag milis é borróg[1] agus cruth ciorclach uirthi de ghnáth. Bíonn sí beag go leor ionas gur féidir le duine í a choinneáil ina lámh. Fuintear i gcupán páipéir í, agus cuirtear siúcra, uachtar buailte nó maisiú eile uirthi.
Itear í léi féin nó i dteannta tae nó caife. Bíonn éileamh ar bharróga ag cóisirí páistí.
Comhábhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Déantar borróga le him, uibheacha, siúcra agus plúr, mar a dhéanfaí císte. Tá comhábhair éagsúla iontu ar nós seacláide, cnónna, úlla, rísíní is rudaí eile chun blas faoi leith a thabhairt dóibh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “cupcake — Aistriúchán Gaeilge ar cupcake (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-09-15.
Is síol faoin bhia é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |