Baruj Benacerraf
Cuma
Imdhíoneolaí a rugadh i gCaracas, Veiniséala, is a d'oibrigh sna Stáit Aontaithe ón mbliain 1940 ar aghaidh is ea Baruj Benacerraf (29 Deireadh Fómhair 1920 – 2 Lúnasa 2011).
Rinne sé taighde ar fhreagairt imdhíonach na colainne i gcoinne ábhar coimhthíoch (antaiginí) agus thaispeáin gur freagairt a bhraitheann ar ghéinitic an duine í, gur struchtúir ar leith ar dhromchlaí na gceall, dúchasach don duine sin, atá freagrach as an bhfreagairt.
Chuir an t-eolas seo go mór le laghdú ar dhiúltú orgán i máinliacht trasphlandaithe.
Roinn sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1980 le Jean Dausset is George Davis Snell.
Fuair sé bás i mBostún, Massachusetts.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Baruj Benacerraf". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 71.
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |