Jean Dausset
Appearance
Imdhíoneolaí a rugadh i dToulouse na Fraince ab ea Jean Dausset (19 Deireadh Fómhair 1916 – 6 Meitheamh 2009).
Rinne sé taighde ar fhuilaistriú agus freagairt imdhíonach dó.
Shaothraigh sé bealaí chun fuil is fíocháin eile a thíopáil, eolas a laghdaigh go mór diúltú orgán i máinliacht trasphlandaithe.[1]
Roinn sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1980 le Baruj Benacerraf is George Snell.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Jean Dausset". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 201.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |