Jump to content

Béal Feirste Theas agus an Dún Láir (toghcheantar na Ríochta Aontaithe)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBéal Feirste Theas agus an Dún Láir

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54° 31′ 27″ N, 5° 54′ 35″ O / 54.5243°N,5.90977°W / 54.5243; -5.90977
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán119,600 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síBéal Feirste Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú4 Iúil 2024
Aitheantóir tuairisciúil

Is toghcheantar i dTeach Theachtaí na Ríochta Aontaithe é Béal Feirste Theas agus an Dún Láir. Cruthaíodh sa bhliain 2023 é. Tugadh "Béal Feirste Theas" air idir 1922-2023 agus seo An toghcheantar is mó a athraíodh i dTÉ nuair a leasaíodh na teorainneacha sa bhliain 2023. Mar is léir ón teideal nua in 2023, bhí an Dún Láir curtha le Béal Feirste Theas, cuireadh bardaí as Loch Cuan agus Gleann an Lagáin leis an sean-toghcheantar agus baineadh paiste mór as lena chur i mBéal Feirste Thoir. Bhí b'fhéidir 14,000 vóta idir na haontachtaithe ar fad sa toghcheantar nua.[1]

Toghadh Claire Hanna arís gan stró san Olltoghchán 2024.[2]

Ag Olltoghchán 2019, i mí an Mheithimh 2019, bhí Claire Hanna (PDSLO) tofa don chéad uair mar MP do Béal Feirste Theas le farasbarr 15,000 vóta,[3] ag glacadh suíochán ón sealbhóir Emma Little-Pengelly ón DUP. Ba é sin ceann den dá shuíochán a chaill an DUP san toghchán sin, an péire acu i mBéal Feirste. Fuair Hanna 27,000 vóta i gcomparáid le 11,600 Emma Little-Pengelly. Bhí trí pháirtí eile san iomaíocht, Alliance, an UUP agus Aontú. Sheas Sinn Féin agus Comhaontas Glas i leataobh chun tacú le Hanna mar chuid den bhfeachtas frithBhreatimeachta agus ról an DUP ann.[1]

in 2024, ní raibh Sinn Féin san iomaíocht ach tá seisear ar fad ag seasamh; Tracy Kelly san iomaíocht don DUP, Michael Henderson don UUP agus Dan Boucher don TUV. Bhí an Teachta Tionóil Kate Nicholl san iomaíocht don Alliance agus an comhairleoir Áine Groogan don Chomhaontas Glas. Ní raibh ach 7,500 vóta ag SDLP i dtoghchán an Tionóil in 2022[1] ach áirítear go bhfuil vóta mór pearsanta ag Hanna agus toghadh í arís gan stró san Olltoghchán 2024.[2]

Feisirí de Pharlaimint

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Toghchán Feisire Táirtí Nótaí
2024 Claire Hanna PSDLO Toghcheantar nua
Olltoghchán, 2024[4]
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
PSDLO Claire Hanna 21,345 49.1 −4.2
Comhaontas Kate Nicholl 8,839 20.3 +4.9
PAD Tracy Kelly 6,859 15.8 −9.6
PAU Michael Henderson 2,653 6.1 +2.5
GTA Dan Boucher 2,218 5.1 +5.1
Comhaontas Glas (TÉ) Áine Groogan 1,577 3.6 +3.4
Tromlach 12,506 28.8 +0.9
Ballóid 43,491 58.2
Clárú vótálaithe 74,749
Toradh measta 2019[5]
Páirtí Vótaí %
PSDLO 25,409 53.3
PAD 12,087 25.4
Comhaontas 7,348 15.4
PAU 1,703 3.6
Aontú 568 1.2
Sinn Féin 247 0.5
Páirtí Coimeádach (TÉ) 167 0.4
Comhaontas Glas (TÉ) 73 0.2
Pobal seachas Brabús 67 0.1
Tromlach 13,322 27.9
Ballóid 47,669 66.2
Clárú vótálaithe 71,978

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 Póilín Ní Chiaráin (30 Meitheamh 2024). "Gavin Robinson agus an DUP faoi dhianbhrú i mBéal Feirste Thoir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-07.
  2. 2.0 2.1 "Deireadh le réimeas Paisley agus Sinn Féin ar an bpáirtí is mó as Éirinn in Westminster" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-05). Dáta rochtana: 2024-07-05.
  3. Ciarán Lenoach (2019-12-12). "Tromlach glan ag na Tóraithe - bua rábach" (as ga). 
  4. "Belfast South and Mid Down - General election results 2024" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2025-04-30.
  5. "Notional election for the constituency of Belfast South and Mid Down on 12 December 2019" (en-GB). UK Parliament. Dáta rochtana: 2025-04-30.