Bán an Aeir
Bán an Aeir | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Iaraonán críochach riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath | |||
Cathair mhór | Baile Átha Cliath | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Logainm.ie | 1372561 |
Is baile beag í Bán an Aeir[1] suite i dtaobh ó Thuaidh i gContae Bhaile Átha Cliath. Is bruachbhaile í Bán an Aeir do Chúlóg. Téann Abhainn na Cúlóige taobh leis an mbruachbhaile Bán an Aeir. Bunaíodh séipéal Naomh Pól ann sa luath - Chríostaíocht. Tá clubtheach an Chumainn Uí Thuathail lonnaithe in aice le Bán an Aeir. Tá club Bán an Aeir FC[2] lonnaithe ann in aice le clubtheach Uí Thuathail agus tá Cumann Creidmheasa taobh leis freisin.
Nádúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Abhainn na Cúlóige suite timpeall an chúinne ó Bhán an Aeir. Tá dhá pháirc ollmhór ann inar féidir le daoine spóirt á n-imirt agus is féidir leis na páistí súgradh ann freisin. Is féidir roinnt bláthanna ag tús an eastáit a fheiceáil i rith an Earraigh agus i rith an tSamhraidh chomh maith.
Ceantair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá go leor bruachbhailte in aice le Bán an Aeir.
Ard na Gréinne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Ard na Gréine suite in aice le Bán an Aeir. Is eastáit tithíochta í chomh maith. Tá Scoil Naomh Pól agus an Séipéal Naomh Pól ann freisin. Is séipéal den Eaglais Chaitliceach í.
Ráth Eanaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an ceantar Ráth Éanaigh taobh le Bán an Aeir chomh maith. Tá páirc Naomh Áine suite i bpobail Ráth Éannaigh agus imrítear a lán cluichí - iománaíocht, peil Ghaelach, sacar agus rugbaí 0 ann. Sheinn an Banna Cheoil Kodaline i bpáirc Naomh Áine I mí an Mheithimh 2019. Tá clubtheach Ráth Éanaigh an freisin.
Darndál
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Darndál ar an taobh thoir do Bhán an Aeir. Is páirt den pharóiste atá bainteach leis an gCumann Uí Thuathail í Darndál. Tá Club Shacar 'Darndál FC' lonnaithe ann.
Áiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá pictiúrlann i mBán an Aeir. 'Odeon Cúlóg'[3] is ainm dó. Taobh leis an bpictiúrlann is féidir cluichí bollaí a imirt. 'Leisureplex'[4] is ainm don áit.
Tá brú óige ann darbh ainm 'the Cool side of God' ann. Tá an grúpa lonnaithe i Séipéal Naomh Pól. Bíonn siad ag canadh amhrán don Aifreann ann agus bíonn siad ag canadh roinnt amhráin éagsúla chomh maith. Mura bhfuil na páistí ag iarradh canadh, is féidir leo roinnt cluichí eile a imirt lena chéile nó is féidir leo suí síos agus caint lena chéile.
In aice leis an Séipéal tá an cumann Uí Thuathail. Club áitiúla í do Bhán an Aeir inarbh fhéidir iománaíocht agus Peil Ghaelach agus Liathróid Láimhe a imirt. Bunaíodh an club sa bhliain 1901[5]. Nuair a bhunaíodh an club, bhíodar lonnaithe i lár na cathrach in aice leis na Cúig Lampa ach, bhogadar amach go Céide Bhlunden sna 2000dí.
Reiligiúin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Séipéal Caitliceach agus Séipéal Protastúnach ann. Tá an Séipéal Caitliceach (Séipéal Naomh Pól)[6] i mBán an Aeir agus tá an Séipéal Protastúnach (Séipéal Naomh Eoin)[7] lonnaithe ar an mbóthar lasmuigh na heastáit tithíochta Bán an Aeir ar Bhóthair Thóin le Gaoith.
Oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunscoil Shinsearach agus Sóisearach Naomh Pól[8]
[cuir in eagar | athraigh foinse]Pobalscoil Donahies[9]
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Pobalscoil Donahies lonnaithe cúig nóiméad ó Ard na Gréine agus Bán an Aeir. Bunaíodh an scoil sa bhliain 1979. Is scoil í ina bhfuil meascán de bhuachaillí agus cailíní iontu.
Coláiste Chanel[10]
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Coláiste Chanel lonnaithe i sráidbhaile Cúlóg atá in aice le Bán an Aeir. Bhí an scoil bunaithe sa bhliain 1955. Is scoil í a bhfuil ach buachaillí amháin iontu
Gaelcholáiste Reachrann[11]
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is gaelscoil í i nDomhnach Míde. B'í an ghaelscoil is cóngaraí do Bhán an Aeir. Bunaíodh an scoil sa bhliain 2002. Tá an scoil timpeall ar chúig nóiméad déag ó Bhán an Aeir.
Iompar
[cuir in eagar | athraigh foinse]27a
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir an 27A a fháil ó Chéide Blunden os comhair an Chumainn Uí Thuathail agus an Cumann Creidmheasa, agus téann an bus isteach go lár na cathrach agus stopann sé ar Shráid Thalbóid.
27X
[cuir in eagar | athraigh foinse]Téann an 27X ó Ascaill Halla an Chláir go dtí Belfield UCD. Téann an bus suas Bóthar Mhullach íde freisin ach ní stopann an bus ag an stad céanna toisc go bhfuil an bus ag iarradh fáil go dtí an stop deireanach níos tapúla ná an 27 a théann an bealach céanna.
27
[cuir in eagar | athraigh foinse]Téann an 27 ó Halla an Chláir go dtí Ráth Miontáin tríd lár na Cathrach, suas bóthar Mhullach Íde.
15
[cuir in eagar | athraigh foinse]Téann an 15 ó Chluainghrifín go dtí Bóthar BaileChullen tríd lár na cathrach. Téann an bus suas an bóthar Mhullach Íde freisin agus tá stad an bus suas an bóthar ó Bhán an Aeir.
42
[cuir in eagar | athraigh foinse]Téann an 42 ó Shráid Thalbóid go dtí an tÓstán Sands i bPort Mearnóg.
43
[cuir in eagar | athraigh foinse]Téann an 43 ó Shráid Thalbóid go dtí an Pháirc Ghnó i tSord.
Téann an 27, 27X, 15, 42, 43 go léir suas bóthar Mhullach Íde agus toisc sin is féidir na busanna sin go léir a fháil ag an stad céanna, ag timpeallán Darndál nó ag an stad atá ar Abhainn na Cúlóige in aice leis an bpictiúrlann.
Caithfidh tú an 27A a fháil ag stad difriúil ach téann sé suas bóthar Mhullach Íde ag timpeallán Ard Aidhin.
Stopann an 27A, 42, 43 ag an stop deireanach céanna ar Shráid Thalbóid.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Bán an Aeir/Ayrfield | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-24.
- ↑ "Ayrfield United F.C" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2019-12-04.
- ↑ "ODEON Coolock - Dublin Cinema - View Listings and Book Tickets Now!" (en). www.odeoncinemas.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-04. Dáta rochtana: 2019-12-04.
- ↑ "Bowling Coolock Family Fun" (en-US). Leisureplex. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-04. Dáta rochtana: 2019-12-04.
- ↑ "History | O’Tooles Gaelic Association Club | Hurling, Football, Handball since 1901" (en-US). O’Tooles GAC | Gaelic Athletic Club. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-04. Dáta rochtana: 2019-12-04.
- ↑ "St Pauls Parish Ayrfield". www.stpaulsparishayrfield.com. Dáta rochtana: 2019-12-04.
- ↑ "St John the Evangelist, Coolock". www.coolock.dublin.anglican.org. Dáta rochtana: 2019-12-04.
- ↑ "St Paul's Junior N.S." (en). St Paul's Junior N.S.. Dáta rochtana: 2019-12-04.
- ↑ Donahies Community School. "Donahies Community School" (English). Donahies Community School. Dáta rochtana: 2019-12-04.
- ↑ "Chanel College" (en). chanelcollege. Dáta rochtana: 2019-12-04.
- ↑ Gaelcholáiste Reachrann. "Gaelcholáiste Reachrann" (Irish). Gaelcholáiste Reachrann. Dáta rochtana: 2019-12-04.