Audrey Hepburn
Ba aisteoir Briotanach í Audrey Hepburn (4 Bealtaine 1929 - 20 Eanáir 1993). Rugadh in Ixelles na Beilge í, agus chaith sí a hóige sa tír úd, san Ísiltír, agus i Londain Shasana sular thug sí aghaidh ar na Stáit Aontaithe. D'fhreastail sí ar scoil chónaithe i Sasana agus saoránach Briotanach a bhí inti. Ba mhinic í gléasta in éadaigh deartha ag Hubert de Givenchy ina cuid scannán. Fuair sí bás de bharr ailse ina teach féin san Eilvéis.
Mar gheall ar phost a hathair le comhlacht árachais Sasanach, thaistil an teaghlach sách minic idir an Bheilg, an Ísiltír, agus Sasana. Ó 1935 go 1939, d’fhreastail Hepburn ar Miss Rigden's School, scoil neamhspleách do chailíní in Elham, Kent, in oirdheisceart Shasana. Chaith sí tréimhse an Dara Cogadh Domhanda san Ísiltír, mar a bhfaca sí carráistí traenach lán de Ghiúdaigh ar a mbealach go dtí na campaí géibhinn.
Saothair Aisteoireachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Teideal | Blian | Ról | Nótaí |
|---|---|---|---|
| Sunday Night Theatre | 1951 | Celia | "The Silent Village" |
| CBS Television Workshop | 1952 | Í Féin | "Rainy Day at Paradise Junction" |
| Mayerling | 1957 | Maria Vetsera | Scannán teilifíse |
| Love Among Thieves | 1987 | Baroness Caroline DuLac | Scannán teilifíse |
| Gardens of the World with Audrey Hepburn | 1993 | Í Féin | Gradaim Emmy |
| Audrey Hepburn: In Her Own Words | 1993 | Í Féin |
| Teideal | Blianta | Ról | Ionaid | Nótaí |
|---|---|---|---|---|
| High Button Shoes | 1948–49 | Chorus girl | London Hippodrome | 1948-49 - 291 performances |
| Sauce Tartare | 1949 | Cailín curfá | Cambridge Theatre | 18 Bealtaine 1949 |
| Sauce Piquante | 1950 | aisteor ainmnithe | Cambridge Theatre | 27 Aibréain 1950 |
| Gigi | 1951–52 | Gigi | Fulton Theatre | 1951-1952 Theatre World Award |
| Gigi | 1952–53 | Gigi | Éagsúl | Turas na Stáit Aontaithe 1952-1953 San Franscisco, Pittsburgh, Cleveland, Chicago, Detroit, Washington, Los Angeles |
| Ondine | 1954 | Ondine | 46th Street Theatre | 1954-1954 Gradaim Tony |
Gradaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Gradam | Bua | Ainmniúchán |
|---|---|---|
| 2 | 5 | |
| 4 | 5 | |
| 1 | 1 | |
| 3 | 10 | |
| 1 | 1 | |
| 1 | 0 | |
| 2 | 1 |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |