Aoine na Fola (Béal Feirste, 1972)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAoine na Fola
Cineálcarrbhuamáil Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana21 Iúil 1972 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBéal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna9 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe130 Cuir in eagar ar Wikidata


Maraíodh ceathrar ag an stáisiún bus, sráíd Oxford

Ar 21 Iúil 1972, phléasc na Sealadaigh 22 buama timpeall Bhéal Feirste. Maraíodh naonúr agus gortaíodh 130 eile. "Aoine na Fola" a tugadh ar an lá. Phléasc an tIRA dhá bhuama fichead i limistéar sách teoranta i lár na cathrach.[1][2]

Maraíodh triúr eile ar bhóthar Cavehill, Margaret O'Hare (37) san áireamh agus seachtar clainne uirthi
Gerry Adams, 1997

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 7 Iúil 1972, tugadh toscaireacht Shealadach, ar a raibh Seán Mac Stiofáin, Séamus Ó Tuama, Dáithí Ó Conaill, Gearóid Mac Ádhaimh agus Máirtín Mag Aonghusa, faoi rún chuig William Whitelaw i Londain. Is léir nach raibh Whitelaw sásta glacadh leis na héilimh. Shocraigh an dá thaobh go gcoinneoidís an sos cogaidh i bhfeidhm go dtí an 14 Iúil, ach thit an sos cogaidh as a chéile go gairid i ndiaidh.

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir na fórsaí armtha 'Obráid Motorman' i bhfeidhm cúpla lá níos déanaí, Ní raibh na Dílseoirí paraimíleata i gCumann Cosanta Uladh (UDA) agus in Óglaigh Uladh (UVF) mall ag tabhairt fhreagra.   

Bhí Brendan Hughes[3] i mbun an IRA i mBeal Feirste ag an am. Sa bhliain 2001/2, dúirt Brendan Hughes san agallamh a thug sé do thaighdeoirí i gColáiste Bhostúin[4] go raibh lámh ag Gerry Adams i sléacht ‘Aoine na Fola’.[5][6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "BBC Northern Ireland Bloody Friday Documentary" (as en) . 
  2. "Horror of North's worst day of bomb devastation will never be forgotten" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-07-22.
  3. "Brendan Hughes" (as en) (2021-07-06). Wikipedia. 
  4. "Boston tapes: Q&A on secret Troubles confessions" (en-GB). BBC News (2019-10-17). Dáta rochtana: 2021-07-22.
  5. Robert McMillen (2010). "Galar Guthaíochta agus Toghcháin le Briseadh Amach ó Thuaidh!" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-22.
  6. Condé Nast (2015-03-08). "Where the Bodies Are Buried" (en-US). The New Yorker. Dáta rochtana: 2021-07-22.