Aodh Buí Mac Cruitín
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1680 |
Bás | 1755 74/75 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Seacaibíteachas |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
File, teagascóir agus saighdiúir ab ea Aodh Buí Mac Cruitín (c.1680–1755).[1] Bhí Mac Cruitín ar dhuine de na filí ba bhisiúla ó Chontae an Chláir a scríobh i rith an 18ú céad, cé gur chaith sé tréimhsí i mBaile Átha Cliath agus ar mhór-roinn na hEorpa.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]I gCill Mhic Creiche in aice le Lios Ceannúir, in iarthar an Chláir, a rugadh é. Ba de shliocht teaghlach fileata as Thuamhain Mac Cruitín. Conchubhar Óg ab ainm dá athair. Bhí a mhuintir ina n-ollúna le seanchas ag na Brianaigh, príomhtheaghlach an Chláir, leis na cianta. D’fhoghlaim sé Béarla agus Gaeilge óna athair agus bhí ar scoil ag a fhear gaoil, Aindrias Mac Cruitín, agus bhí in ann Laidin a léamh. Dhealródh an scéal gur chaith sé tamall i gCiarraí agus é ina ógfhear. Phós Aodh agus bhí beirt iníonacha aige.
D’aistrigh sé go Baile Átha Cliath tuairim 1713 agus chaith deich mbliana ann. Bhí sé ina bhall den ghrúpa arbh iad an triúr ba thábhachtaí díobh Tadhg Ó Neachtain, Risteárd Tuibear, agus Aodh féin; is dóigh gurbh é an scoláire ba mhó orthu é; ‘an crann os coill’ an cur síos air i ndán Thaidhg (‘Sloinfead scothadh na Gaoidheilge grinn’)
Chum Aodh Buí idir dhánta siollacha do phátrúin, amhráin pholaitiúla do phobal níos leithne, agus dornán aistí ar théamaí pearsanta I measc baill eile dá theaghlach bhí an ceoltóir, Gilla Duibin Mac Cruitín (d’éag 1405), agus na filí Aindrias Mac Cruitín (c.1650-c.1738) agus Séamus Mac Cruitín (1815-1870).
Dánta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- A Cholainn Chorra
- Marbhna Thiarna an Chláir
- Daoithe an Éithigh
- Do Mheathadar Gaeil
- Cuir Srian led Ghrá
- Beannaigh an Bárc
- Tabhair Foscadh Dom
- Fada do Léan a Leabharáin
- An Cuireat
- A Bhanba is Feasach Dom do Scéala
- Ar Chlann Tomáis
- Dá nDearbhadh Bean
- Barántas Aodha Bhuí
- Glaisbhirt Chúipid
- Do Thadhg Mac Conmara
- Aodh Bhuí i bhFlóndras
- Tréigid bhur dTromshuan
- Aisling na dTrí Ré
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Piaras Feiritéar
- Dáibhí Ó Bruadair
- Cathal Buí Mac Giolla Ghunna
- Aogán Ó Rathaille
- Séamas Dall Mac Cuarta
- Art Mac Cumhaigh
- Seán Clarant Mac Dónaill
- Eoghan Rua Ó Súilleabháin
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Aodh Buí Mac Cruitín, curtha in eagar ag Vincent Morley, Field Day Publications, 2012, x + 133 lgh.
- Éire agus Cúis na Seacaibíteach, 1685-1766: Ceangal Marfach, lch. 137, 151, 152, 154, 162, 163, 250, 260, 261, Éamonn Ó Ciardha, Four Courts Press, 2001, 2004.
- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “MAC CRUITÍN, Aodh Buí (c.1680–1755) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- http://dib.cambridge.org/ Dictionary of Irish Biography
- http://www.clarelibrary.ie/eolas/coclare/literature/bardic/aodh_mac_cruitin.htm
- http://www.clarelibrary.ie/eolas/coclare/literature/ar_phosadh.htm
- https://books.google.com/books?id=vDsAaXKLGvYC&pg=PA331
- http://www.ricorso.net/rx/az-data/authors/Mac/M-Cruitin_AB/life.htm