Andóra
Andóra | |||||
---|---|---|---|---|---|
Andorra (ca) | |||||
|
|||||
Aintiún | El Gran Carlemany | ||||
Mana | «Virtus Unita Fortior» «El País dels Pirineus» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Andorra la Vella | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 85,101 (2023) | ||||
• Dlús | 181.84 hab./km² | ||||
Déamainm | Andórach | ||||
Teanga oifigiúil | an Chatalóinis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Països Catalans Deisceart na hEorpa | ||||
Achar dromchla | 468 km² | ||||
• Uisce | 0 % | ||||
Pointe is airde | Coma Pedrosa (en) (2,942 m) | ||||
Pointe is ísle | Gran Valira (en) (840 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1278 | ||||
Saoire phoiblí | Lá Caille (1 Eanáir) Constitution Day (en) (14 Márta) Meritxell Day (en) (8 Meán Fómhair) An Nollaig (25 Nollaig) | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | comhphrionsacht pharlaiminteach | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Comhairle Feidhmiúcháin Andóra | ||||
Comhlacht reachtach | Ard-Chomhairle Andóra | ||||
• Comh-Phrionsa na Fraince | Joan Enric Vives Sicília (2003–) | ||||
• Príomh-Aire Andóra | Xavier Espot Zamora (2019–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 3,325,145,407 $ (2021) | ||||
Airgeadra | Euro | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ad | ||||
Glaochód | +376 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 110, 116 agus 118 | ||||
Cód tíre | AD | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | govern.ad |
Is prionsacht bheag thalamhiata í Prionsacht Andóra (Catalóinis: Principat d'Andorra, Fraincis: Principauté d'Andorre) atá suite in iardheisceart na hEorpa, in oirthear na bPiréiní idir an Fhrainc agus an Spáinn. Andorra la Vella an phríomhchathair(daonra: 70,787 i 2001).
Glactar leis gurbh é Séarlas Mór a bhunaigh Andóra. Bhí an phrionsacht á rialú ag cúnta Urgell go dtí an bhliain 988, nuair a aistríodh an t-údarás chuig easpag Caitliceach Urgell. An córas dhá phrionsa atá i bhfeidhm in Andóra inniu, tá sé bunaithe ar an gcairt ón mbliain 1278. De réir na cairte seo, is iad easpag Urgell sa Spáinn agus Uachtarán Phoblacht na Fraince atá i gceannas ar Andóra. Ar dtús ba é Cúnta Foix ón bhFrainc a bhí ag rialú na tíre in éineacht leis an easpag, ach chuaigh an t-údarás seo ó chúnta Foix go rí na Fraince nuair a shealbhaigh Annraoi a Ceathair an ríchathaoir, ó bhí sé ina chúnta ar Foix roimhe sin. Le teacht Mhuirthéacht na Fraince agus na Poblachta fuair Uachtarán na Fraince céimíocht seo an chomhphrionsa in Andóra.
Is í an Chatalóinis teanga oifigiúil na tíre, ach ós rud é gurb iad an Spáinn agus an Fhrainc a sholáthraíonn an scolaíocht, tá ceann den dá theanga seo ag cách in Andóra.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tír thalamhiata is ea Andóra. Is í Valira an phriomhabhainn. Tá Andóra deighilte ina seacht bparóiste.
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faigheann Andóra thart ar 80% den olltáirgeacht intíre ón turasóireacht - tugann thart ar 9,000,000 duine cuairt ar Andóra in aghaidh na bliana. Is tearmann cánach í agus tá seirbhísí baincéireachta tábhachtach freisin le hioncam a thabhairt do mhuintir na tíre. Ní ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh é. Níl aon táille cánach ar earraí déantúsaíochta ach gearrtar cáin ar earraí talmhaíochta.
Daonra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í an Chatalóinis teanga oifigiúil Andóra agus teanga dhúchais na nAndórach. Is iad an Fhrainc agus an Spáinn a sholáthraíonn an t-oideachas sa tír de réir a gcuraclaim féin, agus mar sin, bíonn Fraincis agus Spáinnis á labhairt go sármhaith ag na hAndóraigh. Thairis sin tharla an-inimirce ón bPortaingéil sna seachtóidí agus sna hochtóidí, rud a chiallaíonn go bhfuil Portaingéilis ó dhúchas ag trí déag faoin gcéad acu siúd a bhfuil cónaí orthu in Andóra inniu.
Glactar leis go bhfuil cónaí ar thuairim is 77,000 duine in Andóra. Níl saoránacht na tíre ach ag duine as an triúr. Iad siúd nach saoránaigh iad níl cead vótála acu sna toghcháin áitiúla, agus ní féidir Príomh-Aire a ghairm de dhuine acu. Thairis sin ní cheadaítear dóibh níos mó ná tríocha faoin gcéad de sciaranna aon ghnólachta phríobháidigh a bheith ag duine acu.
Teangacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Máthairtheanga | ||
---|---|---|
Catalóinis | 38.8% | |
Spáinnis | 35.4% | |
Portaingéilis | 15% | |
Fraincís | 5.4% | |
Teanga eile | 5.5% | |
Foinse: Observatori de l'Institut d'Estudis Andorrans Curtha i gcartlann 2013-08-22 ar an Wayback Machine |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Observatori de l'Institut d'Estudis Andorrans