Anatoly Sobchak

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAnatoly Sobchak

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Lúnasa 1937
Chita, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Feabhra 2000
62 bliana d'aois
Svetlogorsk, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaNikolskoe Cemetery of Alexander Nevsky Lavra (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gobharnóir Saint Petersburg
12 Meitheamh 1991 – 5 Meitheamh 1996 – Vladimir Anatolyevich Yakovlev →
Ball de Chomhairle Cónaidhm na Rúise
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCeartchreidmheach an Oirthir
Scoil a d'fhreastail sé/síFaculty of Law, Saint Petersburg State University (en) Aistrigh
Ollscoil Stáit Chathair Pheadair Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDoctor of Juridical Science (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Rúisis
Gníomhaíocht
Réimse oibreDlí-eolaíocht agus polaitíocht
Gairmsaineolaí dlí, polaiteoir, státaire Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Stáit Chathair Pheadair Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh
Russian Democratic Reform Movement (en) Aistrigh
Our Home – Russia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Rúisis
Ghlac sé/sí páirt i
27 Feabhra 1997Rush Hour (show, Russia) (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileLyudmila Narusova (1980–2000) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteKseniya Sobchak Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinsobchak.org Cuir in eagar ar Wikidata
Find a Grave: 14201607 Cuir in eagar ar Wikidata

Scoláire dlí agus polaiteoir de chuid na Rúise ab ea Anatoly Aleksandrovich Sobchak (10 Lúnasa 193719 Feabhra 2000).

Múinteoir ceannasach carasmatach ab ea é; bhí sé mar mheantóir do Vladimir Putin (a bhí ina chomhghleacaí sóisearach leis in Ollscoil Stáit Leningrad) agus do Dmitry Medvedev (duine dá iar-mhic léinn).

Méara ar Chathair Pheadair ab ea Sobchak ó 1991 go dtí 1996, agus Vladimir Putin ag obair dó. Ach fuair Sobchak anbhás faoi chúinsí amhrasacha sa bhliain 2000.

Anatoly Sobchak sna 1900idí

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sobchak ar dheis, 1994

Céimí de chuid Ollscoil Stáit Leningrad (Ollscoil Stáit St Petersburg faoi láthair) ab ea Sobchak.[1] D'oibrigh sé ansin mar dhlíodóir ar feadh trí bliana sular fhill sé ar an ollscoil chun staidéar a dhéanamh ar a chéad dhochtúireacht dlí, a fuair sé sa bhliain 1965.

Tar éis dó a bheith ag múineadh in institiúidí eile ar feadh ocht mbliana, d'fhill sé ar Ollscoil Stáit Leningrad, áit a raibh sé ina ollamh comhlach (1973-81), ina ollamh (1982-90) agus ina cheannasaí ar roinn an dlí eacnamaíoch (1985-90).

Torramh Sobchakː Vladimir Putin, bean Sobchakːagus a iníon Ksenia, 24 Feabhra 2000

Sa bhliain 1989 a toghadh mar bhall neamhspleách de Chomhdháil Theachtaí an Phobail den Aontas Sóivéadach é agus chuaigh sé i gcomhghuaillíocht le Boris Yeltsin agus Andrei Sakharov. Toghadh do Chomhairle Cathrach Leningrad i mí Aibreáin 1990 é agus rinneadh cathaoirleach na comhairle de an mhí dár gcionn. I mí an Mheithimh 1991, ba é an chéad mhéara a toghadh go díreach sa chathair. Athainmníodh an chathair mar St Petersburg ag an am céanna trí reifreann (le tacaíocht láidir ó Sobchak).

Dmitry Medvedev, bean Lyudmila Narusova agus iníon Ksenia Sobchak, 2010

Bhí Sobchak ina chathaoirleach ar an gcoiste a dhréachtaigh bunreacht reatha Chónaidhm na Rúise, lenar glacadh sa bhliain 1993.

Chaill Sobchak toghchán an mhéara sa bhliain 1996 le méid beag agus cúisíodh in éilliú é an bhliain dár gcionn, rud ar ar bhreathnaigh sé agus a lucht tacaíochta mar iarracht an seans a bhí aige Uachtaránacht Chónaidhm na Rúise a bhaint amach a chur ó chrích.

Chaith Sobchak na blianta 1997-1999 ar deoraíocht i bPáras. Ach thosaigh feabhas ag teacht ar chúrsaí leis, ó thaobh a shaoil phearsanta pholaitiúil nuair a thosaigh Vladimir Putin ag teannadh isteach le ceannas polaitiúil na Rúise.

Ksenia nó Xenia Sobchak sa bhliain 2017

D'fhill sé an Rúis roinnt seachtainí sula ndearnadh Príomh-Aire na tíre de Putin, i ndiaidh do na cúisimh ina choinne a bheith tarraingthe siar.

Le linn na míonna a bhí fágtha dá shaol, thug Sobchak tacaíocht ríthábhachtach d'fheachtas Putin a bheith tofa ina Uachtarán ar an Rúis sa bhliain 2000.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Sobchak anbhás agus in aois 62 bliain dó. Thit na gardaí cosanta tinn ag an am céanna. Dúradh go bhfuair Sobchak bás de bharr taom croí agus go raibh fadhb fhadtéarmach aige leis. Ach creideadh go forleathan abhus ag an am gur d’aon ghnó a nimhíodh

Fiosraíodh ráflaí gur dhúnmharaigh a chéilí comhraic polaitíochta é. Níor thángthas ar aon chinneadh críochnaitheach riamh.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí iníon Sobchak, Ksenia Sobchak, ina iarrthóir ag toghchán uachtaránachta na Rúise 2018.

Cé gur chuir sí í féin chun tosaigh mar chéile comhraic ag Putin, ceistíodh go forleathan an raibh a hiarrthóireacht ina fíordhúshlán roimh an Uachtarán, mar gheall ar a dhlúthchaidreamh polaitiúil pearsanta a bhí aige lena hathair.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Anatoly Sobchak" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-02-18.
  2. "The day Putin cried" (en-GB). BBC News (2018-03-05). Dáta rochtana: 2021-02-18.