An Téibh (an Ghréig)
An Téibh | ||||
---|---|---|---|---|
Θήβα (el) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ghréig | |||
Riarachán díláraithe na Gréige | Decentralized Administration of Thessaly and Central Greece (en) | |||
Réigiún riaracháin de chuid na Gréige | Réigiún Lár na Gréige | |||
Prefecture of Greece (en) | An Bhéóitia | |||
Municipality of Greece (en) | Thiva Municipality (en) | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 21,545 (2021) | |||
• Dlús | 25.96 hab./km² | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 830 km² | |||
Airde | 215 m-180 m | |||
Sonraí stairiúla | ||||
Leanann sé/sí | An Téibh | |||
Cruthú | 2 mílaois | |||
Eachtra thábhachtach | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Cód poist | 32200 | |||
Glaochód | 2262 | |||
Eile | ||||
Suíomh gréasáin | thiva.gr |
Is cathair sa Bhéóitia, Lár na Gréige, í An Téibh (Gréigis: Θήβα, [ˈθiva]; Sean-Ghréigis: Θῆβαι, [tʰɛ̂ːbai̯]). Bhí ról tábhachtach aici i miotaseolaíocht na Gréige, mar shuíomh na scéalta faoi Chadmas, Éideapús, Dinísias, Earcail, agus cinn eile nach iad. Nocht tochailtí seandálaíochta sa Téibh agus sa gceantar máguaird lonnaíocht Mhícéineach agus táibléid chré scríofa sa script Líneach B, rud a léiríonn tábhacht an tsuímh sa Chré-umhaois.
Ba í an Téibh an chathair is mó i réigiún ársa na Béóitia agus bhí sí ina cheannaire ar an gcónaidhm Bhéóitiach. Bhí sí in iomaíocht leis an Aithin ársa, agus thacaigh sí leis na Peirsigh le linn an ionraidh a rinne Xeirxéas I sa bhliain 480 RC. Chuir fórsaí Téibeacha faoi cheannas Epaminondas deireadh le forlámhas na Spartach ag Cath Leuctra sa bhliain 371 RC. Tháinig an Mhacadóin i gcumhacht ag Cath Chaeronea sa bhliain 338 RC, rud a thug bua cinnte do Philib II ar chomhghuaillíocht idir an Téibh agus an Aithin. Bhí an Téibh ina fhórsa mór i stair na Gréige sular scrios Alastar Mór í sa bhliain 335 RC, agus ba í an stát cathrach ba chumhachtaí ag deireadh na 4ú haoise RC nuair a chloígh an Mhacadóin an Ghréig. Le linn na tréimhse Biosántaí, bhí clú agus cáil ar an gcathair as a cuid éadaí síoda.
Tá músaem seandálaíochta sa chathair nua-aimseartha, chomh maith le fothrach an Cadmea (daingean ón Chré-umhaois), agus iarsmaí ársa scaipthe. Is í an Téibh an baile is mó in aonad réigiúnach na Béóitia.