Jump to content

An Hásais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Hásais
Hausa agus هَوْسَ
Cineálteanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais43,900,000 (2019)
Dúchasach doan Nígir, an Nigéir agus an Afraic Thiar
StáitBeinin, Buircíne Fasó, Gána, Camarún, an Nígir, an Nigéir, Tóga agus Sead
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Afra-Áiseacha
Chadic (en) Aistrigh
West Chadic (en) Aistrigh
West Chadic A (en) Aistrigh
Hausa–Gwandara (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach agus aibítir Arabach
Cóid
ISO 639-1ha
ISO 639-2hau
ISO 639-3hau
Glottologhaus1257
Ethnologuehau
ASCL9222
IETFha

Teanga Sheadach í an Hásais a labhraítear san Afraic Thiar. Sa bhliain 1991 bhí breis is seacht milliún is fiche ag labhairt na teanga, ach tá teacht ar fiche milliún duine, a bheag nó a mhór, a d'fhoghlaim mar dhara teanga í agus a bhaineann úsáid an fhrancbhéarla aisti. Teanga thonúil í an Hásais don chuid is mó, ach i dtuaisceart an réigiúin ina labhraítear í chuaigh an tonúlacht in éag faoi thionchar na dteangacha Beirbeireacha.

Tá dhá inscne ghramadúla ag na hainmfhocail Hásaise, agus cuirtear an uimhir iolra in iúl le hiarmhíreanna ina n-eamhnaítear consan deiridh an tamhain: teebùr "bord, tábla", teeburoorii "boird, táblaí"; ƙoofàà "doras", ƙoofoofii "doirse". Tabhair faoi deara an dóigh a n-eamhnaítear an -r sa chéad fhocal agus an -f- sa dara focal acu. Maidir leis an mbriathar, tá a lán foirmeacha aige, ach ní chuirtear iar- ná réimíreanna leis an mbriathar féin, ach bíonn mír scoite ag teacht roimhe leis an bhfoirm a chur in iúl: yanàà tàfiyaa "tá sé ag siúl", yakàn tàfi "siúlann sé, bíonn sé ag siúl", yà tàfi "caithfidh sé siúl". Tabhair faoi deara an fhoirm eisceachtúil tàfiyaa: is ainmfhocal briathartha é, cosúil le "siúl" na Gaeilge. Sna foirmeacha eile áfach úsáidtear tàfi, arb é an fhoirm orduitheach é, cosúil le "siúil!" na Gaeilge.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]