Teangacha Beirbeireacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is iad na teangacha Beirbeireacha teangacha bundúchasacha an tSahára, agus iad á labhairt ag dhá scór milliún duine sna tíortha timpeall an tSahára. Teangacha Afráiseacha iad, is é sin tá gaol acu leis na teangacha Seimíteacha agus na teangacha Cúiseacha, ach san am chéanna tá siad an-difriúil leis na teangacha Afráiseacha eile. Maidir leis na teangacha Beirbeireacha féin tá dlúthghaol acu le chéile, agus is iomaí teangeolaí a deir nach bhfuil ach canúintí aon teanga amháin iontu. Is iad na príomhtheangacha Beirbeireacha ná Tacelhit, Taqbaylit, Tamazight, Tmazight, Tacawit agus Tamahaq. Na Beirbeirigh a bhfuil oideachas orthu tá siad ag forbairt comh-theanga scríofa do na canúintí go léir, agus is éard a thugann siad ar an teanga chaighdeánach seo ná Tamazight.

Is í an ghné is feiceálaí de ghramadach na dteangacha Beirbeireacha ná an dá t a chuirtear timpeall an ainmfhocail más focal baininscneach é. Samplaí de seo iad ainmneacha na dteangacha, mar a fheicimid ar ainmneacha na dteangacha Beirbeireacha féin. Tirlandit an t-ainm Beirbeireach ar an nGaeilge.