An Guth
bhliantúil filíochta is ea An Guth agus baint aici le hOileán Sgítheanach. Bunaíodh í sa bhliain 2003, agus foilsíonn sí filíocht chomhaimseartha i nGaeilge, i nGàidhlig agus i Manannais, in éineacht le haistriúcháin ó theangacha eile.
Sa dá eagrán tosaigh bhí dánta le Meg Bateman, Ciaran Carson, Michael Davitt, Louis de Paor, Rita Ann Higgins, Gearóid MacLochlainn, Aonghas MacNeacail, Nuala Ní Dhomhnaill, Paul Muldoon, Gabriel Rosenstock, Iain Crichton Smith agus Derick Thomson. Aistrítear dánta ó Ghréigis, ó Rúisis, ó Sheicis, ó Fhraincis, ó Spáinnis agus ó theangacha eile.
Is é Roddy Gorman, file a scríobhann i nGaeilge agus i nGàidhlig, an t-eagarthóir. Cuirtear an iris amach i gcomhar le Coiscéim, comhlacht foilsitheoireachta de chuid na hÉireann.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |