An Crisis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de sèrie de televisióAn Crisis
Séanradráma grinn suímh agus glámh politiúil
CumadóirRay Harman (en) Aistrigh
Aisteoirí
TírÉire
Bunteangaan Ghaeilge
Teangaan Ghaeilge agus Béarla
Bealach teilifíseTG4
An chéad eipeasóid7 Aibreán 2010
An eipeasóid dheireanach20 Feabhra 2013
Líon séasúr2
Líon eipeasóidí12
Tuilleadh eolais
IMDB: tt1447536 Cuir in eagar ar Wikidata

Sraith ghrinn Gaeilge atá á chraoladh ar TG4 ó 2011 ar aghaidh é An Crisis. Craoladh an dara séasúr faoin ainm Crisis Eile.

Tá an chéad sraith faoi ACT (An Chomhairle Teanga). Tá an dara sraith faoi Maeve Kelly Clarke.

Carachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Carachtair Aisteoir Sraith Notáí
Setanta de Paor Risteárd Cooper 1
Emer Norma Sheahan 1–2
Muiris Donncha Crolwey 1–2
Aoife Michelle Beamish 1–2
Ciarán Conor MacNeill 1–2
Caoimhe Kate Nic Chonaonaigh 1–2
Deidre Caitríona Ní Mhurchú 1
Muiris Don Wycherly 1
Máirtín/Máirtína Jacko/Ringo 1 Is pearóid é/í.
Maeve Kelly Clarke Bláthnaid Ní Chofaigh 2
Peter Jamie O'Neill 2
Ana Helen Norton 2
Wilbur Bush Moukarzel 2

Eipeasóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sraith Eipeasóidí Céad chraoladh Craoladh deireanach
1 6 2011 2011
2 6 2012 2012

Sraith 1: An Crisis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uimhir # Eipeasóid Dáta craolta Lucht féachana
1 1 Eipeasóid 1 2011
Tá géarchéim i ndán don Ghaeilge agus níl post aon duine slán. Ní fada buan a bheidh ACT, An Chomhairle Teanga.
2 2 Eipeasóid 2 2011
Tá géarchéim i ndán don Ghaeilge agus níl post aon duine slán. Bíonn An Chomhairle Teanga agus Bord Albainis Uladh in árach a chéile rud a chuireann conradh síochána Setanta i mbaol.
3 3 Eipeasóid 3 2011
"Is í do theangsa í. Úsáid í. Is mise Diarmuid Darcy". An fhadhb atá le réiteach ag an bhfear mór le rá, Setanta De Paor, ná go bhfuil Diarmuid Darcy, aghaidh cháiliúil ACT, ag baint úsáid níos mó ná Gaeilge!
4 4 Eipeasóid 4 2011
Tagann polasaí airgid na Comhairle Teanga faoi scrúdú mar gheall ar amhránaí sean-nóis.
5 5 Eipeasóid 5 2011
Ní théann rudaí mar is ceart do Setanta nuair a roghnaítear Aoife, an rúnaí agus bean a chaith seal ag damhsa le Riverdance, chun agallamh a chur ar scríbhneoir conspóideach as Éirinn.
6 6 Eipeasóid 6 2011
Cáintear ACT i dtuarascáil Rialtais agus tá baol ann go gcuirfear deireadh leis an eagraíocht agus go gcaillfidh Setanta agus a chomhghleacaithe a bpost nó níos measa fós go mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar an Bhruiséil.

Sraith 2: Crisis Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uimhir # Eipeasóid Dáta craolta Lucht féachana
7 1 Eipeasóid 1 2012
Tugann an tIar-Aire Iompair, Maeve Kelly Clarke, aghaidh ar an mBruiséil is í anois ina Coimisinéir san Eoraip. Tá sí ar bís dul chun cinn a dhéanamh i saol na polaitíochta san Eoraip.
8 2 Eipeasóid 2 2012
Tagann cuairteoirí as Éirinn go dtí an Bhruiséil rud a chuireann as go mór don Choimisinéir Maeve Kelly Clark. Ní maith léi ar chor ar bith go bhfuil an tAire Caoimhe Ní Chuinn tagtha go dtí an Bheilg.
9 3 Eipeasóid 3 2012
Tá dinnéar eagraithe ag an gCoimisinéir Maeve Kelly Clarke d?Uachtarán an AE, Van De Veld. Tá an Coimisinéir ag iarraidh a chur ina luí ar an Uachtarán gur tír bhreá ábalta í Éire.
10 4 Eipeasóid 4 2012
Tá criú déanta scannán faisnéise ag taifeadadh sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Ilteangacha (agus Gníomhaíocht Timpeallachta).
11 5 Eipeasóid 5 2012
Tá meáin na hÉireann ag tuairisciú go bhfuil an polaiteoir, Maeve Kelly Clarke, réidh sa Bhruiséil. Le bean mhaith a dhéanamh di féin, socraíonn Maeve an Comórtas Eoraifíse a thabhairt ar ais chuig Waterloo.
12 6 Eipeasóid 6 2012
Tá duine de na Príomhchoimisinéirí san Eoraip go dona tinn. Tá Maeve sásta a ualach oibre a ghlacadh uirthi féin. D fhéadfadh sé go mbeadh ardú céime i ndán di féin agus do Chiarán dá bharr.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]